Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú don teistiúchan

Déanfar an measúnú don teistiúchán i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí trí dhá chomhpháirt mheasúnaithe:

  1. Tuairisc ar thionscadal saoránachta (20% den mharc iomlán).
  2. Scrúdú scríofa (80% den mharc iomlán).

Bunófar an measúnú ar na haidhmeanna, spriocanna agus torthaí foghlama atá breactha síos sa tsonraíocht.

  • Beidh an tionscadal saoránachta bunaithe ar mhionteagasc a eiseoidh an SSC go bliantúil. Tabharfar breac-chuntas sa choimre ar roinnt topaicí, a roghnóidh scoláirí ceann díobh le haghaidh a dtionscadail saoránachta.  Leagfar amach sa choimre freisin paraiméadair an tionscadail agus na tuairisce a chuirfear faoi bhráid an CSS don mheasúnú.   
  • Measúnóidh an tuarascáil ar thionscadal saoránachta an cumas chun eolas agus coincheapa na Polaitíochta agus na Sochaí a úsáid le breithiúnais a dhéanamh faoin gcaoi le bheith gníomhach i bpobail, agus an cumas atá ag an scoláire chun machnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar an méid a d’fhoghlaim siad nó a bhain siad amach trí  pháirt ghníomhach a ghlacadh sa saol sibhialta, sóisialta agus polaitiúil.
  • Déanfar measúnú sa scrúdú scríofa deiridh ar an gcumas atá ag scoláirí chun eolas agus coincheapa na Polaitíochta agus na Sochaí a úsáid chun argóintí a dhéanamh faoi cheisteanna polaitiúla agus sóisialta agus na scileanna atá acu chun anailís agus léirmhíniú a dhéanamh ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhaineann le ceisteanna sóisialta agus polaitiúla.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.