Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An tsraith shinsearach

Is maith mar atá cuspóirí Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta ailínithe le fís agus prionsabail oideachas na sraithe sinsearaí. Bíonn an foghlaimeoir sa tsraith shinsearach ag druidim le deireadh a chuid ama ar scoil agus ag roghnú an treo ina rachaidh sé sa chuid eile dá shaol. Tá tábhacht mhór ag baint leis an tsraith shinsearach maidir le cabhrú leis an bhfoghlaimeoir dul i ngleic lena chuid riachtanais reatha mar dhuine  fásta óg atá seiftiúil, muiníneach, gafa agus gníomhach agus é a ullmhú chun a bheith páirteach i saol eacnamaíoch agus sóisialta a bhíonn ag athrú i gcónaí (Fíor 1).

senior cycle principals

Tá an tsraith shinsearach bunaithe ar thiomantas do ghnóthachtáil oideachasúil den chaighdeán is airde do gach scoláire, i gcomhréir lena chumas aonair. D’fhonn tacú leis an scoláire agus é ag ullmhú don todhchaí, cuirtear béim ar fhorbairt an eolais agus na domhaintuisceana; ar an scoláire a bheith freagrach as a chuid foghlama féin; ar shealbhú príomhscileanna; agus ar phróisis na foghlama. Cinntíonn an curaclam leathan, ina bhfuil roinnt deiseanna don speisialtóireacht, go mbíonn leanúnachas ann ón tsraith shóisearach agus féachann sé le riachtanais gach scoláire a chomhlíonadh, scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais ag cuid acu, ach a bhfuil raon leathan spéiseanna foghlama, inniúlachtaí agus buanna acu uile.

Cothaíonn comhpháirteanna an churaclaim sa tsraith shinsearach cothromaíocht idir eolas agus scileanna, agus na cineálacha straitéisí foghlama atá ábhartha chun a bheith rannpháirteach i ndomhan atá ag athrú agus ina bhfuiltear in amhras faoina bhfuil i ndán dúinn, agus do chuid a dhéanamh ann.

Eispéireas na sraithe sinsearaí

Is é fís na sraithe sinsearaí (Fíor 2) go mbíonn an foghlaimeoir i gceartlár an eispéiris oideachasúil. Cuirfidh an t-eispéireas sin ar chumas an scoláire a bheith seiftiúil agus muiníneach, páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí, spéis a chothú san fhoghlaim, agus an cumas a fhorbairt a bheith ag foghlaim ar feadh an tsaoil.

Tá an fhís sin den fhoghlaimeoir bunaithe ar luachanna na sraithe sinsearaí agus cuirtear i gcrích í trí na prionsabail atá laistiar den churaclam de réir thaithí an scoláire ar scoil. Cuimsíonn an curaclam ábhair agus cúrsaí, príomhscileanna neadaithe agus torthaí foghlama soiléire, agus tá réimse de chuir chuige measúnaithe mar thaca faoi, rud a fhágann gurb é an curaclam an meán trína bhfíoraítear an fhís don fhoghlaimeoir.

Ar chéim phraiticiúil, cuirtear eispéireas oideachasúil ardchaighdeáin ar fáil sa tsraith shinsearach tríd an méid seo a leanas:

  • pleanáil, forbairt, eagrú agus measúnú éifeachtach curaclaim
  • cineálacha cur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama a spreagann an scoláire agus a chuireann ar a chumas dul chun tosaigh, a dhéanann a chuid foghlama níos doimhne agus a chuireann i bhfeidhm í, agus a fhorbraíonn a chumas chun machnamh a dhéanamh ar a chuid foghlama
  • forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do lucht bainistíochta scoileanna a chuireann ar a gcumas forbairt agus athruithe curaclaim ina gcuid scoileanna a threorú
  • cultúr scoile ina léirítear meas ar an scoláire, a spreagann é chun freagracht a ghlacadh as a chuid foghlama féin le himeacht aimsire, agus a chuireann grá don fhoghlaim chun cinn.

Is cuid de bheartas oideachais níos leithne é oideachas na sraithe sinsearaí ina ndírítear ar an méid is féidir leis an oideachas a dhéanamh chun foghlaimeoir a fhorbairt mar dhuine agus mar shaoránach araon. Is beartas oideachais é ina leagtar béim ar chur chun cinn an chomhtháthaithe shóisialta, ar fhás na sochaí agus an gheilleagair, agus ar phrionsabal na hinbhuanaitheachta i ngach gné den fhorbairt.

vision of senior cycle diagram

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.