Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An Tíreolaíocht

Tá an comhairliúchán ar an Cáipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú ar Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta oscailte anois

A computer coloured heatmap image of a city

Cabhróidh Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta le scoláirí tuiscint a fháil ar an ngaol athraitheach idir an domhan fisiceach agus domhan an duine. Trí staidéar a dhéanamh ar an tíreolaíocht, sealbhóidh scoláirí na scileanna tíreolaíocha a chabhróidh leo breithiúnas eolach a dhéanamh ar cheisteanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Féadfar Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta a dhéanamh ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal. Trí chuid atá sa chúrsa – croí-aonaid, aonaid toghthacha agus aonaid roghnacha. Measúnaítear an tíreolaíocht ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal. Bíonn ar scoláirí tuarascáil a scríobh ar imscrúdú tíreolaíoch agus scrúdú scríofa a dhéánamh.