Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An Ghaeilge

Tógann Gaeilge na hArdteistiméireachta ar an bhforbairt teanga a tharlaíonn sa tsraith shóisearach. Dírítear ar na ceithre scil teanga le go n-ullmhófar an foghlaimeoir le páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol dátheangach ina mairimid in Éirinn, agus spreagtar é/í lena t(h)uairimí a fhorbairt agus a roinnt. Ullmhaítear an foghlaimeoir freisin le go mbeidh ar a c(h)umas tabhairt faoin mbreisoideachas sa Ghaeilge, nó trí mheán na Gaeilge.

Déantar an Ghaeilge a mheasúnú ag trí leibhéal .i. Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Tá béaltriail, ar fiú 40% den fhormharc í, ina cuid éigeantach den mheasúnú seo. Déantar trí scil cainte eile gach foghlaimeora a mheasúnú freisin .i. an éisteacht, an léitheoireacht agus an scríobh. Caitear staidéar a dhéanamh ar ghnéithe de théacsanna liteartha na Gaeilge ag an nGnáthleibhéal agus déantar staidéar níos géire ar na saothair chéanna seo, agus ar shaothair bhreise, ag an Ardleibhéal.

Treoirlínte mar Thaca le Múineadh an Chúrsa Leasaithe Litríochta (Dréacht)