Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú

Baineann measúnú sa tsraith shinsearach le faisnéis faoi phróisis agus faoi thorthaí foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá foirmeacha éagsúla measúnaithe ann agus úsáidtear é ar chúiseanna difriúla. Baintear úsáid as measúnú chun an tslí chuí a aimsiú don scoláire trí churaclam difreáilte, chun sainréimsí deacrachta nó láidreachta scoláire áirithe a shainaithint agus chun gnóthachtáil a thástáil agus a theistiú. Is tacaíocht don fhoghlaim é an measúnú agus cuireann sé chun feabhais í trí chabhrú leis an scoláire agus leis an múinteoir na chéad chéimeanna eile sa phróiseas teagaisc agus foghlama a shainaithint.

Chomh maith le straitéisí éagsúla teagaisc, tacóidh straitéisí éagsúla measúnuithe leis an bhfoghlaim agus soláthróidh siad faisnéis atá inúsáidte mar aiseolas, sa chaoi is gur féidir gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama a chur in oiriúint do riachtanais an fhoghlaimeora aonair. De thoradh tascanna atá cuí agus mealltach a leagan síos, ceisteanna ardoird a chur agus aiseolas a thabhairt a chuireann neamhspleáchas an fhoghlaimeora chun cinn, tacóidh an measúnú leis an bhfoghlaim chomh maith le coimriú a thabhairt ar an ngnóthachtáil.

Tá roinnt gnéithe tábhachtacha de na measúnuithe sa ríomheolaíocht nach mór a bhreithniú: an úsáid a bhaintear as tascanna údaracha, leithead na gcoincheap atáthar a mheas, agus an ról speisialta atá ríomhairí in ann a imirt maidir le treoir a thabhairt agus feidhmíocht a thomhas. I gcomparáid le hábhair eile, tugann an ríomheolaíocht deis ar leith chun tairbhe a bhaint as foghlaim ar líne agus as measúnú a dhéantar ar ríomhaire. Is féidir leis an scoláire ríomhchláir a chruthú amhail cluichí, feidhmchláir agus ionsamhlúcháin laistigh de thimpeallacht ina mbailítear sonraí, ina ndéantar gnóthachtáil a anailísiú, agus ina gcuirtear an dul chun cinn in iúl don scoláire agus don mhúinteoir araon.

Is féidir le measúnú tionscadal-bhunaithe nó measúnú punainne ar obair chúrsa go leor de na torthaí foghlama sa ríomheolaíocht a bhaineann le feidhmíocht a thomhas. Leis an measúnú ar obair chúrsa, tugtar deis don scoláire a thuiscint a léiriú ar bhealaí éagsúla chun aird a dhíriú ar a chruthaitheacht, a chuid spéiseanna, agus a thuiscint.

Tá an measúnú le haghaidh teistiúcháin bunaithe ar aidhm, ar chuspóirí agus ar thorthaí foghlama na sonraíochta seo. Baintear difreáil amach sa mheasúnú trí scrúduithe ar dhá leibhéal—Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal.

Tá dhá chomhpháirt sa mheasúnú i Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta: (i) scrúdú ag deireadh an chúrsa agus (ii) obair chúrsa. Léirítear an gaol idir cur i bhfeidhm scileanna agus ábhar teoiriciúil na sonraíochta sa dá chomhpháirt.

D’fhéadfaí ceisteanna le formáidí agus cineálacha éagsúla a chuimsiú sa mheasúnú ag deireadh an chúrsa. Déanfar measúnú sna ceisteanna ar na príomhchoincheapa agus ar chleachtais agus ar phrionsabail na ríomheolaíochta. Beidh na ceisteanna bunaithe ar na torthaí foghlama sa tsonraíocht; mar sin féin, d’fhéadfadh aon cheist dul i ngleic le breis is toradh foghlama amháin, nó d’fhéadfaí iarraidh ar an scoláire eolas agus scileanna a thabhairt le chéile thar roinnt réimsí den tsonraíocht.

Sa mheasúnú ar obair chúrsa, iarrfar ar an scoláire inniúlacht a léiriú in ábhar agus i scileanna an chúrsa nach furasta measúnú a dhéanamh orthu leis an scrúdú ag deireadh an chúrsa. Iarrfar ar an scoláire déantán ríomhaireachtúil nuálach a chruthú, agus tuairisc a thabhairt ar an obair agus ar an bpróiseas a bhí i gceist leis. Ní mór don scoláire aitheantas a thabhairt, trí lua agus tagairtí cuí, d'fhoinse nó d’údar na faisnéise nó na fianaise go léir a thógtar ó obair duine eile. Samhlaítear go gcuirfear obair an scoláire sa dá chomhpháirt isteach go leictreonach agus go ndéanfar Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) í a mharcáil.

