Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Litearthacht agus uimhearthacht

Tá scileanna litearthacht agus uimhearthachta neadaithe trasna gach ceann de na ceithre snáitheanna agus sna torthaí foghlama.  Tacaítear le scileanna litearthachta an scoláire tríd an mbéim láidir a bhíonn ar dhíospóireacht, plé agus argóinteacht i rith na foghlama.  Forbróidh siad a gcuid scileanna léitheoireachta, tuisceana agus scríbhneoireachta nuair a dhéanfaidh siad taighde, fiosrú, comparáid agus critíc ar theoiricí, chás-staidéir agus eolas difriúil.  Forbraítear a gcuid scileanna litearthachta digiteacha agus sna meáin de réir mar a úsáideann siad teicneolaíocht le haghaidh cuspóirí taighde agus láithreoireachta.  Cabhraíonn an Pholaitíocht agus an tSochaí le scoláirí freisin litearthachta pholaitiúil a fhorbairt de réir mar a fhoghlaimíonn siad an focalstór agus na scileanna chun imeachtaí agus ceisteanna a phlé a théann i gcion orthu féin agus foghlaimíonn siad conas dearcthaí eolasacha a chur in iúl ar na struchtúir pholaitiúla atá i bhfeidhm ar na leibhéil áitiúla, náisiúnta agus dhomhanda.

Cabhraíonn an Pholaitíocht agus an tSochaí le scoláirí tuiscint agus scileanna matamaiticiúla a úsáid chun cuidiú leo anailís a dhéanamh ar cheisteanna casta a bhaineann leis an domhan fíor agus lena chuid fadhbanna. Le linn dóibh a bheith ag staidéar san ábhar seo, beidh scoláirí ag plé le sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla araon d’fhonn ceisteanna áitiúla, náisiúnta, Eorpacha agus domhanda a fhiosrú.  Forbraíonn siad a gcuid scileanna uimhearthachta agus iad ag rochtain agus ag léirmhíniú sonraí taighde sóisialta, ag scrúdú fianaise agus ag teacht ar chonclúidí (l.22-23?). Úsáideann scoláirí réasúnaíocht mhatamaiticiúil freisin agus iad ag iniúchadh na bpatrún, na dtreochtaí agus na coibhneasa idir na ceisteanna agus na himeachtaí sin (mar shampla, TF.5.3: Cuireann scoláirí síos …. ar na patrúin ilchineálachta atá le fáil ar oileán na hÉireann’).

Cabhraíonn an scrúdú scríofa freisin le forbairt na litearthachta agus na huimhearthachta tríd an bhfócas atá ann, ní amháin ar eolas agus tuiscint a scrúdú, ach freisin ar scrúdú a dhéanamh ar

  • scileanna anailíse agus léirmhínithe i dtaca le sonraí cáilíochtúla agus/nó cainníochtúla sóisialta agus polaitiúla
  • an cumas chun argóint réasúnta agus loighciúil a dhéanamh-soiléireacht agus comhleanúnachas a bheith le hargóint agus bainistíocht smaointe
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.