Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Aidhm agus Cuspóirí

Is é is aidhm leis an Ríomheolaíocht san Ardteistiméireacht ná cruthaitheacht agus scileanna réitithe fadhbanna an fhoghlaimeora a fhorbairt agus a chothú, in éineacht lena chumas a bheith ag obair go neamhspleách agus i gcomhar le daoine eile. Cuirfidh an scoláire bunchleachtais agus bunchoincheapa na ríomheolaíochta i bhfeidhm agus forbróidh sé léirthuiscint ar ról éagsúil na teicneolaíochta ríomhaireachta sa tsochaí agus sa timpeallacht ina bhfuil cónaí air. Cothóidh staidéar ar an ríomheolaíocht spéis agus paisin sa scoláire agus tabharfaidh sé cumhacht dó chun dul i ngleic go muiníneach agus go gníomhach leis an domhan.

Cuspóirí

Tá sé de chuspóir ag Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta a chur ar chumas an scoláire an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tuiscint a fhorbairt ar an gcaoi a gcuireann teicneolaíocht ríomhaireachta bealaí nua i láthair chun dul i ngleic le fadhbanna; agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil a úsáid chun fadhbanna a anailísiú agus chun réitigh a dhearadh, a fhorbairt agus a mheas
  • ríomhchláir a léamh, a scríobh, a thástáil agus a mhodhnú
  • tuiscint a fhorbairt ar an gcaoi a n-oibríonn ríomhairí; na píosaí éagsúla den ríomhchóras agus an gaol eatarthu, lena n-áirítear bogearraí, sonraí, crua-earraí, cumarsáid, agus úsáideoirí
  • léirthuiscint ar na himpleachtaí eiticiúla agus sóisialta a bhaineann le húsáid a bhaint as teicneolaíocht agus faisnéis ríomhaireachta agus tionchar na teicneolaíochta ar shaol pearsanta duine agus ar an tsochaí a shainaithint
  • tuiscint a fháil ar an athrú de réir a chéile atá tagtha ar theicneolaíocht na faisnéise agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na hathruithe sin ar oideachas, ar an lucht saothair, agus ar an tsochaí
  • cruinneas, ábharthacht, oiriúnacht, cuimsitheacht, agus claontacht foinsí faisnéise ar líne a mheas
  • a bheith ag obair as a stuaim féin agus le daoine eile, cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach, agus úsáid a bhaint as teicneolaíocht faisnéise ar shlí atá freagrach, inniúil, muiníneach, machnamhach, agus cruthaitheach.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.