Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Struchtúr Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta

Tá trí shnáithe i sonraíocht na Ríomheolaíochta: Cleachtais agus prionsabail, Príomhchoincheapa agus Ríomheolaíocht i gcleachtas. Tá na trí shnáithe go léir fite fuaite ina chéile agus ba chóir staidéar a dhéanamh orthu ag an am céanna ag céimeanna difriúla den chúrsa, seachas staidéar a dhéanamh orthu céim ar chéim. Na scileanna agus an t-eolas a fhoghlaimítear i snáithe 1 agus snáithe 2, cuirtear i bhfeidhm iad ar thascanna foghlama comhoibritheacha a bhfuil cuntas orthu i snáithe 3. Ar an mbealach sin, tugann na tascanna foghlama feidhmí comhthéacs praiticiúil breise. Ba cheart go dtiocfadh méadú ar fheidhmiú an scoláire i dtascanna foghlama shnáithe 3 ó thaobh castachta agus críochnúlachta de, rud a fhorbróidh agus a dhaingneoidh na scileanna agus an t-eolas a foghlaimíodh i snáithe 1 agus snáithe 2.

Struchtúr Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta

strands

Is ionann cleachtais agus prionsabail uileghabhálacha na ríomheolaíochta agus na hiompraíochtaí agus na bealaí smaointeoireachta a bhíonn in úsáid ag ríomheolaithe. Tá an snáithe seo mar bhonn is mar thaca ag an tsonraíocht agus é mar chuid bhunúsach de na gníomhaíochtaí foghlama go léir. Ach eolas agus taithí a chur ar na cleachtais agus prionsabail atá mar bhonn agus mar thaca ag an dea-chleachtas, forbraíonn an scoláire an cumas atá aige é féin agus a chuid foghlama a bhainistiú i ngach gné den ábhar.

Léiríonn príomhchoincheapa na ríomheolaíochta na mór-réimsí i réimse na ríomheolaíochta: teibíocht, sonraí, ríomhchórais, algartaim agus meastóireacht/tástáil. Téann an scoláire i ngleic leis na príomhchoincheapa ar bhonn teoiriciúil agus praiticiúil sa snáithe seo. De réir mar a fhorbraíonn a chuid scileanna agus a chuid eolais, tugann sé faoi na tascanna foghlama feidhmí a bhfuil cuntas orthu i snáithe 3. Déantar foghlaim choincheapúil agus phraiticiúil sa seomra ranga a chónascadh le foghlaim thurgnamhach ríomhaire-bhunaithe ar feadh dhá bhliain an chúrsa.

Cuireann an ríomheolaíocht i gcleachtas go leor deiseanna ar fáil don scoláire na cleachtais agus na prionsabail agus na príomhchoincheapa a chur i bhfeidhm. Oibríonn na scoláirí i bhfoirne chun ceithre thasc foghlama a chur i gcrích fad is a mhaireann an cúrsa, lena gcruthaítear déantán ríomhaireachtúil fíor nó fíorúil faoi gach tasc[1]. Ba cheart go mbeadh baint ag na déantáin sin le saol agus le spéiseanna an scoláire. Nuair is féidir, ba cheart go rachadh na déantáin chun tairbhe an phobail agus na sochaí tríd is tríd. I measc na samplaí de dhéantáin ríomhaireachtúla tá ríomhchláir, cluichí, leathanaigh ghréasáin, ionsamhlúcháin, léirshamhlaithe, beochana digiteacha, córais róbataice, agus feidhmchláir.

Leis na ceithre thasc foghlama feidhmí, déantar iniúchadh ar na ceithre chomhthéacs seo a leanas: Córais faisnéise idirghníomhacha, Anailísíocht, Samhaltú agus ionsamhlúchán, agus Córais leabaithe. Leis na tascanna, tugtar deiseanna don scoláire a thuiscint theoiriciúil agus ghnásúil a fhorbairt de réir mar a théann sé i ngleic le cleachtais, prionsabail agus príomhchoincheapa na ríomheolaíochta i bhfeidhmchláir atá seasta ag éirí níos sofaisticiúla.

Proiseas deartha

[1] Is ionann déantán ríomhaireachtúil agus aon rud a chruthaíonn duine ag úsáid ríomhaire.

Is déantán ríomhaireachtúil a bhíonn san aschur ó gach tasc, mar aon le tuarascáil ghairid aonair ina dtugtar cuntas ar a fhorbairt. Sa tuarascáil, tugann an scoláire breac-chuntas ar an áit agus ar an gcaoi ar úsáideadh na príomhchoincheapa. Ba cheart go léireoidh struchtúr na dtuarascálacha an próiseas deartha a thaispeántar thuas i bhFíor 3. D’fhéadfadh na chéad tuarascálacha a bheith i bhfoirm cur i láthair struchtúrtha don rang ar fad. De réir mar a dhéanfaidh an scoláire dul chun cinn, ba cheart go mbeadh tuarascálacha mionsonraithe agus sainiúil don duine féin. Bailítear tuarascálacha i bpunann dhigiteach mar aon leis an déantán ríomhaireachtúil agus ní mór don mhúinteoir agus don scoláire a dheimhniú go bhfuil siad curtha i gcrích. Beidh an obair chúrsa a ndéanfar measúnú seachtrach (ar leithligh) air bunaithe ar na torthaí foghlama go léir, agus beidh torthaí shnáithe 3 ábhartha go háirithe.

Struchtúr Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta

Snaithe

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.