Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An Eacnamaíocht

Is é an aidhm atá ag Eacnamaíocht na hArdteistiméireachta fiosracht agus spéis an scoláire a mhúscailt sa timpeallacht eacnamaíochta agus sa chaoi a mbíonn sé ag idirghníomhú léi. Forbraíonn sí sraith scileanna, eolais agus luachanna a chuireann ar chumas an scoláire tuiscint a fháil ar na fórsaí eacnamaíochta a imríonn tionchar ar a shaol laethúil, ar a shochaí agus ar a gheilleagar ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus domhanda. Bíonn sé níos eolasaí mar chinnteoir dá bharr.

Déantar Eacnamaíocht a mheasúnú ar dhá leibhéal – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, in dhá chomhpháirt mheasúnachta  staidéar taighde agus páipéar scrúdaithe.

Léirítear an gaol idir cur i bhfeidhm scileanna agus ábhar teoiriciúil na sonraíochta sa dá chomhpháirt mheasúnaithe.

Beidh an staidéar taighde bunaithe ar threoir a eiseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) gach bliain.