Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Forbhreathnú ar an Siollabas

Snáithe 1: Cumhacht agus cinnteoireacht

Baineann a lán de na bunsmaointe agus na hargóintí de chuid na n-eolaíochtaí sóisialta agus polaitiúla, na hantraipeolaíochta agus na fealsúnachta polaitiúla leis an gcaoi ar féidir le caomhnú an oird shóisialta feabhas a chur ar shaol daoine agus le cé a bhaineann agus cé a chailleann ó na bealaí difriúla ina n-eagraítear sochaithe. Cuimsíonn sé sin díospóireachtaí agus plé ar na bealaí ina mbíonn daoine idirspleách; róil rialacha, dlíthe, norm agus luachanna chun ord a chinntiú; an chaoi ar féidir an lag a chosaint ag an láidir agus ón láidir; cé a bhíonn thíos agus cé a bhíonn thuas faoi rialacha agus faoi dhlíthe sochaithe comhaimseartha; agus ar na bealaí is oiriúnaí chun athrú a thionscnamh sa tsochaí.  Taobh thiar dóibh sin ar fad faightear ‘ceist na cumhachta’ agus is díol spéise é cé aige a bhfuil an chumhacht agus cé atá ábalta í a úsáid: chun tabhairt ar dhaoine gníomhú ar bhealaí nach ngníomhódh siad ach ab é sin; chun rialacha agus cleachtais a bhunú agus a  fhorghníomhú agus chun smaointe agus tuairimí daoine a mhúnlú.

Cé go bhfuil a lán bealaí ann inarbh fhéidir na smaointe sin a fhiosrú, tugtar fúthu sa Snáith seo trí bhreathnú ar na daoine a bhíonn rannpháirteach sa chinnteoireacht agus ar an mbonn ina nglacann siad páirt. Fiosraíonn an tSnáithe seo na smaointe bunúsacha sin in eolaíochtaí sóisialta agus polaitiúla trí dhá chomhthéacs: cinnteoireacht ar scoil agus cinnteoireacht in institiúidí daonlathacha ag leibhéal náisiúnta agus Eorpach.

Tosaítear Topaic 1 le fiosrúchán ar an rannpháirtíocht i gcinnteoireacht i scoileanna.  Sa chaoi sin tugann sé deis do scoláirí breathnú ar na díospóireachtaí agus ar na ceisteanna faoi chumhacht agus faoi chinnteoireacht i gcomhthéacs ina bhfuil na ceisteanna seo iontach fíor agus a bhfuil brí leo ina saol féin. Cabhróidh sé sin leo a fheiceáil go bhfuil baint dhíreach ag smaointe, díospóireachtaí agus sonraí na heolaíochta sóisialta agus polaitiúla lena saol féin. Díríonn na díospóireachtaí sa Topaic seo ar

  • cén fáth nó an bhfuil rialacha / dlíthe ag teastáil uainn
  • cé na daoine ar chóir dóibh a bheith i mbun na rialacha / dlíthe seo a dhéanamh agus cén fáth
  • cé acu ar chóir rialacha / dlíthe a shrianadh le díriú ar shábháilteacht phearsanta nó cé acu atá tacar rialacha níos leithne ná sin ag teastáil uainn
  • cé a bhaineann tairbhe as an gcaoi a ndeartar na rialacha / dlíthe
  • cé a chuireann na rialacha / dlíthe i bhfeidhm agus cén chaoi a ndéanann siad é.

Ar deireadh, trí na díospóireachtaí seo a bheith acu, forbróidh na foghlaimeoirí a dtuiscint ar ghnéithe difriúla na cumhachta sa saol sóisialta agus polaitiúil.

Dírítear i dTopaic 2 ar an gcinnteoireacht in institiúidí daonlathacha ag leibhéal náisiúnta agus Eorpach. Tá iliomad brainsí difriúla rialtais agus institiúidí difriúla trína bhféadfaí an chinnteoireacht a iniúchadh.  Dírítear sa Topaic seo go háirithe ar an gcaoi ina ndéantar ionadaíocht do dhaoine laistigh de bhrainse feidhmiúcháin an rialtais in Éirinn, agus, ar mhaithe le comparáid a dhéanamh, i dTuaisceart Éireann agus san Aontas Eorpach.  Coimeádann comparáid den chineál sin an bhéim ar institiúidí a bhfuil brí dhíreach acu le saol daoine in Éirinn agus ag an am céanna ligeann sí do scoláirí tuiscint níos fearr a bheith acu gur de bharr roghanna a dhéantar a bhíonn eagraíocht pholaitiúil de chineál ar bith ann.

Tá ról an-tábhachtach ag baint leis na meáin go háirithe sa mhéid is go gcuireann siad le nádúr an phlé i sochaithe daonlathacha agus go múnlaíonn siad é.   I dteannta fócas a dhíriú ar bhrainse feidhmiúcháin an rialtais, mar sin de, tá fócas ar leith i dTopaic 2 ar ról na meán i sochaithe daonlathacha.

Faoi dheireadh Snáithe 1 beidh blaiseadh faighte ag foghlaimeoirí ar a lán de smaointe agus de choincheapa bunúsacha na Polaitíochta agus na Sochaí. Áirítear ina measc sin cumhacht, ionadaíocht, daonlathas, aicme shóisialta agus inscne.  Tabharfaidh aonaid ina dhiaidh sin deiseanna chun níos mó úsáide a bhaint as na tuiscintí atá acu ar na coincheapa seo agus tuiscintí níos doimhne a bheith acu. Bheadh tús curtha ag foghlaimeoirí freisin ar fhianaise agus ar shonraí a úsáid chun teacht ar bhreithiúnais mhachnamhacha faoi bhuncheisteanna sa saol sóisialta agus polaitiúil.

Topaic 1: Cumhacht agus cinnteoireacht ar scoil

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1.1. Próisis na cumhachta agus na cinnteoireachta ina scoil
  1. 1

    cur síos a dhéanamh ar phróiseas na cinnteoireachta agus róil ghrúpaí éagsúla amhail múinteoirí, príomhoide, tuismitheoirí, scoláirí, bord bainistíochta, patrún, comhlachtaí reachtúla, rialtas, maidir le:

    • gné amháin de rialacha scoile a bhaineann le sábháilteacht,  mar shampla  polasaithe ar throdaíocht nó ar bhulaíocht
    • gné amháin de rialacha scoile nach mbaineann le sábháilteacht,  mar shampla rialacha faoin éide scoile
    • book
    • link
    • key skills
    • arrow
    • clipboard
  2. 2

    teacht ar chonclúid, bunaithe ar na samplaí sin, maidir le cén duine nó cén grúpa acu sin is mó nó is lú a imríonn tionchar ar rialacha scoile

    • clipboard
1.2. Argóintí maidir leis an ngá i gcomhair rialacha
  1. 1

    na hargóintí seo a leanas faoi rialacha agus faoin bpróiseas ina ndéantar rialacha a úsáid ina gcuid focal féin agus ina gcomhthéacs féin:

