Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Mandairínis

Fáilte chuig an tsonraíocht nua don Sonraíocht na Mandairínise

Is é is aidhm le Mandairínis na hArdteistiméireachta cumas foghlaimeoirí a fhorbairt chun an sprioctheanga a úsáid chun críocha cumarsáideacha, an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint a chothú do luach teangacha chun críocha pearsanta, oideachasúla, gairme agus fóillíochta ar feadh an tsaoil, agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga.

Is é is aidhm leis inniúlacht ilteangach agus ilchultúrtha an fhoghlaimeora a fhorbairt trí fheasacht teanga, trí straitéisí foghlama teanga a spreagadh, tuiscint a chothú ar an gcaoi a n-oibríonn teanga, an sprioctheanga go háirithe. Aithnítear an chaoi ar féidir le naisc idir teangacha cabhrú sa phróiseas foghlama teanga.

Cé nach n-úsáidtear an tImleabhar a Ghabhann le FTCE go ginearálta i ndáil leis an
Mandairínis, ar mhaithe le trédhearcacht agus comhsheasmhacht leis an leibhéal ab initio, tá na haidhmeanna agus torthaí oideachasúla in FTCE mar bhuntaca leis an sonraíocht seo. Tá na hionchais don fhoghlaimeoir sa tsonraíocht seo ailínithe go leathan le leibhéil Pre-A1/A1 de FTCE.

Cuirfear measúnú ar fáil ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal araon.

Má theastaíonn uait an tsonraíocht a fheiceáil nó a íoslódáil mar PDF, cliceáil ar an íomhá thíos.