Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Snáitheanna agus torthaí foghlama

 

Aguisín A: Gluais na mbriathra gnímh a úsáideadh

Aguisín B: Gluais na bpríomhchoincheapa

 

Déanann cleachtais agus prionsabail na ríomheolaíochta cur síos ar na hiompraíochtaí agus na bealaí smaointeoireachta a bhíonn in úsáid ag an scoláire atá inniúil ar ríomhairí chun dul i ngleic go hiomlán le saol idirnasctha atá lán le sonraí. Is próiseas réitithe fadhbanna é an smaointeoireacht ríomhaireachtúil, atá i gcroílár cleachtas ríomheolaíochta agus baineann sé le réitigh a dhearadh a bhaineann tairbhe as an gcumhacht atá ag ríomhairí. Téitear i ngleic leis na cleachtais agus na prionsabail i gcur chuige atá bunaithe ar chomhthéacsanna sóisialta, gairmiúla, agus eolaíochta. Trí staidéar a dhéanamh ar ról na ríomhairí sa tsochaí feabhsófar meon an scoláire i leith na ríomheolaíochta agus is fiúntaí agus is ábhartha a bheidh sí dá bharr. Agus é ag foghlaim faoi dhearadh agus faoi fhorbairt, aithneoidh an scoláire an dúshlán cruthaitheach a bhaineann le déantáin a chruthú agus le bainistíocht tionscadal.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
8 An próiseas deartha
  1. 1.19

    gnéithe a bhaineann le próisis deartha agus forbartha, bídís céimneach nó atriallach, a shainaithint

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
9 Ag obair i bhfoireann, róil agus freagrachtaí a shannadh
  1. 1.20

    comhoibriú a dhéanamh agus róil agus freagrachtaí a shannadh laistigh d’fhoireann chun dul i ngleic le tasc ríomhaireachta

  2. 1.21

    peirspictíochtaí malartacha a shainaithint, ag cur disciplíní difriúla, páirtithe leasmhara agus úsáideoirí deiridh san áireamh

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
10 Cumarsáid agus tuairisciú
  1. 1.22

    ríomhchláir a léamh, a scríobh, a thástáil agus a mhodhnú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
11 Forbairt agus bainistiú bogearraí
  1. 1.23

    machnamh agus cumarsáid a dhéanamh maidir leis an bpróiseas deartha agus forbartha

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Smaointeoireacht ríomhaireachtúil
  1. 1.1

    cur síos a dhéanamh ar phróiseas córasach chun fadhbanna a réiteach agus cinntí a dhéanamh

  2. 1.2

    míniú a thabhairt ar an gcumhacht atá ag an ríomhaireacht maidir le réitigh dhifriúla a thabhairt ar fhadhbanna deacra

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Réiteach fadhbanna
  1. 1.3

    fadhbanna a réiteach trína mbriseadh síos go córasach ina n-aonaid níos lú, ar bhealach atriallach

  2. 1.4

    fadhbanna a réiteach ag úsáid scileanna loighce

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Smaointeoireacht loighciúil
  1. 1.5

    réitigh mhalartacha ar fhadhbanna ríomhaireachtúla a mheas

  2. 1.6

    míniú a thabhairt ar an gcaoi a n-oibríonn algartaim éagsúla

  3. 1.7

    algartaim a fhorbairt chun réitigh roghnaithe a chur i bhfeidhm

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Smaointeoireacht algartamach
  1. 1.8

    na costais agus na tairbhí a bhaineann le húsáid theicneolaíocht na ríomhaireachta i bpróisis uathoibrithe a mheas

  2. 1.9

    samhaltú agus ionsamhlúchán a úsáid i gcásanna ábhartha

  3. 1.10

    a phlé cathain ba chóir agus a d’fhéadfaí cur chuige heorastúil a úsáid agus míniú a thabhairt ar na teorainneacha a bhaineann le cur chuige heorastúil a úsáid

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Comaoineacha sóisialta agus eiticiúla maidir le teicneolaíochtaí ríomhaireachta
  1. 1.11

    plé a dhéanamh ar an ngaol casta idir teicneolaíochtaí ríomhaireachta agus an tsochaí lena n-áirítear cúrsaí eitice

  2. 1.12

    tionchar dearfach agus diúltach na ríomhaireachta ar chultúr agus ar an tsochaí a chur i gcomparáid lena chéile

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6 Meaisíní Turing: An tIdirlíon Meaisínfhoghlaim Intleacht shaorga

An tIdirlíon

Meaisínfhoghlaim

Intleacht shaorga

  1. 1.13

    forbairtí tábhachtacha ríomhaireachta a tharla le 100 bliain anuas a shainaithint agus smaoineamh ar threochtaí atá ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar theicneolaíochtaí ríomhaireachta sa todhchaí