    • tugann rialacha cosaint do bhaill laga an phobail ó bhaill is láidre ná iad agus tugann siad creat i gcomhair rannpháirtíocht ordúil san fhoghlaim ar scoil
    • ba chóir gurb ag na daoine is mó eolas agus críonnacht a bheadh an ról is mó i gcur le chéile rialacha
    • níor chóir ach fíorbheagán rialacha a bheith ann agus iad siúd dírithe ar dhaoine a choimeád slán amháin; aon rud thairis sin is sárú é ar shaoirse daoine
    • is féidir leo siúd is mó a bhfuil cumhacht nó tionchar acu rialacha a dhéanamh a thagann lena leas féin agus ní le leas gach duine sa phobal
    • tá contúirt ann go ndéanfaidh siad siúd a bhfuil an chumhacht acu rialacha a fhorfheidhmiú go dírialta
    •  is trí chloí le noirm agus le luachanna, agus ní trí fhorfheidhmiú rialacha, a choimeádtar rudaí agus daoine in ord
    • clipboard
  2. 2

    dul i ngleic le tuairimí difriúla agus, mar is cuí, fianaise a mheas agus a úsáid chun teacht ar chonclúid maidir le cé acu argóint is infhulaingthe

    • clipboard
  3. 3

    a aithint cé acu ceann de na hargóintí seo a luafaí le seasamh ‘den eite chlé’ agus cé acu a bhainfeadh le seasamh ‘den eite dheis’ agus cé acu a d’fhéadfaí a cheangal le ceachtar acu

    • clipboard
1.3. Smaointe atá taobh thiar de na hargóintí seo
  1. 1

    na gnéithe seo a leanas de choincheap na cumhachta a léiriú maidir lena dtimpeallacht féin:

    • tabhairt ar dhaoine gníomhú ar bhealaí nach ndéanfadh siad go hiondúil ach ab é sin
    • a bheith ábalta rialacha nó cleachtais a shocrú a théann chun sochair grúpaí áirithe seachas a chéile
    • a bheith ábalta smaointe a mhúnlú ionas go smaoineoidh daoine gurb í caoi áirithe chun rudaí a dhéanamh an chaoi is fearr nó an t-aon chaoi (idé-eolaíocht)
    • is féidir le réimse daoine nó grúpaí i sochaí cumhacht a bheith acu, lena n-áirítear iad siúd ar cosúil go bhfuil siad ‘gan chumhacht’ institiúideach
    • clipboard
1.4. Fianaise maidir le tionchair rialacha agus próiseas déanta rialacha
  1. 1

    fianaise ó thaighde a choimriú ar cá mhéad atá, nó nach bhfuil, grúpaí áirithe faoi ghannionadaíocht sna próisis chinnteoireachta i scoileanna

    • clipboard
  2. 2

    dul i ngleic le tuairimí difriúla agus fianaise a mheas agus a úsáid chun teacht ar chonclúid cé acu atá próisis chinnteoireachta i scoileanna oiriúnach

    • clipboard

Topaic 2: Cumhacht agus cinnteoireacht ag leibhéal náisiúnta agus Eorpach

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

2.1. Beartas náisiúnta a dhéanamh
  1. 1

    cur síos ar phróiseas na cinnteoireachta ag leibhéal náisiúnta i dtaca le polasaí a imríonn tionchar ar dhaoine óga, ag tagairt do ról na ngrúpaí seo:

    • grúpaí nó comhlachtaí sa tsochaí shibhialta
    • comhlachtaí reachtúla
    • an státseirbhís
    • próiseas na comhpháirtíochta sóisialta
    • an t-aire ábhartha agus an rialtas
    • páirtithe polaitíochta
    • Tithe an Oireachtais
    • an tAontas Eorpach
    • comhaontaithe fornáisiúnta amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh
    • clipboard
2.2. Conas a roghnaítear brainse feidhmiúcháin an rialtais
  1. 1

    forbhreathnú a thabhairt ar oibríocht bhrainsí feidhmiúcháin, reachtúla agus breithiúnacha an rialtais

    • clipboard
  2. 2

    cur síos ar na córais vótála do Thithe an Oireachtais, lena n-áirítear teidlíocht i leith cearta vótála agus na srianta atá leo

    • clipboard
  3. 3

    cur síos ar an gcaoi a ndéantar an Taoiseach agus an Rialtas a roghnú, agus ar a róil

    • clipboard
  4. 4

    cur síos ar an gcaoi a ndéantar Feidhmeannas Thuaisceart Éireann a roghnú, agus ar róil na n-airí

    • clipboard
  5. 5

    cur síos ar an gcaoi a ndéantar Coimisiún na hEorpa a roghnú, ar an gcaoi a ndéantar Parlaimint na hEorpa a roghnú, ar an gcaoi a bhfuil Comhairle Aontas na hEorpa comhdhéanta (Comhairle na nAirí), agus a róil feidhmiúcháin faoi seach

    • clipboard
  6. 6

    cur síos ar an gcaoi a gcuirtear an feidhmeannas in áit i dtír neamhdhaonlathach shamplach

    • clipboard
  7. 7

    na ceithre chur chuige seo chun feidhmeannas a roghnú a chur i gcomparáid, agus na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann le gach ceann acu a aithint

    • clipboard
2.3. Aicme shóisialta agus inscne mar chatagóirí sóisialta tábhachtacha
  1. 1

    cur síos ar an mbrí a bhaintear as ‘aicme shóisialta’

    • clipboard
  2. 2

    an dearcadh a léiriú gur gné thábhachtach, sa chaipitleachas,  idirdhealú na n-aicmí sóisialta, chun catagóiriú a dhéanamh ar cé aige a bhfuil agus nach bhfuil an chumhacht

    • clipboard
  3. 3

    meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar an dearcadh gur gné thábhachtach, sa chaipitleachas,  idirdhealú na n-aicmí sóisialta, chun catagóiriú a dhéanamh ar cé aige a bhfuil agus nach bhfuil an chumhacht

    • clipboard
  4. 4

    sainmhíniú a thabhairt ar cad is brí le ‘patrarcacht’

    • clipboard
  5. 5

    an dearcadh a léiriú gur gné thábhachtach, sa phatrarcacht,  idirdhealú na n-inscní, chun catagóiriú a dhéanamh ar cé aige a bhfuil agus nach bhfuil an chumhacht

    • clipboard
  6. 6

    meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar an dearcadh gur patrarcacht í sochaí chomhaimseartha na hÉireann

    • clipboard
2.4. Argóintí a bhaineann le hionadaíocht
  1. 1

    a aithint cé chomh hábhartha agus atá na hargóintí agus na smaointe a pléadh i dTopaic 1.2 agus 1.3 ag leibhéal náisiúnta

    • clipboard
2.5. Fianaise ar éifeachtúlacht na hionadaíochta
  1. 1

    coimriú a dhéanamh ar an bhfianaise ó thaighde ar éifeachtúlacht chóras toghchánaíochta na hÉireann chun ionadaíocht a dhéanamh do thoil phobal uile na hÉireann

    • clipboard
  2. 2

    dul i ngleic le tuairimí difriúla agus fianaise a mheas agus a úsáid chun teacht ar chonclúid cé acu atá córas rialtais na hÉireann éifeachtach chun ionadaíocht a dhéanamh do thoil phobal uile na hÉireann

