Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Oiriúntais réasúnta

Tá sé i gceist go mbeidh gach scoláire san áireamh san ábhar an Pholaitíocht agus an tSochaí.  Sa chaoi sin cuireann an t-ábhar le cothromaíocht deiseanna, rannpháirtíocht agus eispéiris foghlama gach uile dhuine. Tá scéim na n-oiriúntas réasúnta, a fheidhmíonn an Coimisiún Scrúduithe Stáit, ceaptha chun cabhair a thabhairt d’iarrthóirí san Ardteistiméireacht a bhfuil deacrachtaí foghlama fisiceacha / míochaine / céadfacha agus / nó sainiúla acu. 

Cé gurb í an sprioc atá le hoiriúntais réasúnta go mbainfidh siad ar shiúl a oiread agus is féidir tionchar míchumais ar fheidhmiú iarrthóra, ionas gur féidir leis / léi a leibhéal gnóthachtála a thaispeáint, níl sé i gceist go gcúiteodh siad aon easpa fhéideartha ghnóthachtála a tharlaíonn de bharr míchumais.  

Meastar iarratais ar Oiriúntais réasúnta laistigh de chreat foilsithe prionsabal  (Tuarascáil  an tSainghrúpa Chomhairligh, Eanáir 2000) agus seolann an scoil a bhfreastalaíonn iarrthóir uirthi isteach iad ar fhoirmeacha iarratais atá ceaptha. Iarrtar iarratais de ghnáth bliain amháin roimh an scrúdú a bhíonn i gceist.  

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.