Beidh an measúnú ar an dá chomhpháirt ag teacht le cuspóirí na sonraíochta, agus déanfar measúnú ar a mhéid is atá an scoláire in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tuiscint a fhorbairt ar an gcaoi a gcuireann teicneolaíocht ríomhaireachta bealaí nua i láthair chun dul i ngleic le fadhbanna
  • smaointeoireacht ríomhaireachtúil a úsáid chun fadhbanna a anailísiú, agus chun réitigh a dhearadh, a fhorbairt agus a mheas
  • ríomhchláir a léamh, a scríobh, a thástáil agus a mhodhnú
  • tuiscint a fhorbairt ar an gcaoi a n-oibríonn ríomhairí agus na píosaí éagsúla den ríomhchóras agus ar an ngaol eatarthu, lena n-áirítear bogearraí, sonraí, crua-earraí, cumarsáid, agus úsáideoirí
  • tuiscint a fhorbairt ar an athrú atá ag teacht ar theicneolaíocht ríomhaireachta agus ar na himpleachtaí eiticiúla agus sóisialta a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta ríomhaireachta i saincheisteanna sóisialta na linne seo agus sa todhchaí
  • oibriú as a stuaim féin, cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, agus na himthosca a mbíonn tionchar acu ar chomhoibriú agus ar obair fhoirne a thuiscint
  • úsáid a bhaint as teicneolaíocht faisnéise ar shlí atá freagrach, inniúil, muiníneach, machnamhach, agus cruthaitheach.

Struchtúr an mheasúnaithe i gcomhair teistiúcháin

Tá dhá chomhpháirt mheasúnachta ar gach leibhéal, scrúdú ag deireadh an chúrsa (70%) agus obair chúrsa (30%).

Table 3: Overview of assessment

Comhpháirt Céatadán
Scrúdú ag deireadh an chúrsa 70
  • Measúnú scríofa agus ríomhaire-bhunaithe ar thorthaí foghlama
 
Measúnú ar an obair chúrsa 30
  • Déantán ríomhaireachtúil amháin le tuairisc
 
Total 100

Beidh raon cineálacha ceisteanna sa scrúdú ag deireadh an chúrsa. Ã‰ileoidh na ceisteanna go léireoidh an scoláire eolas, tuiscint, cur i bhfeidhm, anailís, measúnú agus cruthaitheacht atá cuí do gach leibhéal. Tá na príomhscileanna fite fuaite sna torthaí foghlama agus déanfar iad a mheasúnú i gcomhthéacs na dtorthaí foghlama. Déanfar measúnú sa scrúdú ar na rudaí seo a leanas:

  • eolas agus fíricí, prionsabail agus modhanna a bhaineann le ríomheolaíocht a thabhairt chun cuimhne
  • eolas agus tuiscint ar phrionsabail agus ar choincheapa na ríomheolaíochta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear teibíocht, loighic, algartaim agus léiriú sonraí, agus conas fadhbanna a anailísiú i dtéarmaí ríomhaireachtúla
  • an cumas cód a scríobh agus cód ríomhchláir a thiomsú, a thástáil agus a dhífhabhtú
  • an cumas meastóireacht a dhéanamh ar ríomhchórais a réitíonn fadhbanna, breithiúnas réasúnta a dhéanamh orthu agus conclúidí a chur i láthair
  • fadhbanna a réiteach bunaithe ar chomhtháthú, anailísiú agus measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil agus ar shonraí, ag úsáid eolais a fuarthas ó na trí shnáithe ar fad
  • tuiscint ar ghnéithe eiticiúla, stairiúla, comhshaoil agus teicneolaíochta na Ríomheolaíochta, agus ar an tionchar a bhíonn ag an ríomheolaíocht ar fhorbairt shóisialta agus eacnamaíochta na sochaí.

Beidh codanna sa scrúdú ina gcumhdófar ceisteanna a théann i ngleic leis na nithe seo a leanas:

  • Topaicí ríomheolaíochta thar an tsonraíocht iomlán
  • Ceisteanna praiticiúla a éilíonn úsáid a bhaint as teanga ríomhchlárúcháin
  • Ceisteanna bunaithe ar chomhthéacsanna agus ar réimsí difriúla den tsonraíocht.

