Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Teagasc agus foghlaim

Spreagtar scoláire na sraithe sinsearaí an t-eolas, na scileanna, na meonta, agus na luachanna a fhorbairt a chuirfidh ar a chumas a bheith níos neamhspleáiche ina chuid foghlama agus a bheith tiomanta d’fhorbairt a chuid foghlama ar feadh a shaoil. Tacaíonn Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta le húsáid a bhaint as an iomad cineálacha cur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama. De réir mar a théann an cúrsa ar aghaidh, forbróidh an scoláire straitéisí foghlama is féidir a úsáid i dtascanna agus in ábhair éagsúla, rud a ligfidh dó ceangal a dhéanamh idir an ríomheolaíocht, ábhair eile, agus eispéiris an ghnáthshaoil. Trí bheith ag gabháil d'fhoghlaim agus do mhachnamh féintreoraithe, déanfaidh an scoláire pleanáil, monatóireacht, agus meastóireacht ar a chuid foghlama féin agus forbróidh sé meon dearfach maidir lena chumas féin rud a fhoghlaim. Trína bheith páirteach in obair ghrúpa, forbróidh an scoláire scileanna san argóint réasúnaithe: éisteacht le scoláirí eile, eolas faoina bhfuil ar siúl aige a chomhroinnt leo, agus machnamh a dhéanamh ar a chuid oibre féin agus ar obair scoláirí eile. Forbróidh sé scileanna cumarsáide trí chomhoibriú chun tuarascálacha a chur le chéile agus iad a chur i láthair a chomhghleacaithe. Cuirfidh na tascanna i snáithe 3 ar chumas an scoláire ról gníomhach a ghlacadh ina chuid foghlama féin trí spriocanna a leagan síos, pleananna gníomhaíochta a fhorbairt, agus aiseolas measúnaithe a fháil agus a fhreagairt.

Tascanna foghlama feidhmí

Caithfear an fhoghlaim sa ríomheolaíocht a chur i bhfeidhm, a mhéid is féidir, i dtaobh réiteach fadhbanna agus cleachtaí deartha. Leis na tascanna foghlama feidhmí ó shnáithe 3 a dhéanann an scoláire go comhoibritheach i rith dhá bhliain an chúrsa, tugtar deiseanna suntasacha don scoláire oibriú laistigh de chleachtais agus de phrionsabail na ríomheolaíochta agus na príomhchoincheapa a chur i bhfeidhm i gcásanna a bhaineann leis an saol mar atá. Beidh seiftiúlacht an scoláire ríthábhachtach ionas go n-éireoidh go geal leis sna tascanna. Beifear ag súil go bhfoghlaimeoidh an scoláire coincheapa agus scileanna nua de réir éilimh na dtascanna roghnaithe. Ba cheart go mbeadh na déantáin ríomhaireachtúla a dhearfaidh an scoláire ábhartha dó féin nó dá chomhscoláirí, dá phobal nó don tsochaí trí chéile. I measc na samplaí de dhéantáin ríomhaireachtúla tá ríomhchláir, ionsamhlúcháin, léirshamhlaithe, cluichí, beochana digiteacha, córais róbataice, agus feidhmchláir. I rith dhá bhliain na ríomheolaíochta déanfaidh an scoláire na rudaí seo a leanas:

  1. Cruthóidh sé déantán nó suíomh gréasáin atá in ann faisnéis ó bhunachar sonraí a thaispeáint.
  2. Cruthóidh sé déantán idirdhisciplíneach ag úsáid cineál éigin anailísíochta.
  3. Forbróidh sé ríomhchóras a dhéanann ionsamhlú nó samhaltú ar fhadhb atá deacair a réiteach ar bhonn anailíseach.
  4. Cuirfidh sé córas leabaithe i bhfeidhm a úsáideann braiteoirí agus a rialaíonn ionchuir agus aschuir dhigiteacha.

I ngach ceann de na tascanna, oibreoidh na scoláirí le chéile chun foghlaim a chur i bhfeidhm ó shnáithe 1 agus snáithe 2, mar aon le foghlaim charnach ó na tascanna, ionas go mbeidh an deis acu gach ceann de na torthaí foghlama a bhaint amach a mhéid is féidir leo.

Tá na torthaí foghlama ó gach snáithe fite fuaite ina chéile agus chun na tascanna foghlama feidhmí ó shnáithe 3 a chur i gcrích déanfaidh an scoláire na rudaí seo a leanas:

  • tabharfaidh sé faoi fhadhbanna ar bhealach córasach agus úsáidfidh sé teibiú chun tascanna a shainaithint agus straitéisí cuí a roghnú chun réitigh a sholáthar
  • cruthóidh sé léirithe nó samhlacha amhairc, agus socróidh sé ar cé na huirlisí a úsáidfidh sé agus cé na halgartaim a úsáidfidh sé, a chuirfidh sé in oiriúint nó a chruthóidh sé de réir mar a bhainfidh sé leas as teicnící cuí chun a réiteach a fhorbairt
  • forbróidh sé ríomhchórais de réir mar a úsáidfidh sé scileanna ríomhchlárúchán, anailíse agus deartha mar aon le heolas ar chrua-earraí chun feidhmchláir líonra/Idirlín/néalbhunaithe a chruthú
  • déanfaidh sé measúnú agus tástáil ar a chuid réitigh chun earráidí a aimsiú agus a bhaint as a ríomhchláir agus a chuid réitigh a bhunú ar chomhtháthú, anailísiú agus measúnú a bheith déanta ar fhaisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil agus ar shonraí.

De réir mar a dhéanfaidh sé dul chun cinn trí na cleachtaí praiticiúla agus na tascanna foghlama feidhmí, foghlaimeoidh an scoláire ón méid ar éirigh go geal leis ina chuid oibre agus óna bhotúin féin. Tógfaidh sé an fhoghlaim sin go dtí an chéad tasc eile chun fadhbanna nua a réiteach go héifeachtach i gcásanna difriúla.

Déanfaidh an múinteoir measúnú agus tabharfaidh sé aiseolas ar fhoghlaim an scoláire mar chuid den teagasc agus foghlaim leanúnach sa seomra ranga. Ní dhéanfaidh CSS measúnú ar na tascanna i snáithe 3. Déanfar measúnú ar an bhfoghlaim trí chleachtaí praiticiúla agus na tascanna foghlama feidhmí leis an measúnú tionscadail ar obair an chúrsa agus tríd an scrúdú ag deireadh an chúrsa. Iarrfar ar an múinteoir agus ar an scoláire a dheimhniú go bhfuil tascanna foghlama feidhmí shnáithe 3 curtha i gcrích aige.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.