    • clipboard
  3. 3

    meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar phíosa taighde cáilíochtúil nó cainníochtúil—nach bhfaca siad riamh roimhe—ar ghné den ionadaíocht sa chinnteoireacht, ag tagairt do cháilíocht na fianaise agus na gconclúidí ar thángthas orthu sa staidéar sin

    • clipboard
2.6. Meáin thraidisiúnta agus meáin nua i stáit dhaonlathacha
  1. 1

    nádúr athraitheach na meán comhaimseartha a fhiosrú, ag aithint:

    • tréithe na gcineálacha difriúla meán
    • rialú na faisnéise i gcineálacha difriúla meán
    • dúshláin roimh rialálaithe na meán
    • clipboard
  2. 2

    cur síos ar an mbrí atá le ‘saoirse an phreasa’ agus ‘freagracht shóisialta an phreasa’ agus ‘cuntasacht an phreasa’

    • clipboard
  3. 3

    na róil a aithint a shíltear a bheith ag an trí choincheap sin i sochaí dhaonlathach

    • clipboard
  4. 4

    ag tarraingt ar na smaointe a thugtar in 1.3, cur síos ar chumhacht cineálacha éagsúla meán i dtaca le:

    • úinéireacht agus rialú na meán
    • ról na fógraíochta sna meáin
    • cumhacht na ndaoine a oibríonn sna meáin
    • na straitéisí spriocaimsiú tomhaltóirí a úsáideann na meáin
    • túsphointe an inneachair sna meáin
    • cumhacht agus tionchar domhanda na meán
    • clipboard
2.7. Rannpháirtithe sna díospóireachtaí seo
  1. 1

    cur síos i dtéarmaí ginearálta agus coimre ar an tionchar a bhí ag Thomas Hobbes, John Locke, Robert Nozick, Sylvia Walby, Karl Marx agus Kathleen Lynch ar an gcaibidil sa snáithe seo agus ar na comhthéacsanna lenar bhain a dtionchair sin.

    • clipboard

Snáithe 2: Saoránacht Ghníomhach

Pléann Snáithe 1 leis na coincheapa agus na smaointe atá bunúsach i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí. Díríonn sé freisin ar roinnt de na scileanna bunúsacha a bhaineann le hanailís agus léirmhíniú a dhéanamh ar fhianaise agus ar shonraí.  Pléann Snáithe 2 le réimse eile scileanna atá bunúsach freisin don tsaoránacht éifeachtach agus mhachnamhach. Cuimsíonn siad sin na scileanna chun cur go héifeachtach le pobail agus na scileanna a bhaineann le cur agus cúiteamh agus teacht chun cinnidh le linn obair le daoine eile.

Caoi amháin inar féidir le foghlaimeoirí an méid a d’fhoghlaim siad a spré trasna ar Aonaid na Polaitíochta agus na Sochaí le chéile is ea an tionscadal saoránachta, a dtabharfar faoi i dtaca le ceann de théamaí an ábhair.  Cuirfidh an tionscadal seo ar chumas scoláirí deiseanna a mheas chun dul i mbun gnímh i bpobail, chun an ghníomhaíocht a roghnaíonn siad a dhéanamh a chosaint, agus chun a gcuid foghlama féin a mheas ó bheith ina rannpháirtithe gníomhacha sa saol poiblí, sóisialta agus polaitiúil. Cé go dtarraingeoidh foghlaimeoirí ar na torthaí foghlama uile ó gach snáithe agus iad i mbun an tionscadail seo, is iad na torthaí foghlama a shonraítear in Snáithe 2 is mó a bhaineann leis an tionscadal. Tabharfar ualú de 20% don tionscadal sna marcanna do mheasúnú deiridh na Polaitíochta agus na Sochaí.

Dírítear i dTopaic 3 ar bheith i do rannpháirtí gníomhach i ngné éigin den saol poiblí, sóisialta agus polaitiúil. Léiríonn sí an phríomhscil ‘a bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta’. Tosaíonn Topaic 3 a dhíriú ar chineálacha difriúla gnímh is féidir a dhéanamh sa saol sóisialta agus polaitiúil, sula dtéitear ar aghaidh chun na scileanna a fhiosrú a chuireann ar chumas duine a bheith éifeachtach sna gníomhartha a roghnaíonn siad a dhéanamh.

Tugann Topaic 4 aghaidh ar na scileanna a bhaineann le bheith ag obair le daoine eile i ngrúpaí agus sa tsochaí dhaonlathach trí chéile.  Léiríonn sí an phríomhscil ‘obair le daoine eile’. Ó tharla go dtosaítear sa topaic seo a bhreathnú ar chearta agus ar fhreagrachtaí a bhaineann le cumarsáid a dhéanamh, cruthaíonn sí nasc le Snáithe 3: Cearta agus Freagrachtaí an Duine.

Bíodh is go gcuirtear Snáithe 1 agus 2 i láthair go seicheamhach, dáiríre teagascfar na scileanna atá le fáil in Snáithe 2 le hais na gcoincheap agus na smaointe a mbítear ag plé leo in Snáithe 1. Beidh siad á gcleachtadh agus á gcur i bhfeidhm freisin trí na cuir chuige teagaisc agus foghlama a roghnaítear thar na ceithre haonaid ar fad.

Topaic 3: Cur go héifeachtach le pobail

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

3.1. Daoine a chuir go dearfach lena gcomhthéacs sóisialta
  1. 1

    cur síos ar dhóigh ghinearálta ar an gcaoi inar      thriail daoine, as Éirinn agus ar fud an domhain mhóir, rudaí a dhéanamh a chonaic siad mar thionchar dearfach ar a sochaí, lena n-áirítear:

    • duine éigin a chuaigh le hobair charthanachta, dheonach nó phobail ar nós Eunice Kennedy Schriver
    • duine éigin a tharraing oifig pholaitíochta air féin ar nós Harvey Milk
    • duine éigin a roghnaigh obair a dhéanamh sa tseirbhís phoiblí ar nós múinteora, altra nó oibrí sóisialta  
    • duine éigin a bhain úsáid as an dlí, mar shampla  Mary Robinson
    • duine éigin a d’úsáid easumhlaíocht shibhialta ar nós Gandhi
    • duine éigin a mhol úsáid an fhoréigin in aghaidh stát neamh-dhaonlathach ar nós Nelson Mandela
    • clipboard
  2. 2

    meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar oiriúnacht na straitéise a roghnaigh na daoine seo

    • clipboard
  3. 3

    na cáilíochtaí pearsanta a shainaithint a bhaineann le bheith éifeachtach chun tionchar dearfach a bheith agat ar an tsochaí

    • clipboard
3.2. A bheith bainte le, nó tús a chur le tionscnamh, grúpa nó eagraíocht
  1. 1

    teagmháil a dhéanamh le tionscnaimh, grúpaí nó eagraíochtaí atá bainte le polaitíocht, cearta an duine, éagsúlacht chultúrtha nó Forbairt Inbhuanaithe

    • clipboard
  2. 2

    eolas a bhailiú atá bainteach lena rannpháirtíocht féin san eagraíocht, grúpa nó tionscnamh

