Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Aidhm agus Spriocanna

Aidhm

An aidhm atá le Polaitíocht agus Sochaí na hArdteistiméireachta forbairt a dhéanamh ar chumas an fhoghlaimeora a bheith páirteach i saoránacht ghníomhach mhachnamhach de réir na léargas atá acu ar na heolaíochtaí sóisialta agus polaitiúla agus na scileanna atá acu iontu.

Spriocanna

Is iad na spriocanna atá le Polaitíocht agus Sochaí na hArdteistiméireachta forbairt a dhéanamh ar:

  •  tuiscint ar na córais shóisialta ina bhfeidhmíonn daoine: go háitiúil, go náisiúnta agus ar bhonn níos fairsinge
  • tuiscint ar choincheapa atá mar bhonn agus mar thaca ag córais chomhaimseartha rialtais agus na samhlacha éagsúla atá ann chun na coincheapa sin a dhéanamh infheidhme
  • tuiscint agus meas ar chearta agus freagrachtaí an duine, ar dhínit an duine agus ar mhodhanna daonlathacha rialachais
  • tuiscint agus meas ar fhorbairt inbhuanaithe
  • tiomantas i leith, agus cumas le dul i gceann, rannpháirtíocht ghníomhach i saol sóisialta agus polaitiúil an fhoghlaimeora
  • tiomantas i leith, agus cumas le dul i gceann, smaointeoireacht ghrinn, dhioscúrsach agus neamhspleách
  • tiomantas i leith, agus cumas le dul i gceann, modhanna síochánta agus daonlathacha chun aighnis a réiteach
  • ciall don chúram i leith daoine eile agus meas agus luach ar éagsúlacht i ngach réimse de shaol an duine laistigh de pharaiméadair phrionsabail chearta an duine
  • an cumas chun anailís agus léirmhíniú a dhéanamh ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla taighde sóisialta agus polaitiúil, agus a leithéid sin de shonraí a úsáid go cúramach chun tuairimí a chruthú agus teacht ar chonclúidí.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.