Tábla 4: Critéir mheasúnaithe ag deireadh an chúrsa

Léiríonn leibhéal ard gnóthachtála Leibhéal measartha gnóthachtála Leibhéal íseal gnóthachtála
léiríonn sé eolas agus tuiscint bheacht ar phrionsabail agus ar choincheapa Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta gan ach beagán easnamh suntasach.. léiríonn sé eolas agus tuiscint mhaith ar phrionsabail agus ar choincheapa Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta.  léiríonn sé eolas agus tuiscint theoranta ar phrionsabail agus ar choincheapa Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta.
cuireann sé eolas agus tuiscint ar phrionsabail agus ar choincheapa na ríomheolaíochta i bhfeidhm go seasta maidir le réiteach fadhbanna i gcomhthéacsanna a bhfuil cleachtadh aige orthu agus cinn nach bhfuil, ag úsáid modhanna smaointeoireachta ríomhaireachtúla cuí. cuireann sé eolas agus tuiscint ar phrionsabail agus ar choincheapa na ríomheolaíochta i bhfeidhm maidir le réiteach fadhbanna i gcomhthéacsanna a bhfuil cleachtadh aige orthu agus roinnt comhthéacsanna nach bhfuil, ag úsáid modhanna smaointeoireachta ríomhaireachtúla cuí. roghnaíonn sé fíricí agus prionsabail chuí chun fadhbanna a bhaineann le hábhar a bhfuil cleachtadh aige air a réiteach, trí úsáid a bhaint as raon teoranta modhanna smaointeoireachta ríomhaireachtúla.
tá sé in ann cód ríomhchláir a scríobh, a thiomsú, a thástáil agus a dhífhabhtú ar bhealach a fhaigheann réidh le beagnach.  tá sé in ann cód ríomhchláir a scríobh, a thiomsú, a thástáil agus a dhífhabhtú le roinnt earráidí. níl aige ach cumas teoranta maidir le cód ríomhchláir a scríobh, a thiomsú, a thástáil agus a dhífhabhtú.
déanann sé ríomhchórais a réitíonn fadhbanna a dhearadh agus a ríomhchlárú go seasta, déanann sé meastóireacht agus breithiúnas réasúnta orthu agus cuireann sé conclúidí i láthair. dearann sé ríomhchláir agus déanann meastóireacht ar roinnt ríomhchóras a réitíonn fadhbanna, déanann sé breithiúnas maidir leo sin agus cuireann sé conclúidí i láthair.

dearann sé ríomhchláir nach réitíonn fadhbanna a raibh siad deartha lena réiteach. Cuireann sé meastóireacht theoranta i láthair maidir le roinnt ríomhchóras gan breithiúnas a dhéanamh orthu ná conclúidí a chur i láthair.

léiríonn sé eolas agus tuiscint bheacht ar ghnéithe eiticiúla, stairiúla, comhshaoil agus teicneolaíochta na ríomheolaíochta, agus ar an gcaoi a gcuidíonn an ríomheolaíocht lena shaol pearsanta agus le forbairt shóisialta agus eacnamaíochta na sochaí. léiríonn sé eolas agus tuiscint mhaith ar na gnéithe eiticiúla, stairiúla, comhshaoil agus teicneolaíochta na ríomheolaíochta, agus ar an gcaoi a gcuidíonn an ríomheolaíocht lena shaol pearsanta agus le forbairt shóisialta agus eacnamaíochta na sochaí. léiríonn sé eolas agus tuiscint theoranta ar na gnéithe eiticiúla, stairiúla, comhshaoil agus teicneolaíochta na ríomheolaíochta, agus ar an gcaoi a gcuidíonn an ríomheolaíocht lena shaol pearsanta agus le forbairt shóisialta agus eacnamaíochta na sochaí.

Sa mheasúnú ar an obair chúrsa, bainfear leas as cásanna praiticiúla chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndearann an scoláire struchtúir shonraí agus a bhforbraíonn sé algartaim, a ndéanann sé comhtháthú ar smaointe agus tástáil ar hipitéisí, agus ar an gcaoi a ndéanann sé iniúchadh ar chineálacha cur chuige malartacha. Beidh sé cosúil le struchtúr na dtascanna foghlama feidhmí i snáithe 3, a chuireann an scoláire i gcrích i rith dhá bhliain an chúrsa. Mar sin féin, ní mór an measúnú ar an obair chúrsa a dhéanamh ar bhonn aonair. Ní bheidh cead ag an scoláire oibriú i ngrúpaí don mheasúnú ar an obair chúrsa.

