Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Curaclam

Féadfaidh an t-oideachas sraithe sinsearaí in Éirinn a bheith dhá bhliain nó trí bliana ar fad. Féadfaidh scoláirí clár Ardteistiméireachta dhá bhliain a dhéanamh nó bliain roghnach bhreise a dhéanamh ag tús na sraithe sóisearaí. An Idirbhliain a thugtar uirthi sin.

Déanann formhór na scoláirí an Ardteistiméireacht ag deireadh na sraithe sinsearaí. Is gnách le scoláirí idir 6 agus 8 n-ábhar a roghnú as liosta ábhar faofa.

Déanann scoláirí a roghnaíonn Gairmchlár na hArdteistiméireachta 6 nó 7 n-ábhar Ardteistiméireachta mar aon le dhá nascmhodúl: Ullmhúchán do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontraíochta.

Déanann scoláirí a roghnaíonn an Ardteistiméireacht Fheidhmeach clár réamhghairme ina bhfuil raon cúrsaí bunaithe ar thrí eilimint: Gairmullmhúchán, Gairmoideachas agus Oideachas Ginearálta.

Athbhreithniú ar Churaclam na Sraithe Sinsearaí

Tá roinnt ábhar Ardteistiméireachta faoi athbhreithniú i láthair na huaire.

An Ardteistiméireacht Bhunaithe

Clár dhá bhliain is ea an Ardteistiméireacht (Bhunaithe) a fhéachann le hoideachas leathan cothromaithe a thabhairt d'fhoghlaimeoirí agus an deis a thabhairt dóibh ag an am céanna ullmhú faoi choinne roghanna ardoideachais agus gairme ar leith.

I gcoitinne, déanann scoláirí cúig ábhar nó níos mó (seacht gcinn, de ghnáth) sa scrúdú, agus caithfidh an Ghaeilge a bheith ina measc. Is gnách ábhar a dhéanamh ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal. Tá trí ábhar ann – Gaeilge, Béarla agus Matamaitic – ina gcuirtear Páipéar Bonnleibhéal ar fáil, leis.

Tá siollabais ar fáil i 34 ábhar. Baineann gach ábhar le grúpa ábhar, mar a thaispeántar sa tábla thíos. Baineann dhá ábhar –  Eacnamaíocht Bhaile agus Fisic agus Ceimic – le dhá ghrúpa.

An Grúpa Teangacha

Gaeilge, Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Laidin, Gréigis, Spáinnis, Araibis, Seapáinis, Rúisis, Staidéar Clasaiceach, Léann Eabhrach, Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis, Portaingéilis

An Grúpa Eolaíochta

Matamaitic Fheidhmeach, Bitheolaíocht, Ceimic, Matamaitic, Fisic, Fisic agus Ceimic

An Grúpa Staidéar Gnó

Cuntasaíocht, Gnó, Eacnamaíocht

An Grúpa Eolaíochtaí Feidhmeacha

Eolaíocht Talmhaíochta, Staidéar Foirgníochta, Innealtóireacht, Eacnamaíocht Bhaile, Fisic agus Ceimic, Grafaic Dheartha agus Chumarsáide

An Grúpa Staidéar Sóisialta

Ealaín, Tíreolaíocht, Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Ceol, Polaitíochta agus Sochaí

Le cois na n-ábhar seo, cuireann Coimisiún na Scrúduithe Stáit scrúduithe ar fáil in aon cheann de theangacha aitheanta an Aontais Eorpaigh, i gcás ina meastar go bhfuil stádas cuí ag an iarrthóir/iarratasóra.

Ábhair >

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.