    • clipboard
3.3. An réimse bealaí chun dul i mbun gnímh ag leibhéal áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta
  1. 1

    tabhairt faoi chineál éigin gnímh a comhaontaíodh le tionscnamh, grúpa nó eagraíocht atá bainte le polaitíocht, cearta an duine, éagsúlacht chultúrtha nó Forbairt Inbhuanaithe nó tionscnamh, grúpa eagraíocht nua a fhorbairt ag obair i gceann de na réimsí sin

    • clipboard
  2. 2

    an cineál gnímh a roghnaigh siad a dhéanamh a chosaint i bhfianaise roghanna ailtéarnacha a bheith ann

    • clipboard
3.4. Spriocanna pearsanta agus comhchoiteanna a aithint, a mheas agus a bhaint amach, lena n-áirítear ple
  1. 1

    aidhmeanna agus spriocanna pearsanta agus comhchoiteanna a shocrú atá le baint amach taobh istigh d’am áirithe

    • clipboard
  2. 2

    pleananna gnímh a chumadh chun cabhrú leis na spriocanna a bhaint amach agus modhanna a aimsiú chun monatóireacht a dhéanamh ar a fheabhas atá ag éirí leis na pleananna

    • clipboard
  3. 3

    comhoibriú le baill eile an ghrúpa chun spriocanna comhchoiteanna a aithint

    • clipboard
  4. 4

    comhoibriú le baill an ghrúpa chun a aithint conas is féidir le róil dhifriúla cur leis na spriocanna comhchoiteanna

    • clipboard
  5. 5

    smaointe agus riachtanais laistigh den ghrúpa a chur in iúl

    • clipboard
  6. 6

    aon chabhair agus acmhainní a aithint a bheidh ag teastáil chun na pleananna a chur i bhfeidhm agus na spriocanna a bhaint amach

    • clipboard
  7. 7

    laistigh d’amscála áirithe, meastóireacht a dhéanamh ar an méid a baineadh na spriocanna amach agus dul i mbun machnamh pearsanta ar an bpróiseas socrú aidhmeanna agus spriocanna

    • clipboard
3.5. Tréithe pearsanta a fhorbairt a chabhróidh i suíomhanna nua agus deacra, ar nós a bheith solúbtha, a
  1. 1

    aithint gur dócha go mbeidh neamhchinnteacht ag baint le suíomhanna nua agus go dtabharfaidh siad dúshláin phearsanta agus buanseasamh a dhéanamh iontu

    • clipboard
  2. 2

    a bheith tionscantach ar ócáidí áirithe agus gan cúraimí a fhágáil i gcónaí faoi dhaoine eile

    • clipboard
  3. 3

    a bheith solúbtha agus a bheith ullamh chun triail a bhaint as cur chuige difriúil

    • clipboard
  4. 4

    a bheith dílis ag tabhairt tascanna agus bearta chun críche

    • clipboard
3.6. Tú féin a luacháil, meastóireacht a dhéanamh ar do chuid oibre féin, aiseolas a fháil agus frea
  1. 1

    am a chur i leataobh chun éachtaí reatha a mheas go grinn agus, le cabhair ó dhaoine eile, breathnú go hionraic ar a gcuid láidreachtaí agus laigí

    • clipboard
  2. 2

    teacht aniar a léiriú maidir le haiseolas a fháil agus ciall a bhaint as

    • clipboard

Topaic 4: Cearta agus freagrachtaí i gcumarsáid le daoine eile

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

4.1. Cearta ar shaoirse cainte i gcomhthéacsanna le grúpaí beaga
  1. 1

    cur síos ar a gcearta chun a dtuairimí a chur in iúl agus éisteacht a fháil ar cheisteanna a théann i gcion orthu (airteagal 12) smaointe agus eolas a lorg, a fháil agus a roinnt (airteagal 13 agus airteagal 17) de réir Choinbhinsiún NA um Chearta an Linbh

    • clipboard
  2. 2

    coimre a dhéanamh ar fhianaise ó thaighde ar cé acu a bhíonn na cearta sin ag gach duine in Éirinn

    • clipboard
  3. 3

    dul i ngleic le dearcthaí difriúla agus fianaise a mheas agus a úsáid chun teacht ar chonclúid cé acu a bhíonn na cearta seo ag gach duine in Éirinn ar bhonn cothrom

    • clipboard
  4. 4

    a aithint gur sealbhóir cearta agus seachadóir dualgais araon iad i dtaca leis na cearta seo, agus go mbíonn ról le himirt ag scileanna éisteachta, cumarsáide, agus aimsiú agus meastóireacht eolais chun a chinntiú go mbíonn na cearta seo ag cách

    • clipboard
4.2. Scileanna éisteachta agus cumarsáide a fhorbairt
  1. 1

    páirt a ghlacadh i bpróiseas 'grúpa beag’ trí bheith ábalta:

    • pointí a dhéanamh go soiléir agus go gonta
    • éisteacht go haireach le dearcthaí eile
    • ionbhá a fhorbairt agus malairt tuairimí a fheiceáil
    • mothúcháin a chur in iúl ar bhealaí iomchuí
    • cabhrú le daoine eile muintearas a bhraistint
    • cabhrú leis an ngrúpa a spreagadh chun  leanúint orthu in aghaidh deacrachtaí
    • éachtaí an ghrúpa a cheiliúradh
    • clipboard
4.3. Difríochtaí a aithint agus dul i gcomhairle faoi aighnis agus iad a réiteach
  1. 1

    déileáil le haighneas sa ghrúpa trí bheith ábalta:

    • meas a thaispeáint do chearta agus do dhearcthaí daoine eile sa ghrúpa  
    • ionbhá a fhorbairt tríd an gcás a shamhlú ó dhearcadh daoine eile  
    • ceisteanna pearsanta agus caidrimh a scaradh ón gceist atá faoi chaibidil
    • teicnící a úsáid chun cabhrú le réitigh agus roghanna ailtéarnacha a fhiosrú  amhail ransú intinne, léirshamhlú, tréithe dearfacha / diúltacha / suimiúla a liostú
    • réimsí aontaithe agus easaontaithe a aithint idir na seasaimh dhifriúla
    • moltaí a thabhairt faoi réitigh fhéideartha agus bealaí chun cinn
    • na hiarmhairtí is dócha a bheidh le roghanna agus le malairtí a thuar agus scrúdú córasacha a dhéanamh ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí gach cinn acu
    • tionchar na srianta sa saol mar atá a aithint
    • meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí réiteach agus cinntí sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon
    • tuiscint a bheith acu ar an laofacht is dócha a bheidh ann trí anailís ‘na hiarghaoise’ a dhéanamh
    • modhanna chun aighneas a réiteach a aontú
    • clipboard
4.4. Faisnéis agus smaointe a lorg agus a mheas
  1. 1

    faisnéis agus smaointe a lorg agus a mheas a fuarthas ó na meáin thraidisiúnta, meáin nua agus go díreach ó dhaoine eile ar chaoi loighciúil,  trí bheith ábalta:

