Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Eacnamaíocht Bhaile

Scoláirí a roghnaíonn Eacnamaíocht Bhaile, sealbhaíonn siad an t-eolas, an tuiscint, na scileanna agus na dearcthaí is gá chun a saol féin a bhainistiú, chun dul i mbun breisoideachais agus ardoideachais, agus chun dul ar aghaidh chuig saol na hoibre. De thoradh na n-eispéireas foghlama san eacnamaíocht bhaile tagann scoláirí chun bheith solúbtha agus inoiriúnaithe, ullmhaítear iad do shochaí atá dírithe ar an tomhaltóir, agus foghlaimíonn siad na rudaí bunúsacha do ghairm i mbia, teicstílí, san eolaíocht, i ndearadh, i staidéar sóisialta agus sa turasóireacht. Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.