Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Mar gheall ar an leathnú thar cuimse atá tagtha ar theicneolaíochtaí ríomhaireachta agus ar an intleacht shaorga inár saol go léir, caithfidh an scoláire na prionsabail a bhaineann leis an ríomheolaíocht a thuiscint anois, níos mó ná riamh. Is gá do gach scoláire an ról eiticiúil agus sóisialta atá ag ríomhairí sa tsochaí a thuiscint. Is í an ríomheolaíocht bunchloch an athraithe seo agus dá bhrí sin tá an staidéar ar Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta an-ábhartha do bheagnach gach gné den saol nua-aimseartha, agus do gach rogha gairme a dhéantar. Is í an Ríomheolaíocht an bhunchloch, is le teicneolaíocht na faisnéise a chuirtear i bhfeidhm na teicneolaíochtaí ríomhaireachta agus is í an litearthacht dhigiteach an toradh. Tá smaointeoireacht ríomhaireachtúil ar cheann de na scileanna is bunúsaí a fhoghlaimítear trí staidéar a dhéanamh ar an ríomheolaíocht. Baineann na saintréithe céanna léi is a bhaineann le heolaíochtaí eile, cosúil le réiteach fadhbanna, teibíocht agus réasúnaíocht loighciúil. Mar sin féin, baineann smaointeoireacht ríomhaireachtúil le réitigh a chur i bhfeidhm trí mheán uathoibriú, ríomhchlárúcháin agus ríomhchóras. Gheobhaidh an scoláire a dhéanfaidh staidéar ar an ábhar seo scileanna smaointeoireachta agus praiticiúla atá fiúntach lasmuigh de sheomra ranga na ríomheolaíochta agus ar féidir iad a chur i bhfeidhm i gcuid mhaith comhthéacsanna.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.