    • eolas a rochtain ó réimse de mheáin chomhaimseartha, agus trí bheith ábalta daoine cuí a aithint chun ceist a chur orthu
    • tuairimí, dearcthaí agus mothúcháin a bhaint as daoine eile trí úsáid chuí straitéisí ceistiúcháin agus freagartha
    • an difríocht idir tuairim, breithiúnas réasúnach agus fíric a aithint
    • breithiúnas a thabhairt ar inchreidteacht foinse eolais ag úsáid critéar amhail údarthacht, réim, laofacht fhéideartha
    • comhpháirteanna argóna a aithint amhail toimhdí, cúiseanna, frithargóintí agus conclúidí
    • bheith neamhchlaonta agus fiosrach go leor chun dul i mbun  tuairimíocht agus argóna
    • na héifeachtaí a bhaineann le focail chorraitheacha a úsáid in argóintí
    • ról mothúchán chomh maith le loighic a aithint chun dul i bhfeidhm ar bhreithiúnais daoine
    • meastóireacht a dhéanamh ar a gcuid cumarsáid scríofa agus bhriathartha ar bhonn na gcritéar sin
    • clipboard
4.5. Cleachtais dhaonlathacha i ngrúpaí beaga a cheangal leis na cineálacha cleachtas atá oiriúnach do shaoránaigh sa tsochaí trí chéile
  1. 1

    a aithint conas a thiocfadh le scileanna na rannpháirtíochta daonlathaí a úsáid go cuí i ngrúpaí beaga i gcomhthéacsanna áitiúla, náisiúnta, na hEorpa agus an domhain mhóir

    • clipboard

Snáithe 3: Cearta agus freagrachtaí an Duine

Siúd is go dtugann Snáitheanna 1 agus 2 breac-chuntas ar choincheapa  agus ar scileanna bunúsacha na Polaitíochta agus na Sochaí, tugann Snáitheanna 3 agus 4 deis chun iad a úsáid agus a chleachtadh níos mine.

Is príomhchuspóir de chuid na Polaitíochta agus na Sochaí é tuiscint agus meas a bheith ar chearta agus freagrachtaí an duine agus ar dhínit an duine. Tugann Snáithe 3 faoin gcuspóir sin ar bhonn díreach. Ar nós aonaid and topaicí eile, tosaíonn sé le fócas ar chomhthéacs atá bainte go díreach le saol daoine óga, is e sin, a gcearta ar oideachas.  Beidh foghlaimeoirí ábalta tagairt siar freisin chuig an staidéar a rinne siad níos luaithe ar chearta agus ar fhreagrachtaí a bhain le cumarsáid a dhéanamh. I dteannta a chéile, tugann na cearta difriúla seo réimse eispéiris agus ceisteanna difriúla d’fhoghlaimeoirí a bhaineann lena gcuid staidéir ar chearta agus ar fhreagrachtaí. 

Trí iniúchadh a dhéanamh ar na bealaí difriúla ina leagtar amach a gcearta ar oideachas agus ar chumarsáid, tiocfaidh foghlaimeoirí isteach ar rogha de phríomhionstraimí chun cearta a chur i bhfriotal. Is iomaí ionstraim dhifriúil um chearta an duine a bhféadfaí aghaidh a thabhairt uirthi mar chuid de staidéar: i dTopaic 5 roghnaíodh bunreacht na hÉireann agus Coinbhinsiún NA um Chearta an Linbh le haghaidh staidéar ar leith. I dteannta a chéile tugann siad deis d’fhoghlaimeoirí tuiscint a fháil ar na cineálacha difriúla ionstraimí atá ann agus na cineálacha tionchar is féidir a bheith acu. Beidh deis ag foghlaimeoirí freisin iniúchadh a dhéanamh ar choincheapa faoi chearta an duine agus na teorainneacha a bhaineann le cearta an duine a chur i bhfeidhm agus na srianta atá ar a n-úsáid. Fiosraítear freisin coincheap comhionannas ceart agus déantar an fhianaise i leith an chomhionannais a scrúdú agus a mheas.

Tá fócas níos leithne ag baint le Topaic 6 ina mbreathnaítear ar chearta agus freagrachtaí an duine i gcomhthéacs na hEorpa agus an domhain mhóir. Tugann sé isteach rogha eile ceart, lena n-áirítear an ceart chun marthana agus chun forbartha, an ceart ar shaoirse smaointeoireachta, coinsiasa, agus reiligiún nó creideamh follasach a bheith ag duine, an ceart ar chosaint ó fhoréigean fisiceach nó meabhrach, gortú, faillí nó mí-úsáid agus an ceart chun scíthe, fóillíochta, áineasa agus siamsaíochta.  Breathnaítear ann den chéad uair freisin ar dhoiciméid ábhartha eile ar chearta an duine: Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine agus Dearbhú na Náisiún Aontaithe (NA) maidir leis an gCeart chun Forbartha. Leathnaíonn se amach an díospóireacht ar cheisteanna cearta an duine chun iniúchadh a dhéanamh ar an idiroibriú idir cearta an duine agus cúrsaí cultúir agus cuireann sé ar chumas foghlaimeoirí a gcuid scileanna léirmhíniú sonraí a fhorbairt tuilleadh agus a úsáid i dtaca le cearta an duine.

Topaic 5: Cearta agus freagrachtaí an Duine in Éirinn

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

5.1. Roinnt de chearta daoine óga
  1. 1

    a gcearta ar oideachas a aithint faoi mar a chuirtear síos orthu in Bunreacht na hÉireann

    • clipboard
  2. 2

    a gcearta ar oideachas a aithint (airteagail 28 agus 29), de réir Choinbhinsiún NA um Chearta an Linbh

    • clipboard
  3. 3

    an ceangal a aithint idir Choinbhinsiún NA um Chearta an Linbh agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine

    • clipboard
  4. 4

    a aithint sa chomhthéacs sin cad is brí leis na téarmaí ‘sealbhóir ceart’ agus seachadóir dualgais’

    • clipboard
  5. 5

    ag úsáid na gcoincheap ‘oibleagáid láithreach’ agus ‘fíorú forchéimnitheach’,  a aithint cad is brí le stáit a bheith ag aontú go ngníomhóidh siad chun cearta a chur i bhfeidhm 'a oiread agus is féidir de réir a gcuid acmhainní’

    • clipboard
5.2. Prionsabail um chearta an duine
  1. 1

    míniú a thabhairt cad a chiallaíonn sé cearta an duine a fheiceáil mar rud

    • uilechoiteann
    • doshannta
    • doroinnte
    • clipboard
  2. 2

    idirdhealú idir

    • cearta sibhialta agus polaitiúla
    • cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha
    • clipboard
  3. 3

    míniú a thabhairt cad a chiallaíonn sé go bhfeicfí ceart mar rud

    • daingean
    • teoranta
    • coinníollach
    • clipboard
  4. 4

    míniú a thabhairt cad a chiallaíonn sé go bhfeicfí ceart mar rud

    • diúltach
    • dearfach
    • clipboard
5.3. Smaoineamh an chomhionannais i ndáil le cearta
  1. 1

    cur síos ar cad a chiallaíonn sé go bhfuil daoine i dteideal cearta a bheith acu gan idirdhealú de chineál ar bith, amhail cine, dath, inscne, teanga, reiligiún, tuairim pholaitiúil nó eile, cúlra náisiúnta nó sóisialta, sealúchas, breith nó stádas eile

