Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Fóillíocht agus Caitheamh Aimsire

Dearadh an Cúrsa Fóillíochta agus Caithimh Aimsire chun cuidiú le scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí scileanna a fháil agus a fhorbairt a spreagfaidh iad le páirt a ghlacadh i gcaitheamh aimsire gníomhach. Leathnóidh an modúl an tuiscint atá ag an scoláire ar ghníomhaíochtaí fóillíochta agus caithimh aimsire agus tabharfaidh sé deis dó páirt a ghlacadh i raon gníomhaíochtaí fisiciúla. Spreagann an modúl chomh maith comhoibriú idir scoláirí agus éascaíonn sé forbairt scileanna pearsanta agus sóisialta. Cuireann an cúrsa Fóillíochta agus Caithimh Aimsire foghlaim fadtéarma chun cinn agus spreagann sé an scoláire le saol gníomhach, folláin agus fiúntach a roghnú.