Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Léann Eabhrach

Cuireann Léann Eabhrach na hArdteistiméireachta ar chumas daltaí tuiscint dhomhain a fháil ar stair, reiligiún agus sibhialtacht na nGiúdach. Tógann an cúrsa ar chúrsa na sraithe sóisearaí agus díríonn sé ar shlí níos doimhne ar mhórthéamaí i dtaca le hinstitiúidí, smaointe agus róil reiligiúnacha faoi mar a cuireadh in iúl iad agus inar forbraíodh iad le linn stair na nIosraelíteach.

Ar dhá leibhéal a dhéantar Léann Eabhrach a mheasúnú – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal – le scrúdú scríofa.