    • clipboard
  2. 2

    cur síos ar na forais faoina bhfuil idirdhealú mídhleathach de réir dhlí na hÉireann (inscne, stádas teaghlaigh, stádas pósta, gnéaschlaonadh, reiligiún, aois, míchumas, cine, ballraíocht sa Lucht Taistil) ag tagairt siar do na smaointe a clúdaíodh  in 1.3, an t-idirdhealú a léiriú idir leithcheal díreach agus indíreach

    • clipboard
  3. 3

    cur síos ar phatrúin na héagsúlachta arb ann dóibh ar oileán na hÉireann, lena n-áirítear:

    • éagsúlacht eitneach agus ballraíocht sa Lucht Taistil
    • éagsúlacht teanga 
    • ilchineálacht reiligiúnach 
    • éagsúlacht gnéaschlaonadh 
    • éagsúlacht cumas agus míchumas
    • clipboard
5.4. Argóintí agus cearta
  1. 1

    na hargóintí seo a leanas faoi chearta an duine a dhéanamh ina gcuid focal féin agus i dtaca lena dtimpeallacht féin:

    • tugann cearta creat a chosnaíonn muid uile ó ghrúpaí cumhachtacha sa tsochaí
    • tugann cearta bonn dúinn chun comhionannas a chinntiú sa tsochaí
    • tá cearta dearfacha éagórach mar go dtugann siad ar roinnt daoine íoc as cearta daoine eile a chur i bhfeidhm
    • uaireanta is gá cearta an duine aonair a chur i leataobh chun cearta an tromlaigh a chosaint
    • ní théann cearta fada go leor mar go ndéanann siad soláthar do chomhionannas rochtana agus deise amháin, ní thugann siad comhionannas torthaí
    • clipboard
  2. 2

    dul i ngleic le dearcthaí difriúla agus, mar is cuí, fianaise a mheas agus a úsáid chun teacht ar chonclúid maidir le cé acu ceann de na hargóintí seo atá infhulaingthe

    • clipboard
  3. 3

    a aithint cé acu ceann de na hargóintí seo a luafaí le seasamh ‘den eite chlé’ agus cé acu a bhainfeadh le seasamh ‘den eite dheis’ agus cé acu a d’fhéadfaí a cheangal le ceachtar acu

    • clipboard
5.5. Comhlachtaí stáit le haghaidh cearta an duine
  1. 1

    comparáid a dhéanamh idir róil agus feidhmeanna Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus cuid Choimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine

    • clipboard
5.6. Fianaise ar an gceart chun oideachais
  1. 1

    coimre a thabhairt ar fhianaise ó thaighde ar cé acu a bhíonn an ceart céanna ar oideachas ag gach duine in Éirinn ar bhonn cothrom

    • clipboard
  2. 2

    dul i ngleic le tuairimí difriúla agus fianaise a mheas agus a úsáid chun teacht ar chonclúid cé acu atá an ceart céanna ar oideachas ag gach duine in Éirinn ar bhonn cothrom

    • clipboard
5.7. Rannpháirtithe sna díospóireachtaí seo
  1. 1

    cur síos i dtéarmaí coimre agus ginearálta ar an tionchar a bhí ag John Locke, Robert Nozick, Paulo Freire, Martha Nussbaum agus Kathleen Lynch ar an gcaibidil sa Topaic seo agus ar na comhthéacsanna lenar bhain a dtionchair sin.

    • clipboard

Topaic 6: Cearta agus freagrachtaí an Duine san Eoraip agus sa domhan mór

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

6.1. Cearta sa domhan mór
  1. 1

    coimre a thabhairt ar fhianaise ó thaighde ar an méid a chuirtear i bhfeidhm ar fud an domhain na cearta seo a leanas a bhfuil breac-chuntas tugtha orthu i gCoinbhinsiún NA um Chearta an Linbh:

    • an ceart chun marthana agus forbartha (airteagal 6)
    • an ceart ar shaoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiún nó creideamh follasach a bheith ag duine (airteagal 14)
    • an ceart ar chosaint ó fhoréigean fisiceach nó meabhrach, gortú, faillí nó mí-úsáid (airteagal 19)
    • agus an ceart chun scíthe, fóillíochta, áineasa agus siamsaíochta (airteagal 31)
    • clipboard
  2. 2

    coimre a thabhairt ar na príomhchearta a bhfuil breac-chuntas tugtha orthu i gCoinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine, agus ar na meicníochtaí trínar féidir le daoine féachaint chuige go mbeidh na cearta sin á gcur i bhfeidhm.

    • clipboard
  3. 3

    meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar phíosa taighde cáilíochtúil nó cainníochtúil—nach bhfaca siad riamh roimhe—ar chur i bhfeidhm chearta an duine, ag tagairt do cháilíocht na fianaise agus na gconclúidí ar thángthas orthu sa staidéar sin

    • clipboard
6.2. Argóintí faoi chearta sa domhan mór
  1. 1

    aithint cá mhéad a bhaineann argóintí agus smaointe a pléadh i dTopaic 5.2 leis an domhan mór

    • clipboard
  2. 2

    ina theannta sin, na hargóintí seo a leanas faoi chearta an duine a úsáid ina gcuid focal féin:

    • is smaoineamh de chuid an iarthair é cearta an duine, agus is cineál d’impiriúlachas cultúrtha é a bheith ag iarraidh an smaoineamh sin a bhrú ar thíortha neamh-iartharacha
    • is féidir cearta an duine a chur i leataobh ar feadh tréimhse d’fhonn ligean do stát forbairt ionas gur féidir leis fónamh dá shaoránaigh
    • clipboard
  3. 3

    dul i ngleic le dearcthaí difriúla agus, mar is cuí, fianaise a mheas agus a úsáid chun teacht ar chonclúid maidir le cé acu ceann de na hargóintí seo atá infhulaingthe

    • clipboard
6.3. Comhoibriú idirnáisiúnta agus cearta an duine
  1. 1

    a aithint cad a chiallaíonn sé go gcomhaontaíonn stáit ar chearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a chur i bhfeidhm laistigh de chomhthéacs comhoibriú idirnáisiúnta

    • clipboard
  2. 2

    príomhghnéithe Dhearbhú na Náisiún Aontaithe (NA) maidir leis an gCeart chun Forbartha a aithint

    • clipboard

Snáithe 4: Domhandú agus logánú

Baineann Domhandú le hidircheangailteacht chodanna éagsúla an domhain trí mhodhanna cumarsáide níos mó agus níos gasta, trí chomhtháthú méadaitheach geilleagair áitiúla agus aonaid náisiúnta agus pholaitiúla i gcomhthéacs eacnamaíoch agus polaitiúil níos domhanda, agus tríd an malartú cultúrtha a fhaibhríonn de thoradh na bpróiseas sin.  Cé gur féidir breathnú air mar smaoineamh teibí, is féidir a fheiceáil go mbíonn olltionchar ag an domhandú ar shaol daoine óga sa lá atá inniu ann, mar shampla i gcomhdhéanamh sóisialta agus cultúrtha sochaithe comhaimseartha atá ag athrú, in úsáid na teicneolaíochta cumarsáide, sna poist a dhéanann daoine agus sna cinn a dhéanfaidh siad sa todhchaí, sa tionchar a bhíonn ag institiúidí polaitiúla idirnáisiúnta ar shaol daoine, i nádúr athraitheach eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus sa chumas atá ag daoine chun tionchar a imirt ar institiúidí náisiúnta agus idirnáisiúnta.  