  2. 1.14

    míniú a thabhairt ar cathain a d'fhéadfaí meaisínfhoghlaim agus algartaim intleachta saorga a úsáid i gcomhthéacsanna áirithe agus cé na cinn a d'fhéadfaí a úsáid

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
7 Dearadh atá dírithe ar an úsáideoir
  1. 1.15

    caighdeán an eispéiris úsáide a mheas nuair a bhítear ag idirghníomhú le ríomhairí agus na prionsabail maidir le dearadh uilíoch a liostáil, lena n-áirítear an ról atá ag comhéadan úsáideora agus na cúinsí a chuireann lena inúsáidteacht

  2. 1.16

    dhá chomhéadan úsáideora difriúla a chur i gcomparáid lena chéile agus sainaithint a dhéanamh ar chinntí difriúla deartha a théann i bhfeidhm ar an eispéireas úsáide

  3. 1.17

    cur síos a dhéanamh ar an ról is féidir le teicneolaíocht oiriúnaitheach a imirt i saol duine a bhfuil riachtanais speisialta aige

  4. 1.18

    na róil agus na gairmeacha beatha éagsúla a úsáideann teicneolaíochtaí ríomhaireachtúla a aithint

Cuirtear cúig phríomhchoincheap i láthair sa snáithe seo lena léirítear mór-réimsí ábhair sa ríomheolaíocht: Teibíocht, Algartaim, Ríomhchórais, Sonraí, agus Measúnú agus tástáil. Forbraítear na príomhchoincheapa ar bhonn teoiriciúil agus cuirtear i bhfeidhm ar bhonn praiticiúil iad. Ar an mbealach sin, tá an fhoghlaim choincheapúil sa seomra ranga fite fuaite le foghlaim thurgnamhach ar ríomhaire sa tsaotharlann ar feadh dhá bhliain an chúrsa.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Teibíocht/Teibiú
  1. 2.1

    teibiú a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar chórais agus chun míniú a thabhairt ar an ngaol idir iomláin agus codanna

  2. 2.2

    úsáid a bhaint as raon modhanna chun patrúin a shainaithint agus gnéithe comónta a theibiú

  3. 2.3

    dearadh modúlach a chur i bhfeidhm chun modúil crua-earraí nó bogearraí a fhorbairt a chuireann feidhm shonrach i gcrích

  4. 2.4

    samplaí de shamhlacha teibí a léiriú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Coincheapa an ríomhchlárúcháin
  1. 2.5

    súdachód a úsáid chun léargas a thabhairt ar fheidhmiúlacht algartaim

  2. 2.6

    algartaim a chur le chéile ag úsáid seichimh chuí, roghnúcháin/coinníollacha, lúba agus oibreoirí chun raon fadhbanna a réiteach, ar mhaithe le riachtanas ar leith a chomhlíonadh

  3. 2.7

    algartaim a chur i bhfeidhm ag úsáid teanga ríomhchlárúcháin chun raon fadhbanna a réiteach

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Sórtáil: Sórtáil shimplí, Sórtáil ionsáite, Sórtáil bholgánach, Mearshórtáil Cuardach: Cuardach líneach, Cuardach dénártha
  1. 2.8

    algartaim bhunúsacha i gcomhair cuardaigh agus sórtála a chur i bhfeidhm agus cur síos a dhéanamh ar na míbhuntáistí agus na buntáistí a bhaineann le gach algartam

  2. 2.9

    algartaim reatha a bhailiú nó cinn nua a chruthú a úsáideann feidhmeanna (lena n-áirítear cinn athchúrsacha), nósanna imeachta, agus modúil

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Castacht algartaim
  1. 2.10

    míniú a thabhairt ar na bealaí coitianta chun éifeachtúlacht algartaim a thomhas, agus aon algartaim a ndearnadh staidéar orthu á n-úsáid.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 CPU: ALU, Taibhle, Áiritheoir ríomhchlár, Cuimhne
  1. 2.11

    cur síos a dhéanamh ar na comhpháirteanna difriúla i ríomhaire agus feidhm na gcomhpháirteanna sin

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6 Leictreonaic bhunúsach: voltas, sruth, friotóirí, toilleoirí, trasraitheoirí
  1. 2.12

    cur síos a dhéanamh ar na cineálacha difriúla geataí loighce agus míniú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir iad a roinnt ina n-aonaid níos mó chun tascanna níos casta a chur i gcrích

