Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Foghlaim ghaolmhar

Tógann Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta ar an eolas, na cineálacha cur chuige agus an raon leathan scileanna inaistrithe a eascraíonn ó thaithí oideachasúil an scoláire sa chóras luathóige, sa bhunscoil agus i sraith shóisearach na hiarbhunscoile. Is modheolaíocht réitithe fadhbanna é an smaointeoireacht ríomhaireachtúil is féidir a uathoibriú agus a aistriú thar gach disciplín. Tugann sí an deis dúinn fadhbanna a réiteach, córais a dhearadh, agus tuiscint a fháil ar chumhacht agus teorainneacha intleacht an duine agus intleacht mheaisín. Úsáideann smaointeoirí ríomhaireachta sraith príomhchoincheap chun sonraí a phróiseáil agus a anailísiú agus chun fíor-dhéantáin agus cinn fhíorúla a chruthú.

Ach scoláire a bheith in ann smaoineamh ar bhonn ríomhaireachta, is mó a chumas teicneolaíocht ríomhaire-bhunaithe a choincheapú, a thuiscint agus a úsáid, agus mar sin bíonn sé níos ullmhaithe do shaol an lae inniu agus don todhchaí.

Leis an gcreatchuraclam luathóige, Aistear, déantar ceiliúradh ar an luath-óige mar thréimhse ina mbíonn an sult agus an fholláine i réim agus ina mbíonn an páiste ag foghlaim ó eispéiris de réir mar a thiteann siad amach. Baineann an téama maidir le hIniúchadh agus smaointeoireacht leis an bpáiste ag baint brí as na rudaí, na háiteanna agus na daoine ina shaol trí bheith ag idirghníomhú le daoine eile, ag súgradh, ag iniúchadh, ag ceistiú, agus ag cruthú, ag tástáil agus ag beachtú smaointe. Baineann an téama maidir le Cumarsáid leis an bpáiste ag roinnt a thaithí, a smaointe, agus a mhothúcháin le daoine eile agus é níos muiníní agus níos inniúla an t-am ar fad, ar bhealaí éagsúla agus chun críche éagsúla.

Leis an réimse curaclaim d’Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE) ag an mbunscoil, tugtar deiseanna don pháiste an saol mórthimpeall air a iniúchadh agus a fhiosrú go gníomhach agus é á dhéanamh ó pheirspictíocht dhaonna, shóisialta agus chultúrtha. Nuair a ghlactar dearcadh eolaíoch maidir le fiosruithe, cuidítear scileanna, coincheapa agus eolas tábhachtach a fhorbairt trínar féidir leis an bpáiste breathnú, ceistiú, iniúchadh, tuiscint agus smaoineamh go loighciúil faoi nithe beo agus a dtimpeallachtaí, ábhair, fórsaí, agus gnáth-imeachtaí agus fadhbanna. Féadfar an t-eolas agus na scileanna a fhaightear a chur i bhfeidhm nuair a bheidh gníomhaíochtaí á ndearadh agus á ndéanamh ina bhfeiceann an páiste gá le gnéithe dá thimpeallacht a chruthú nó a mhodhnú. Trína chuid fiosruithe, forbraíonn an páiste peirspictíochtaí stuama, criticiúla agus eolaíocha ina n-aithnítear an tábhacht atá le breithiúnais a bhunú ar mheas ar fhíricí, ar chruinneas agus ar réasún.

Tógann an ríomheolaíocht ar na scileanna teanga a fhorbraítear sa bhunscoil. Trí theanga, foghlaimíonn an scoláire le hord imeachtaí, aimsirí agus foclaíocht chuí a úsáid chun scéalta agus cuntais phearsanta agus ghnásúla a insint agus a athinsint, agus iad ag éirí níos casta i gcónaí. Foghlaimíonn sé le teanga a bhaineann go sonrach le hábhar ar leith a úsáid chun faisnéis a thabhairt, chun a chuid smaointe a mhíniú agus a chosaint agus chun gníomhartha, imeachtaí agus próisis a bhaineann le comhthéacsanna fíora agus samhlaíocha a thuar agus a bhreithniú. Cuideoidh scileanna teanga a fhorbraítear sa bhunscoil le scoláire na ríomheolaíochta tuiscint a bheith aige ar an tábhacht atá le húsáid cheart teanga, agus ar a chumhachtaí is atá focail agus friotal i gcomhthéacs na meán sóisialta.

