Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

An Mhatamaitic Fheidhmeach

Tá sé d’aidhm ag Matamaitic Fheidhmeach na hArdteistiméireachta cumas an fhoghlaimeora a fhorbairt chun an mhatamaitic a úsáid chun fadhbanna ón bhfíorshaol a shamhaltú. Ach díriú ar gach gné de thimthriall an réitigh fadhbanna, meastar go rachaidh an foghlaimeoir níos faide ar aghaidh ná gnáthaimh a ríomh agus taithí a fháil ar cheisteanna cuí a chur, léirithe matamaiticiúla ar fhadhbanna a cheapadh, agus torthaí a léirmhíniú agus a dheimhniú. Tríd an Matamaitic Fheidhmeach, ba chóir go bhfoghlaimeodh an scoláire le léirthuiscint a bheith aige do chomh hábhartha agus a bhíonn an mhatamaitic don ghnáthshaol, ag cruthú rannpháirtíochta agus spéise sa phróiseas. Meastar go n-úsáidfear teicneolaíocht dhigiteach mar uirlis foghlama i roinnt gnéithe den chúrsa seo. 
Déantar Matamaitic Fheidhmeach a mheasúnú ar dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, trí bhíthin dhá chomhpháirt measúnaithe: tionscadal samhaltaithe, agus scrúdpháipéar.
Léirítear an gaol idir cur i bhfeidhm scileanna agus ábhar teoiriciúil na sonraíochta sa dá chomhpháirt mheasúnaithe.
Beidh an tionscadal samhaltaithe bunaithe ar threoir a eiseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) gach bliain.

  • computer screen