Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Drámaíocht

Tá sé d’aidhm leis an gcúrsa seo muinín, féin-mheas agus scileanna sóisialta an scoláire a fhorbairt tríd an drámaíocht. Trí pháirt a ghlacadh i dtobchumadóireacht, rólimirt agus gníomhaíochtaí eile, forbróidh an scoláire a chumas

cumarsáide i suíomhanna idirphearsanta agus oibre araon. Forbrófar taithí agus tuiscint an scoláire ar ghnéithe den aisteoireacht ar nós forbairt charachtar, plota agus gutha mar chuid dá rannpháirtíocht i réimsí ar nós tobchumadóireachta agus taibhiú.

Tá sé d’aidhm leis an gcúrsa freisin go mbainfeadh an scoláire taitneamh as an drámaíocht agus go mbeadh léirthuiscint aige di, trí léiriú beo drámaíochta amháin ar a laghad i ngach modúl.