Tá sé mar aidhm ag Curaclam Matamaitice na Bunscoile teanga agus córas a chur ar fáil don pháiste trínar féidir leis raon leathan eispéireas a anailísiú, a thuairisciú, a léiriú, a shamhaltú agus a mhíniú, réamh-mheastacháin a dhéanamh agus fadhbanna a réiteach. Tógann Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta ar na scileanna sin, toisc go dtacaíonn sí leis an scoláire chun smaoineamh agus cumarsáid a dhéanamh ar bhonn cainníochtúil agus spásúil, chun fadhbanna a réiteach, agus chun cásanna a aithint inar féidir an mhatamaitic a chur i bhfeidhm.

Tá baint ag go leor de na Ráitis Foghlama sa tsraith shóisearach le Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta, go háirithe na ráitis sin atá dírithe ar réiteach fadhbanna, dearadh, cumarsáid, agus ról agus rannchuidiú na teicneolaíochta sa tsochaí a thuiscint. Ina theannta sin, tá na príomhscileanna a theastaíonn don fhoghlaim rathúil a dhéanann an scoláire ar fud an churaclaim sa tsraith shóisearach ábhartha do Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta.

Tá dlúthcheangal ag cuid mhór d'ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí leis an ríomheolaíocht, go háirithe Matamaitic, eolaíocht, OSPS, agus na gearrchúrsaí sa chódúchán agus sa litearthacht meán digiteach.

Tá dlúthcheangal ag cuid mhór ábhar sa tsraith shinsearach leis an ríomheolaíocht. Is próiseas smaointeoireachta é smaointeoireacht ríomhaireachtúil (nó scil smaointeoireachta daonna) a úsáideann cineálacha cur chuige anailíseacha agus algartamacha chun fadhbanna a cheapadh, a anailísiú agus a réiteach. Cé gur léir an gaol idir an ríomheolaíocht agus na hábhair STEM, baineann na straitéisí a fhoghlaimítear sa ríomheolaíocht leis an bhfoghlaim in ábhair eile freisin. Mar shampla, tá go leor cosúlachtaí idir an ríomheolaíocht agus foghlaim teanga, toisc go bhfuil gnéithe mar aithint patrún, comhréir, anailís théacsúil agus ceapadh argóintí ábhartha don dá réimse staidéir. Tugann an ríomheolaíocht comhthéacs don scoláire chun scileanna meiteachognaíocha a fhorbairt a chabhróidh leis nuair a ghlacfaidh sé freagracht as a chuid foghlama féin.

Maireann an scoláire i saol atá thar maoil le teicneolaíocht.  Tabharfaidh Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta an t-eolas agus na scileanna don scoláire a chuideoidh leis an teicneolaíocht ríomhaireachta reatha a thuiscint agus a ullmhóidh é do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Nuair a bheidh an bunús aige sa disciplín seo gheobhaidh an scoláire tús eolais ansin ar an bhfuadar agus ar na deiseanna a thiocfaidh leis an réimse dinimiciúil seo atá ag fás, agus réiteoidh sé é le haghaidh raon gairmeacha beatha tairbheacha.

Cuimsítear i Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta raon leathan scileanna inaistrithe agus scileanna trasdisciplíneacha cosúil le réiteach fadhbanna, smaointeoireacht loighciúil agus dearadh cruthaitheach. Cuireann an t-ábhar chun cinn scileanna sintéisithe, meastóireachta, cumarsáide, bainistíochta ama, eagrúcháin, agus scileanna a bhaineann le hobair foirne freisin. Tugann na scileanna agus na hinniúlachtaí tacaíocht i gcomhair breis staidéir agus foghlama taobh amuigh den oideachas foirmiúil, lena n-áirítear foghlaim i réimsí cosúil le ríomhchlárú, anailís ar bhunachair shonraí, ríomheolaíocht, innealtóireacht ríomhaireachta, innealtóireacht bogearraí, teicneolaíocht na faisnéise agus forbairt cluichí.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.