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
7 Sraitheanna den chóras oibriúcháin: Crua-earraí, Córas Oibriúcháin, Feidhmchlár, Úsáideoir
  1. 2.13

    cur síos a dhéanamh ar an mbunús a bhaineann leis an gcóras uimhreacha dénártha a úsáid sa ríomhaireacht dhigiteach agus conas tiontú idir an córas dénártha, an córas heicsidheachúil agus an córas deachúil

  2. 2.14

    cur síos a dhéanamh ar an difríocht idir ionchur digiteach agus ionchur analógach

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
8 Bonneagar gréasáin – Prótacail Líonraí Ríomhairí: HTTP, TCP, IP, VOIP
  1. 2.15

    míniú a thabhairt ar an mbrí atá leis an nGréasán Domhanda (WWW) agus leis an Idirlíon, lena n-áirítear an tsamhail freastalaithe cliant, comhpháirteanna crua-earraí agus prótacail chumarsáide

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
9  Sonraí Boole, slánuimhreacha, réaduimhreacha, carachtair,   sreanga, dátaí, eagair
  1. 2.16

    cineálacha sonraí a úsáid atá comónta do theangacha gnásúla ardleibhéil

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
10 carachtair ASCII 8 ngiotán Tacair charachtair Neamh-Rómhánaigh Unicode: UTF-8, Emoji
  1. 2.17

    tacair carachtar ASCII agus Unicode a úsáid chun teachtaireacht a ionchódú nó a dhíchódú agus smaoineamh ar an tábhacht atá le caighdeáin den sórt sin

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
11 Córais faisnéise
  1. 2.18

    sonraí leanúnacha agus sonraí scoite a bhailiú, a stóráil agus a shórtáil

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
12 Dífhabhtú Tástáil: Tástáil aonaid, Tástáil feidhme, Tástáil córais
  1. 2.19

    réitigh agus cinntí a thástáil chun a dtorthaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a chinneadh

  2. 2.20

    rabhaidh agus earráidí i gcód ríomhairí a shainaithint agus a dheisiú nó a dhífhabhtú agus iad a mhodhnú de réir mar is gá

  3. 2.21

    dianmhachnamh a dhéanamh chun a shainaithint cén teorainn atá leis an méid a baineadh amach i gcód críochnaithe agus feabhsuithe féideartha a mholadh

  4. 2.22

    na céimeanna difriúla i dtástáil bogearraí a mhíniú

Sa ríomheolaíocht i gcleachtas, bíonn go leor leor deiseanna ag an scoláire a thuiscint ar choincheapa a úsáid i bhfeidhmchláir phraiticiúla. Thar dhá bhliain an chúrsa rachaidh an scoláire i ngleic le ceithre thasc foghlama feidhmí, agus é ina bhall d'fhoireann. Déanann grúpaí scoláirí déantáin ríomhaireachtúla a phleanáil, a dhearadh agus a fhorbairt, agus iad ag díriú ar chinn atá ábhartha dóibh féin nó a mbainfidh a bpobal agus an tsochaí trí chéile leas astu. I measc na samplaí de dhéantáin ríomhaireachtúla tá ríomhchláir, cluichí, ionsamhlúcháin, léirshamhlaithe, beochana digiteacha, córais róbataice, agus feidhmchláir. Beifear ag súil go mbreacfaidh an scoláire síos cuntas ar gach tasc foghlama feidhmí, go ndéanfaidh sé machnamh air agus go gcuirfidh sé i láthair é.

Tá an dearadh ar cheann de na cleachtais agus na prionsabail is tábhachtaí sa ríomheolaíocht. Agus é ina dhearthóirí agus teicneolaíocht á cruthú aige, is féidir leis an scoláire a bheith nuálach agus léiritheach trí dhéantáin a chruthú. Is disciplín í an ríomheolaíocht freisin atá ag brath go mór ar fhaisnéis, ina ndéantar faisnéis a roghnú, a mheas, a thaifeadadh agus a chur i láthair. Sa tasc foghlama feidhmí seo, forbróidh an scoláire suíomh gréasáin idirghníomhach atá in ann faisnéis (sonraí logánta nó sonraí cianda) ó bhunachar sonraí a thaispeáint chun freastal ar riachtanais úsáideora. Trí bhonneagar a phleanáil agus a dhearadh atá in ann sonraí a thaispeáint, forbróidh an scoláire an t-eolas atá aige ar an ról is féidir a bheith ag ríomhchórais chun faisnéis maidir leis an saol mórthimpeall. 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Córais faisnéise; Dearadh atá dírithe ar an úsáideoir; Dearadh gréasáin
  1. 3.1

    riachtanais na n-úsáideoirí a thuiscint agus liosta díobh a bhreacadh síos sula ndéantar réiteach a shainiú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Córais chomhad agus bunachair shonraí choibhneasta
  1. 3.2

    bunachar sonraí coibhneasta bunúsach a chruthú chun cineálacha sonraí éagsúla a stóráil agus a aisghabháil

