Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Feidhmeanna Matamaiticiúla

Táthar ag súil go n-ullmhóidh Feidhmeanna Matamaiticiúla na hArdteistiméireachta Feidhmí an scoláire don saol, dá ghairm bheatha, do bhreisoideachas agus do dhomhan ina gcaitear scileanna agus faisnéis a nuashonrú ar bhonn rialta. Féachann an cúrsa le heolas, scileanna agus coincheapa matamaiticiúla an scoláire a dhaingniú agus a fheabhsú trí fheidhmeanna praiticiúla, anailíseacha agus réitigh fadhbanna agus trí chomhcheangal le modúil eile.

 

Léirítear an bhéim ar chomh feidhmeach is atá Clár na hArdteistiméireachta Feidhmí sna módúil. Tosaítear le taithí an scoláire agus féachtar lena shuim sa mhatamaitic a mhéadú trí na gaiscí agus na scileanna a fhorbraíonn sé agus é ag dul i ngleic leis an matamaitic sa ghnáthshaol, ar obair agus san fhóillíocht. Spreagtar an scoláire le heitic na hoibre a fhorbairt ina gcuirtear béim ar chaighdeán, ar chruinneas agus ar iontaofacht.

Tá an tuairisceoir athbhreithnithe modúil seo a leanas ar fáil don scoláire a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain den Ardteistiméireacht Fheidhmeach i Meán Fómhair 2021.