Déantar an argóint scaití gurb amhlaidh, le hais fócas méadaithe ar an taobh ‘domhanda’ go bhfuil comhlorg fágtha ar an domhan comhaimseartha ag an bhfócas méadaithe ar an taobh ‘logánta’. Léirítear é sin sa spéis mhéadaithe atá á cur i gcúrsaí a bhaineann le ‘féiniúlacht’ agus i bpolaitíocht na féiniúlachta, níos mó aitheantais a bheith á thabhairt don éagsúlacht laistigh de thíortha agus de phobail, agus níos mó airde a bheith ar na bealaí a mbíonn tionchair ‘logánta’ ag an rud ‘domhanda’, agus ar na bealaí a mbíonn tionchair ag an rud ‘logánta’ a bhíonn ‘domhanda’.

Is iomaí dóigh inar féidir iniúchadh a dhéanamh ar Dhomhandú agus logánú i sochaithe comhaimseartha. Breathnaítear san Snáithe seo ar dhá cheann acu: fócas ar an bhféiniúlacht agus ar an éagsúlacht agus fócas ar fhorbairt atá inbhuanaithe.

Ceann de na héifeachtaí a bhí ag an domhandú is ea an méadú i dtaisteal agus in imirce ar fud na cruinne. D’fhág sé sin go mbíonn sochaithe comhaimseartha fíoréagsúil ina gcomhdhéanamh. Ceanglaítear leis an domhandú freisin an aird níos mó atá ag daoine anois ar an bhféiniúlacht agus ar pholaitíocht na féiniúlachta. Déantar scagadh ar an dá smaoineamh sin i dTopaic 7 ina mbreathnaítear ar an ilchineálacht atá ina comhartha sóirt anois ar shochaithe comhaimseartha. Trí thógáil ar thuiscint foghlaimeoirí ar an ilchineálacht agus ar an éagsúlacht chultúrtha a forbraíodh in Snáithe 3, tugtar deis dóibh smaoineamh ar na bealaí ina ndéantar tréithriú nó léiriú ar chultúir eile laistigh dá gcultúir féin, agus plé a dhéanamh ar an gcaidreamh cuí ba chóir a bheith idir cultúir dhifriúla.  Sa chomhthéacs sin, beidh seans ag foghlaimeoirí roinnt tuairimí difriúla a scrúdú ar an gcaidreamh idir cultúr ‘an iarthair’ agus cultúir eile.  

Is féidir tionchair eile an domhandaithe a fheiceáil sna réimsí idirghaolmhara de neamhionannais dhomhanda i gcúrsaí saibhris agus daibhris, agus tionchair dhomhanda na gníomhaíochta daonna ar an gcomhshaol.  I dTopaic 8 bíonn seans ag foghlaimeoirí na bealaí difriúla a fhiosrú ina bhfeiceann daoine na naisc idir an rud logánta agus an rud domhanda i bpróisis na Forbartha Inbhuanaithe. Tugann sin deis dóibh an smaoineamh a phlé gur fórsa dearfach é idirspleáchas agus idirnascálacha idir codanna difriúla den chruinne, trí chomhlachtaí ilnáisiúnta nó trí naisc thrádála mar shampla, gur fórsa dearfach é le haghaidh forbairt dhomhanda sa mhéid is go dtugann sé deiseanna fostaíochta do thíortha atá i mbéal forbartha chomh maith le deiseanna chun foghlaim ó thíortha agus ó gheilleagair níos forbartha. Fiosraíonn foghlaimeoirí freisin an tuairim mhalartach, nach ndéanann na hidirnascálacha seo ach deiseanna a thabhairt do gheilleagair láidre shaibhre buntáiste a bhaint as geilleagair níos laige. Amanna tionscnaítear próisis forbartha—a mbíonn sé d’aidhm acu tionsclaíocht agus fostaíocht a thabhairt isteach chuig ceantar—a mbíonn tionchair timpeallachta acu a bhraitear ar fud an domhain. Fiosraítear freisin i dTopaic 8 conas is féidir smaointe difriúla ar inbhuanaitheacht comhshaoil a cheangal le smaointe ar phróisis na forbartha domhanda.

Topaic 7: Domhandú agus féiniúlacht

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

7.1. Léirithe den fhéiniúlacht náisiúnta a chuirtear ar fáil do dhaoine óga
  1. 1

    coimre a thabhairt ar fhianaise ó thaighde inar léiríodh féiniúlacht ‘Éireannach’ i gcuraclam scoile na hÉireann

    • clipboard
  2. 2

    coimre a thabhairt ar fhianaise ó thaighde ar an ngaol idir oideachas agus braistint na féiniúlachta i dTuaisceart Éireann

    • clipboard
  3. 3

    dul i ngleic le dearcthaí difriúla agus fianaise a mheas agus a úsáid chun teacht ar chonclúid maidir leis an ról a d’imir an t-oideachas ar oileán na hÉireann chun braistint den fhéiniúlacht náisiúnta a chothú

    • clipboard
7.2. Éagsúlacht agus athrú cultúir
  1. 1

    tarraingt ar shamplaí óna dtimpeallacht féin agus ó shonraí taighde cáilíochtúil agus cainníochtúil chun an smaoineamh a léiriú gur toradh próiseas measctha agus oiriúnaithe iad cultúir agus nach bhfanann siad seasta le himeacht aimsire

    • clipboard
  2. 2

    tarraingt ar shamplaí óna dtimpeallacht féin agus ó shonraí taighde cáilíochtúil agus cainníochtúil chun ról na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus ról na meán sa phróiseas meascadh agus oiriúnú cultúir seo a fhiosrú

    • clipboard
  3. 3

    tarraingt ar shamplaí óna dtimpeallacht féin agus ó shonraí taighde cáilíochtúil agus cainníochtúil chun ról an taistil agus na himirce sa phróiseas meascadh agus oiriúnú cultúir seo a fhiosrú

    • clipboard
7.3. Éagsúlacht san aontas eorpach
  1. 1

    cur síos ar phatrúin den éagsúlacht eitneach agus chultúrtha atá le fáil laistigh den Aontas Eorpach lena n-áirítear:

    • éagsúlacht eitneach laistigh de stáit agus laistigh den Aontas Eorpach
    • éagsúlacht teanga
    • ilchineálacht reiligiúnach
    • clipboard
7.4. Féiniúlacht a thuiscint
  1. 1

    na hargóintí seo a leanas faoi chultúr agus faoi fhéiniúlacht a úsáid ina gcuid focail féin agus ina gcomhthéacs féin:

    • is grúpaí iad na grúpaí náisiúnta agus eitneacha a chomhroinneann cultúr coiteann (go mbíonn luachanna, creideamh, slite coiteanna acu chun rudaí a dhéanamh, agus tugann stair agus teanga chomónta é sin le tuiscint)
    • is ‘pobail shamhalta’ iad na grúpaí náisiúnta agus eitneacha; tógáin shóisialta lena mbaineann samhlú ar ‘sinne’ agus ar ‘iadsan’, rud a mbíonn iarmhairtí tábhachtacha leis faoin gcaoi a dtuigeann agus a n-idirghníomhaíonn daoine leo siúd a fheictear a bheith sa ghrúpa ‘eile’
    • clipboard
  2. 2

    dul i ngleic le dearcthaí difriúla agus, mar is cuí, fianaise a mheas agus a úsáid chun teacht ar chonclúid maidir le cé acu ceann de na hargóintí seo atá infhulaingthe

