Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Cuspóirí

Tá sé de chuspóir ag Ealaín na hArdteistiméireachta a chur ar chumas an bhfoghlaimeoir an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • feasacht agus tuiscint ar aeistéitic a fhorbairt
  • scileanna criticiúla, praiticiúla, coincheapúla, láimhe agus fadhbréitigh a fhorbairt mar aon le tuiscint a fhorbairt ar an gcur chuige atriallach* a d’fhéadfadh a bheith i gceist
  • scileanna taighde, cumarsáide agus machnaimh a fhorbairt
  • cur agus cúiteamh le cleachtóirí reatha agus teagmháil a dhéanamh le cleachtas reatha, dánlanna, iarsmalanna agus spásanna ealaíne comhaimseartha, imeachtaí san fhíorshaol agus an pobal ealaíne i gcoitinne
  • léirthuiscint a bheith aige dá shaothar féin agus freagra criticiúil a thabhairt air mar aon le saothar a phiaraí, an tsochaí agus an timpeallacht
  • tuiscint a fháil ar an Amharcstaidéar agus ar an teanga chriticiúil agus fhísiúil a thacaíonn leis
  • léirthuiscint a bheith aige do na próisis a bhaineann le taighde a dhéanamh ar an Ealaín, í a chruthú agus freagairt di mar scil fadsaoil, agus taitneamh a bhaint as na próisis.

*Ciallaíonn atriallach próisis thimthriallaigh a chur i bhfeidhm chun teacht ar réiteach, cinneadh nó toradh inmhianta, agus d’fhéadfadh go mbeadh anailís ar obair a rinneadh cheana, smaointe breise a thástáil agus na smaointe agus an obair sin a bheachtú i gceist leis.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.