Ag druidim le deireadh téarma 1 den dara bliain den chúrsa, leagfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) síos tasc ina gcaithfidh an scoláire déantán ríomhaireachtúil a dhéanamh mar fhreagairt ar fhaisnéis ón gCoimisiún. Beidh an tréimhse ama ina gcaithfear an obair chúrsa a chur i gcrích leagtha amach san fhaisnéis. Meastar go dtógfaidh an obair idir 10 seachtaine, agus cuirfear an tasc críochnaithe isteach ina dhiaidh sin, go leictreonach, chuig CSS i gcomhair marcála.  Socróidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an dáta lena cur isteach gach bliain.

Tábla 5: Critéir mheasúnaithe don obair chúrsa

 Léiríonn leibhéal ard gnóthachtála Leibhéal measartha gnóthachtála  Leibhéal íseal gnóthachtála
déanann sé miondealú córasach ar fhadhbanna agus déanann sé scagadh ar fhaisnéis nach bhfuil ag teastáil agus tá sé in ann an próiseas atá i gceist a mhíniú. Úsáideann sé smaointeoireacht nuálach sa dearadh agus san fhorbairt. sainaithníonn sé fadhbanna/rudaí is féidir a réiteach. Úsáideann sé smaointeoireacht nuálach sa dearadh agus san fhorbairt. téann sé i ngleic le gnéithe teoranta den fhadhb. Seachnaíonn sé fadhbanna/dúshláin a bhfuil níos mó ná céim amháin nó níos mó ná píosa amháin sa réiteach. D’fhéadfadh sé fadhbanna a dhéanamh níos casta ná mar atá siad i ngan fhios dó féin.
ag obair go neamhspleách dó, déanann sé dearadh, samhaltú, dífhabhtú agus beachtú ar réitigh (ag úsáid plean tástála agus sonraí tástála nuair is cuí), agus roghnaíonn sé bealach cuí chun réitigh a léiriú. forbraíonn, tástálann, agus dífhabhtaíonn sé réitigh go hatriallach. léiríonn sé smaointe ar leibhéal bunúsach. Cuireann sé an chéad réiteach ar éirigh leis isteach mar tháirge críochnaithe. Déantar tástáil, dífhabhtú agus beachtú ar réitigh ar bhonn líneach.
is nós leis fiosracht a léiriú maidir le hiniúchadh agus anailís chríochnúil a dhéanamh ar raon leathan fadhbanna cuí agus na réitigh orthu. láimhseálann sé castacht agus fadhbanna oscailte. teastaíonn plean agus ionchais nó táirgí insoláthartha soiléire uaidh. Leanann sé treoracha agus tá cumas teoranta aige é féin a threorú.
ag obair go neamhspleách dó, sainaithníonn sé patrúin i bhfadhbanna/réitigh agus gníomhaíonn sé ar a mbonn. Lorgaíonn sé réitigh ar ann dóibh cheana, as a stuaim féin, agus aistríonn sé smaointe agus/nó réitigh ó chomhthéacs faidhbe  cuireann sé eolas nó réitigh ar ann dóibh in oiriúint chun fadhbanna nua a réiteach agus ualaíonn sé torthaí go stuama. bíonn teorainn le cur i bhfeidhm na foghlama roimhe sin i dtaobh fadhbanna nua.
ceiliúrann sé an éiginnteacht agus léirmhínithe difriúla a bheith ann. Déanann sé comparáid idir feidhmíocht réitigh difriúla a réitíonn an fhadhb chéanna. léiríonn sé nach bhfuil drogall air plé le héiginnteacht i bhfadhbanna agus i réitigh araon. úsáideann sé réitigh réamhfhoghlama chun iarracht a dhéanamh fadhbanna nua a réiteach. Bíonn deacracht aige glacadh le héiginnteacht i bhfadhbanna nó sna réitigh orthu.

Teanga ríomhchlárúcháin an mheasúnaithe

Ní theastaíonn teanga shonrach i gcomhair Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta. Tar éis blianta tosaigh an ábhair, áfach, is é Python an teanga a mheasúnófar sa mheasúnú deireadh cúrsa agus Python agus Javascript sa mheasúnú obair chúrsa. Leanfar ag athbhreithniú é seo ar bhonn leanúnach. Níl aon srian ar an rogha teanga a úsáidtear i dtascanna foghlama feidhmí shnáithe 3.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.