Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Eolaíocht

Cuidíonn an eolaíocht sa churaclam leis an scoláire an domhan mórthimpeall air a thuiscint. Cuireann sí lena oideachas go ginearálta. Tá sé d’aidhm leis an gcúrsa roghnach ar Eolaíocht litearthacht eolaíochta an scoláire a fhorbairt le go mbeidh sé muiníneach agus cumasach agus é ag plé le cúrsaí eolaíochta ó lá go lá. Tá sé d’aidhm leis freisin é a chumasú le meas a bheith aige ar scileanna agus ar eolas eolaíochta. Ar deireadh, cuireann an cúrsa eolas ar fáil don scoláire ionas go dtuigfeadh sé an obair a bheadh i gceist dá mba mhian leis leanúint ar aghaidh agus tabhairt faoi chúrsaí cuí PLC.

D’fhéadfadh go ndearna an scoláire staidéar ar an eolaíocht sa bhunscoil nó don Teastas Sóisearach. Cuireann an cúrsa roghnach Eolaíochta conair ar fáil le leanúint ar aghaidh leis an eolaíocht agus béim ar an saol laethúil. Ar an gcaoi chéanna, cuirfidh scoláirí an chúrsa Eolaíochta nach bhfuil aon taithí acu ar an eolaíocht eolas ar chúrsaí eolaíochta ar bhealach ábhartha agus coincréiteacha sula bhfágann siad an scoil.

Ag leibhéal na hArdteistiméireachta, deartar na siollabais eolaíochta leis na gnéithe seo a leanas a chlúdach:

  • eolaíocht don duine fiosrach nó fíor-eolaíocht, lena n-áirítear prionsabail, gnásanna agus coincheapa an ábhair chomh maith le gnéithe cultúrtha agus stairiúla a bhaineann leis
  • eolaíocht don ghníomh nó feidhmeanna na heolaíochta agus an t-idirphlé idir í agus an teicneolaíocht
  • eolaíocht a bhíonn ag plé le ceisteanna – polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha – a bhíonn i mbéal an phobail

Díríonn modúil Eolaíochta na hArdteistiméireachta Feidhmí ar ‘eolaíocht do ghníomh’ agus ar ‘eolaíocht do shaoránaigh’, ag tarraingt ar an ‘bhfíor-eolaíocht’ nuair is gá amháin. I gcás gach modúil bíonn gné shóisialta ann, breathnaítear ar cheisteanna eiticiúla agus cuireann sé an t-eolas eolaíochta ar fáil don scoláire a theastóidh uaidh ina shaol laethúil.