Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Teicneolaíocht

Éascaíonn an speisialtóireacht ghairme seo forbairt phearsanta an fhoghlaimeora ar bhealaí éagsúla. Tá sé bunaithe ar thaithí shaoil an fhoghlaimeora. Cuireann sé deiseanna ar fáil raon scileanna praiticiúla agus cineálacha a fhorbairt a shamhlaítear go hiondúil leis an staidéar ar an teicneolaíocht. Cumasaíonn sé an foghlaimeoir le plé leis an bpobal áitiúil mar fhoghlaimeoir agus mar rannpháirtí agus lena chur in iúl ag úsáid raon scileanna grafacha agus cumarsáide eile. Tá sé d’aidhm leis an gcúrsa an foghlaimeoir a chur ag smaoineamh agus ag fáil taithí ar na gnéithe aeistéitiúla, sábháilteachta, timpeallachta, gairme agus feasachta tomhaltóirí a bhaineann leis an teicneolaíocht.