Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Is teanga atá san Ealaín* a úsáidimid chun cruth a chur ar ár smaointe. Tugtar raon leathan eolais, scileanna agus luachanna don fhoghlaimeoir a dhéanann staidéar ar an Ealaín toisc go bhfaigheann sé taithí ar réimse leathan smaointe, cleachtas agus meán. Tugann an Ealaín deis don fhoghlaimeoir go leor scileanna atá coincheapúil agus praiticiúil a fhorbairt. Spreagann sí smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil, tacaíonn sí le scileanna fadhbréitigh a fhorbairt, agus neartaíonn sí inniúlacht an fhoghlaimeora smaointe a chur in iúl trína obair féin don lucht féachana beartaithe. Spreagann sé sin é le meas a fhorbairt dá chomhfhoghlaimeoirí agus don phobal níos leithne; le níos mó comhbhá a bheith aige le daoine eile. Ach foghlaim leis féin a chur in iúl, déanann an foghlaimeoir naisc ina chuid foghlama le hábhair eile na sraithe sinsearaí.

Is próiseas í an Ealaín trína mbíonn an foghlaimeoir ag déanamh taighde, ag cruthú agus ag freagairt. Bítear nuálach nuair atáthar ag giniúint smaointe agus modhanna nua, agus ag déanamh saothar agus earraí nua. Cabhraíonn an Ealaín leis an bhfoghlaimeoir a thuiscint air féin agus ar a luachanna a fhorbairt, chomh maith le heitic agus luachanna na sochaí ina mbeidh sé níos gníomhaí de réir a chéile agus é ag dul in aois. Spreagann sé sin é le meas a fhorbairt dá chomhfhoghlaimeoirí agus tuiscint ar a áit sa phobal níos leithne.

Forbraíodh an tsonraíocht seo bunaithe ar an bpróiseas ealaíonta agus ar an gcaoi a dtacaíonn sé leis an bhfoghlaim. Bíonn an Ealaín idir chruthaitheach agus léiritheach, agus tugann sí deis na scileanna a theastaíonn le haghaidh rannpháirtíocht chruthaitheach sa domhan a fhorbairt. Cuireann staidéar na healaíne forbairt agus tuiscint aeistéitiúil chun cinn.

Sa tsonraíocht seo, tagraíonn an tAmharcstaidéar do léirithe físiúla ar gach gné de chultúr, a chruthaigh sochaithe san am atá thart, sochaithe nua-aimseartha le deireanaí agus sochaithe comhaimseartha. Osclaítear domhan mór an chultúir agus forbairtí ealaíne trí shaothar ealaíontóirí ón am atá caite agus ón am i láthair. Tugtar deis dúinn tuiscint a fháil ar an gcaoi ar léirigh go leor cultúr ár machnamh agus smaointe inmheánacha ar bhealach seachtrach síos trí na blianta. De bharr theanga choiteann na hEalaíne, bíonn daoine ó chúlraí difriúla in ann a nósanna agus a dtraidisiúin a roinnt agus teacht ar chosúlachtaí eatarthu agus ar chomhthuiscint. Ach is teanga chriticiúil í teanga na hEalaíne freisin, a bhaineann le cúrsaí cáilíochta agus le tuairimí eolacha a fhorbairt. Forbróidh an foghlaimeoir scileanna criticiúla agus anailíseacha de réir mar a mheasann sé a obair féin agus obair daoine eile.

Agus é ag foghlaim san Ealaín, braithfidh an foghlaimeoir go bhfuil obair fhiúntach ar bun aige, bainfidh sé taitneamh as an obair agus braithfidh sé go bhfuil éacht á dhéanamh aige ar bhonn pearsanta mar aon le tuiscint a fháil ar an bpróiseas ealaíne agus ar luach an tsaothair ar a ndearna sé taighde, a chruthaigh sé féin agus ar ar thug sé freagra. Is próiseas machnamhach agus meabhrach í an Ealaín, ina mbíonn an foghlaimeoir ag smaoineamh faoina chuid smaointe, oibre agus foghlama agus ansin ag gníomhú chun iad a fhorbairt agus a fheabhsú. De bharr an ghá sin chun an obair a fheabhsú, cothaítear mian san fhoghlaimeoir a smaointeoireacht reatha a leathnú agus coincheapa, teicnící agus meáin nua a fhiosrú. Cabhraíonn sé sin leis a phróisis ealaíonta féin a thógáil. Spreagann sé é le rioscaí cruthaitheacha a thógáil agus foghlaim ó bhotúin chun a chuid oibre a fheabhsú le himeacht aimsire. Cuireann an rogha atá ar fáil don ealaíontóir sa lá atá inniu ann i dtaca le raon na gcur chuige digiteach leis sin freisin.

Ceapadh Ealaín na hArdteistiméireachta chun forbairt a dhéanamh ar an bhfoghlaim a rinne an scoláire a thug faoin Amharc-ealaín sa tsraith shóisearach. Mar sin féin, aithnítear leas agus spéis an fhoghlaimeora ar mhian leis staidéar a dhéanamh ar an Ealaín den chéad uair sa tsraith shinsearach freisin. Is féidir leis an Ealaín paisean saoil a spreagadh san fhoghlaimeoir agus é ag tabhairt faoin mbreisoideachas nó faoi dhomhan na hoibre, obair a bhaineann leis na healaíona cruthaitheacha agus le tionscail eile ina measc.

* Cuimsítear réimsí éagsúla lena n-áirítear mínealaín, dearadh agus ceardaíocht i réimsí meán traidisiúnta, comhaimseartha, nua agus/nó digiteach leis an bhfocal ealaín sa tsonraíocht seo.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.