Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Oideachas Reiligiúnach

Tá sé d’aidhm leis an siollabas oideachais reiligiúnaigh tacú le spriocanna iomlánaíocha an oideachais trí fhás pearsanta a chur chun cinn agus forbairt spioradálta a éascú. Spreagann sé an scoláire le tabhairt faoi chuardach na brí agus tugann sé deis dó machnamh a dhéanamh agus tuiscint agus léirmhíniú a fhorbairt ar an taithí sin i bhfianaise ár ndomhain síorathraithe. Tugann sé deis don scoláire scéalta reiligiúnacha a fhiosrú agus, nuair is cuí, a scéal reiligiúnach féin, agus chun a áit féin sa scéal sin anois agus sa todhchaí a mheas. Taispeántar raon leathan traidisiúin reiligiúnacha dó agus spreagann sé cur chun cinn na comhthuisceana agus na caoinfhulaingthe. Éascaíonn sé forbairt mhorálta trí phróiseas cinnteoireachta morálta a chur i bhfeidhm.