Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Innealtóireacht

Tá an comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú ar Innealtóireacht na hArdteistiméireachta oscailte anois

A robot arm being controlled by a person using a touch device

Is éard atá i gceist le hInnealtóireacht na hArdteistiméireachta ná an staidéar ar réimse leathan d’ábhair, próisis agus feidhmeanna teicneolaíochta a bhaineann leis an innealtóireacht mheicniúil agus iad comhtháite le sealbhú na scileanna agus na dteicnící láimhsithe a theastaíonn le haghaidh seiftiúlacht phraiticiúil, cruthaitheacht agus réadú deartha i gcur i gcrích na hoibre don scoláire sa tsraith shinsearach den oideachas iar-bhunscolaíochta. Forbraíonn an scoláire na scileanna agus an tionscnaíocht i bpleanáil, forbairt agus cur i gcrích na dtionscadal teicneolaíochta ar bhealach sábháilte. Tá dhá phríomhréimse staidéir ann: próisis saotharlainne, agus ábhair agus teicneolaíocht.

Déantar an Innealtóireacht a mheasúnú ar dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, trí bhíthin scrúdú scríofa, tionscadal agus scrúdú praiticiúil.