Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Difreáil

Déantar an tsonraíocht do Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta a roinnt ina codanna difriúla chun freastal ar an scoláire a bhfuil cumais agus leibhéil ghnóthachtála éagsúla aige.

Difreáil trí thorthaí foghlama na sonraíochta

Gnáthleibhéal Ardleibhéal

Na torthaí foghlama a chuirtear i láthair sa ghnáthchló amháin.

Téann an scoláire i ngleic le raon leathan eolais, atá nithiúil den chuid is mó, ach ina bhfuil gnéithe teibíochta nó gnéithe teoirice freisin. Beifear ag súil go léireoidh sé agus go n-úsáidfidh sé raon measartha scileanna agus uirlisí praiticiúla agus cognaíocha agus go ndéanfaidh sé straitéisí iniúchta simplí a phleanáil agus a fhorbairt. Beifear ag súil go roghnóidh sé as measc raon gnásanna agus go gcuirfidh sé réitigh atá ar eolas aige i bhfeidhm ar fhadhbanna éagsúla i gcomhthéacsanna a bhfuil cleachtadh aige orthu agus cinn nach bhfuil. Déanfaidh sé déantáin ríomhaireachtúla áisiúla a dhearadh agus a tháirgeadh.

Gach toradh foghlama lena n-áirítear iad sin i gcló trom.

Téann an scoláire i ngleic le raon leathan eolais, lena n-áirítear coincheapa teoiriciúla agus smaointeoireacht theibí, le doimhneacht shuntasach i roinnt réimsí. Beifear ag súil go léireoidh sé an dúrud scileanna agus uirlisí speisialaithe agus go mbainfidh sé leas astu chun faisnéis a mheas agus a úsáid, chun straitéisí iniúchta a phleanáil agus a fhorbairt, agus chun réitigh a chinneadh ar fhadhbanna éagsúla nach bhfuil cleachtadh aige orthu. Beifear ag súil go sainaithneoidh sé scileanna agus eolas agus go gcuirfidh sé i bhfeidhm iad i raon leathan comhthéacsanna, idir chinn a bhfuil cleachtadh aige orthu agus chinn nach bhfuil. Déanfaidh sé déantáin ríomhaireachtúla áisiúla a dhearadh agus a tháirgeadh.

Difreáil sa teagasc agus san fhoghlaim

Teastaíonn tacaíocht de mhéid agus de chineál difriúil ó na scoláirí ionas go n-éireoidh leo. Beidh an scoláire in ann idirghníomhú ar a chumas féin trí úsáid a bhaint as straitéisí i dtaobh foghlaim dhifreáilte, mar shampla leibhéal na scileanna a theastaíonn a athrú, méid agus cineál idirghabháil an mhúinteora a athrú, agus luas agus ord na foghlama a athrú.

Difreáil sa mheasúnú

Beidh an measúnú ar Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta bunaithe ar na torthaí foghlama sa tsonraíocht. Déanfar an scrúdú ríomhaire-bhunaithe ag deireadh an chúrsa a mheas ar dhá leibhéal – Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal. Ag an Ardleibhéal, déanfar measúnú ar na torthaí foghlama go léir lena n-áirítear iad sin a chuirtear i láthair sa chló trom. Ag an nGnáthleibhéal, ní dhéanfar ach na torthaí foghlama sin a chuirtear i láthair i ngnáthchló a mheasúnú. Éileoidh na ceisteanna scrúdaithe go léireoidh na hiarrthóirí eolas, tuiscint, cur i bhfeidhm, anailís agus measúnú atá cuí do gach leibhéal. Beidh difreáil le sonrú sa mheasúnú freisin trí dhoimhneacht agus castacht na gceisteanna agus na dtascanna, tríd an ábhar spreagtha a úsáidtear, agus trí mhéid na tacaíochta struchtúrtha a thugtar d’iarrthóirí na scrúduithe ar leibhéil dhifriúla.

An t-am a thugtar

Tá 180 uair an chloig d’am ranga leagtha síos i gcomhair na ríomheolaíochta. Cuirfear gach toradh foghlama i gcrích ach na trí shnáithe go léir a snoí le chéile, agus trí chothromaíocht d’fhoghlaim theoiriciúil, foghlaim fheidhmeach (trí na ceithre thasc foghlama feidhmí agus na tascanna a shocróidh an múinteoir araon), foghlaim trí mheán fadhbanna agus bainistíocht tionscadal

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.