    • clipboard
  3. 3

    na héifeachtaí dearfacha agus diúltacha a aithint a bhaineann le braistint féiniúlacht eitneach a fhorbairt lena n-áirítear:

    • na tairbhí a luaitear le braistint chinnte agus mhuiníneach a bheith ag duine ar a fhéiniúlacht éitheach féin
    • na rioscaí ar fhoréigean idireitneach agus ar dhíothú a bhaineann le braistint éiginnte agus faoi bhagairt a bheith ag duine ar a fhéiniúlacht eitneach
    • clipboard
7.5. Idirghníomhaíocht idir cultúr iartharach agus neamh-iartharach a thuiscint
  1. 1

    ag tarraingt ar fhianaise ón domhan mór, na hargóintí seo a leanas faoi chultúr agus faoi fhéiniúlacht sa domhan mór a thabhairt ina gcuid focail féin:

    • rinne an t-iarthar tógáil go stairiúil air féin (‘sinne’) i gcodarsnacht leis an domhan neamh-iartharach (‘iadsan’) agus, tríd sin a dhéanamh, shamhlaigh sé é féin a bheith réasúnach,  sibhialaithe agus aibí agus shamhlaigh sé an domhan neamh-iartharach a bheith neamhréasúnach, corbach agus leanbaí
    • tá próisis an domhandaithe ar nós taistil, tráchtála agus TFC ag briseadh síos cultúir agus féiniúlachtaí náisiúnta agus tá siad ag cruthú cultúr iltíreach agus féiniúlacht iltíreach
    • tá roinnt mórshibhialtachtaí sa domhan comhaimseartha atá difriúil go cultúrtha ó bhonn agus atá in iomaíocht le chéile
    • mura gcosnaíonn an t-iarthar a chultúr maidir le cearta an duine agus a smaointeoireacht réasúnach ó shibhialtachtaí domhanda eile díothófar cultúr an iarthair
    • clipboard
  2. 2

    dul i ngleic le dearcthaí difriúla agus, mar is cuí, fianaise a mheas agus a úsáid chun teacht ar chonclúid maidir le cé acu ceann de na hargóintí seo atá infhulaingthe

    • clipboard
  3. 3

    meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar phíosa taighde nach bhfaca siad roimhe, ar athrú cultúrtha nó ar fhéiniúlacht, ag tagairt do chaighdeán na fianaise agus ag baint tátail as an staidéar

    • clipboard
7.6. Domhandú agus cumhacht pholaitiúil
  1. 1

    cur síos ar ról na gcomhlachtaí fornáisiúnta, lena n-áirítear, mar is cuí, (An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, An Eagraíocht Dhomhanda Trádála, An Banc Domhanda agus Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe) i bpróiseas na cinnteoireachta i dtaca le polasaí a théann i gcion ar dhaoine óga

    • clipboard
  2. 2

    meastóireacht a dhéanamh ar an argóint go bhfuil an chumhacht ag bogadh ó rialtais náisiúnta go comhlachtaí fornáisiúnta

    • clipboard
7.7. Rannpháirtithe sna díospóireachtaí seo
  1. 1

    cur síos i dtéarmaí coimre agus ginearálta ar an tionchar a bhí ag Thomas Hylland Eriksen, Kwame Anthony Appiah, Benedict Anderson, Edward Said agus Samuel Huntington ar an gcaibidil sa Topaic seo agus ar na comhthéacsanna lenar bhain a dtionchair sin.

    • clipboard

Topaic 8: Forbairt Inbhuanaithe

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

8.1. Gníomhartha a thugann aghaidh ar fhorbairt inbhuanaithe
  1. 1

    cur síos ar obair dheonach ina bpobal áitiúil a fhéachann le haghaidh a thabhairt ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, bochtaineacht nó tearcfhorbairt dhomhanda

    • clipboard
  2. 2

    cur síos ar an gcaoi a gcuireann a gcuid ceannachán féin le bochtaineacht nó le tearcfhorbairt dhomhanda, nó ar an gcaoi a dtugann siad aghaidh orthu, trí théarmaí trádála eitneacha nó trí théarmaí trádála a bhfuil tiarnas ag comhlachtaí an iarthair orthu

    • clipboard
  3. 3

    cur síos ar an gcaoi a gcuireann a gcuid ídiú fuinnimh féin le hathrú aeráide, agus ar thionchar athrú aeráide ar dhaoine i dtíortha beagfhorbartha

    • clipboard
8.2. Argóintí maidir le forbairt inbhuanaithe
  1. 1

    na hargóintí seo a leanas faoi Fhorbairt Inbhuanaithe a dhéanamh ina gcuid focail féin:

    • bíonn tearcfhorbairt ann de dheasca daoine i dtíortha beagfhorbartha gan an t-eolas, an teicneolaíocht ná an tionsclaíocht a bheith acu a bhíonn ag daoine i dtíortha forbartha
    • bíonn tearcfhorbairt ann de dheasca téarmaí trádála éagothroma a bheith á mbrú ag an iarthar i gcomhar le ceannairí logánta i dtíortha forbartha
    • is iad na scothaicmí áitiúla corbacha is cúis le tearcfhorbairt i dtíortha beagfhorbartha
    • rinne an tionsclaíocht i dtíortha beagfhorbartha na mná, a bhí ina gcoimeádaithe traidisiúnta ar an gcomhshaol i sochaithe, a thiomáint isteach in áit na neamhéifeachta agus na bochtaineachta agus  rinne sí dochar don timpeallacht dá réir
    • is iad an teicneolaíocht agus dlíthe an tsaormhargaidh a réiteoidh ár gcuid fadhbanna comhshaoil
    • éilíonn forbairt atá ag teacht leis an dúlra go ngluaistear ar shiúl ó thionscail mhóra agus ón uirbiú agus i dtreo pobail bheaga fhéintuilleamaíocha a úsáideann acmhainní in-athnuaite
    • clipboard
  2. 2

    dul i ngleic le dearcthaí difriúla agus, mar is cuí, fianaise a mheas agus a úsáid chun teacht ar chonclúid maidir le cé acu is infhulaingthe

    • clipboard
  3. 3

    a aithint cé acu ceann de na hargóintí seo a luafaí le seasamh ‘den eite chlé’ agus cé acu a bhainfeadh le seasamh ‘den eite dheis’ agus cé acu a d’fhéadfaí a cheangal le ceachtar acu

    • clipboard
  4. 4

    meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar phíosa taighde nach bhfaca siad roimhe, ar fhorbairt, ag tagairt do chaighdeán na fianaise agus ag baint tátail as an staidéar

    • clipboard
8.3. Rannpháirtithe sna díospóireachtaí seo
  1. 1

    cur síos i dtéarmaí coimre agus ginearálta ar an tionchar a bhí ag André Gunder Frank, Vandana Shiva agus Meera Nanda ar an gcaibidil sa Topaic seo agus ar na comhthéacsanna lenar bhain a dtionchair sin.

    • clipboard