Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Léargas ar an tsonraíocht

Struchtúr 

Cuirtear an tsonraíocht i láthair in dhá shnáithe. I snáithe 1, foghlaimíonn an scoláire faoi na peirspictíochtaí teoiriciúla difriúla a mbíonn tionchar acu ar thaispeántas barr feabhais agus conas an tuiscint sin a chur i bhfeidhm ar raon gníomhaíochtaí difriúla. I snáithe 2, foghlaimíonn an scoláire faoi cheisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp agus taithí a bhíonn ag daoine difriúla ar ghníomhaíocht choirp agus ar spórt.

Snáithe 1
I dtreo taispeántas barrmhaith
Snáithe 2
Ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp
Topaicí
1. Scil agus teicníc a fhoghlaim agus a fheabhsú
2. Éilimh fhisiceacha agus shíceolaíocha an taispeántais
3. Struchtúir, straitéisí, róil agus gnásanna
4. Ag pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith
Topaicí
5. Gníomhaíocht choirp a chur chun cinn
6. Eitic agus cothrom na féinne

Ina theannta sin, ainmneofar dhá cheann de na topaicí seo a leanas gach bliain:
7. Gníomhaíocht choirp agus ionchuimsiú
8. Teicneolaíocht, na meáin agus spórt
9. Inscne agus gníomhaíocht choirp
10. Gnó agus fiontraíocht i ngníomhaíocht choirp agus spórt
 

Tá rannpháirtíocht ghníomhach foghlaimeoirí ar bhonn fisiceach lárnach do theagasc agus d’fhoghlaim i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta. Ionas go mbeidh sé sin in ann tarlú, foghlaimíonn an scoláire faoi na peirspictíochtaí teoiriciúla difriúla trína rannpháirtíocht i dtrí ghníomhaíocht choirp difriúla. Roghnaítear na gníomhaíochtaí sin ó sé réimse gníomhaíochta coirp ar leith a léiríonn na gníomhaíochtaí is coitianta a áirítear i gcláir corpoideachais scoileanna i láthair na huaire. Léirítear sa ghrafaic thíos na sé réimse gníomhaíochta coirp óna gcaithfear na trí ghníomhaíocht a roghnú – gníomhaíocht amháin as trí réimse dhifriúla. 

Figure 1: Réimsí Gníomhaíochta Coirp

physical activity areas

Sampla: Áirítear ar na trí ghníomhaíocht choirp roghnaithe
1. tarrtháil (Uiscíocht)
2. cispheil (Cluichí)
3. treodóireacht (Gníomhaíochtaí eachtraíochta).

Bíonn na trí ghníomhaíocht choirp seo mar fhócas ag teagasc agus foghlaim i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta. De réir mar a bhíonn an scoláire ag foghlaim faoin iliomad tosca a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht agus ar thaispeántas, iarrtar orthu a gcuid foghlama a chur i bhfeidhm ar bhealach córasach chun a dtaispeántas féin a fheabhsú sna trí ghníomhaíocht choirp roghnaithe. Tá an próiseas pleanála sin i gcroílár na dtascanna measúnaithe i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta. Roghnaíonn an foghlaimeoir ceann de thrí ghníomhaíocht choirp roghnaithe a bhfuil a rang i mbun staidéir orthu dá mheasúnú feidhmíochta.

Leithdháileadh ama

Tá Corpoideachas na hArdteistiméireachta ceaptha lena theagasc laistigh de 180 uair an chloig. Moltar as na cúig thréimhse ranga sa tseachtain a mholtar, gur cheart tréimhse dhúbailte in aghaidh na seachtaine a áireamh chun rannpháirtíocht ghníomhach an fhoghlaimeora a éascú sna trí ghníomhaíocht choirp. D’fhéadfadh foghlaim a bhaineann leis an tsonraíocht tarlú i socruithe praiticiúla lasmuigh den scoil. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go léirítear é sin sna socruithe clár ama.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.