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 An próiseas deartha
  1. 3.3

    teangacha ríomhchlárúcháin cuí a úsáid chun suíomh gréasáin idirghníomhach a fhorbairt atá in ann faisnéis a thaispeáint ó bhunachar sonraí chun freastal ar riachtanais atá ag úsáideoirí

Tá tabhairt hipitéisí, déanamh tuartha, scrúdú fianaise, aithint patrún agus teacht ar chonclúidí i gcroílár na ríomheolaíochta. Sa tasc foghlama feidhmí seo, sainaithneoidh an scoláire topaic idirdhisciplíneach, forbróidh sé hipitéis agus úsáidfidh sé acmhainní atá aige chun aird a dhíriú ar an bhfaisnéis shuntasach agus chun cinntí atá fós le déanamh a threorú. Trí fhadhb a shainaithint, a anailísiú, agus a mhiondealú, cuirfidh an scoláire leis an tuiscint atá aige ar chleachtais agus prionsabail. 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Teibíocht, Anailísíocht
  1. 3.4

    algartaim a fhorbairt lenar féidir minicíocht, meán, airmheán agus mód tacair sonraí a aimsiú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Sonraí a bhailiú agus a anailísiú
  1. 3.5

    sonraí loma a struchtúrú agus a thrasfhoirmiú chun iad a ullmhú i gcomhair anailíse

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Sonraí a léirmhíniú
  1. 3.6

    sonraí a léiriú chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i bhfoirm grafaice

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Algartaim
  1. 3.7

    algartaim a úsáid chun sonraí a anailísiú agus a léirmhíniú ar bhealach a thugann treoir don chinnteoireacht

Agus duine ag samhaltú, ag ríomhchlárú nó ag códú, ní mór anailís chúramach a dhéanamh ar phatrúin agus ar ghaoil chun fadhbanna a réiteach. Sa tasc foghlama feidhmí seo, rachaidh an scoláire i ngleic le fadhb atá deacair a réiteach le hanailís, ach ar féidir í a réiteach ach ionsamhlúchán nó samhaltú a úsáid. Forbróidh an scoláire ríomhchóras a dhéanfaidh ionsamhlúchán nó samhaltú ar an bhfadhb. Ach dul i ngleic le fadhb ar an mbealach sin, cuirfear le feasacht agus tuiscint an scoláire ar an gcaoi ar féidir algartaim a úsáid thar raon leathan disciplíní agus ábhar.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Algartaim teibithe a shamhaltú/ionsamhlú
  1. 3.8

    samhail a fhorbairt lenar féidir cásanna difriúla a thástáil

  2. 3.9

    anailís a dhéanamh ar thorthaí na n-ionsamhlúchán agus iad a léirmhíniú sula ndéantar athruithe agus ina dhiaidh sin

  3. 3.10

    míniú a thabhairt ar na buntáistí a bhaineann le samhaltú ar bhonn gníomhairí agus ar an gcaoi ar féidir é a úsáid chun iompraíocht éiritheach a léiriú

Is cuid lárnach den ríomheolaíocht é crua-earraí agus bogearraí ríomhairí a dhearadh agus a fheidhmiú. Sa tasc foghlama feidhmí seo, cuirfidh an scoláire córas micreaphróiseálaí i bhfeidhm ina n-úsáidtear braiteoirí agus a rialaíonn ionchuir agus aschuir dhigiteacha mar chuid de chóras leabaithe. Trí chomhpháirteanna ríomhchórais a thógáil, cuirfidh an scoláire leis an tuiscint atá aige ar an gcaoi a n-oibríonn ríomhairí agus ar an gcaoi ar féidir iad a leabú inár dtimpeallacht ó lá go lá.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Córais leabaithe
  1. 3.11

    ionchuir agus aschuir dhigiteacha a úsáid agus a rialú laistigh de chóras leabaithe

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Ionchuir agus aschuir ríomhaireachta
  1. 3.12

    sonraí a thagann ar ais ó ionchur analógach a thomhas agus a stóráil

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Ríomhchórais
  1. 3.13

    ríomhchlár a fhorbairt ina n-úsáidtear ionchuir dhigiteacha agus cinn analógacha

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 An próiseas deartha
  1. 3.14

    feidhmchláir uathoibrithe a dhearadh trí chórais leabaithe a úsáid

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.