Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Torthaí Foghlama na SS

Topaicí
1. Scil agus teicníc a fhoghlaim agus a fheabhsú
2. Éilimh fhisiceacha agus shíceolaíocha an taispeántais
3. Struchtúir, straitéisí, róil agus gnásanna
4. Ag pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith.

Dírítear sa tsnáithe seo, I dtreo taispeántas barrmhaith, ar an idirchaidreamh casta atá idir taispeántas i ngníomhaíocht choirp agus an raon tosca a mhúnlaíonn an taispeántas sin. I measc imthosca den sórt sin tá peirspictíochtaí síceolaíocha, fiseolaíocha, bithmheicnice, socheolaíocha agus cultúrtha. Sa rannán seo, féachann an foghlaimeoir lena thaispeántas pearsanta barrmhaith féin a chruthú i dtrí ghníomhaíocht choirp. Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn barrmhaith an taispeántas is fearr is féidir leis an bhfoghlaimeoir a bhaint amach ag an bpointe ama seo. Ag gach tráth, cuirtear an bhéim ar an bhfoghlaim ag cur a chuid eolais agus tuisceana ar na himthosca teoiriciúla i bhfeidhm agus é ag beartú a spriocanna feidhmíochta a bhaint amach.

Is ionann taispeántas oilte agus ceann ina dtaispeántar sraith gluaiseachtaí ar bhealach líofa agus rialaithe, roghnaítear na roghanna cearta agus léiríonn na scileanna agus na teicnící a úsáidtear cumas agus taithí an té atá i mbun na ngníomhaíochtaí go hiomlán. Is ionann teicníc agus an bealach ina gcuirtear na scileanna sin i bhfeidhm. Agus é ag pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith, teastaíonn raon leathan scileanna agus teicnící ón bhfoghlaimeoir agus an cumas na roghanna cearta a dhéanamh maidir leis na cinn a úsáidfidh sé, cén uair agus cén áit a n-úsáidfidh sé iad. Sa topaic seo, déanann an foghlaimeoir scrúdú ar gach ceann de na trí ghníomhaíocht choirp d’fhonn na scileanna agus na teicnící difriúla atá lárnach do thaispeántas rathúil a shainaithint. Foghlaimíonn sé chun a leibhéal scile agus teicníce féin a anailísiú agus pleanáil i gcomhair feabhsúcháin.

Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 1: Scil agus teicníc a fhoghlaim agus a fheabhsú.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1.1 Taispeántas oilte a shainiú
  1. 1.11

    saintréithe taispeántais oilte a shainaithint 

  2. 1.12

    an difríocht idir scil agus cumas a phlé

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1.2 Scil agus teicníc a anailísiú
  1. 1.21

    scileanna agus teicnící roghnaithe a anailísiú ó na peirspictíochtaí seo a leanas:

    • bithmheicniúil; plánaí agus aiseanna, luamháin
    • gluaiseacht; veicteoirí agus scálaigh, dlíthe gluaisne Newton

    cáilíocht/éifeachtacht; barainneacht gluaiseachta, cur i bhfeidhm cruthaitheach scileanna

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1.3 Sealbhú scileanna
  • breac-chuntas a thabhairt ar na céimeanna a bhaineann le scil nua a fhoghlaim
  • cur síos ar an gcaoi a bhfoghlaimítear scileanna go héifeachtach
  • sceidil chleachtaidh a cheapadh ina gcuimseofar na prionsabail maidir le cleachtais éifeachtacha agus modhanna cleachtaidh éagsúla
  1. 1.31

    breac-chuntas a thabhairt ar na céimeanna a bhaineann le scil nua a fhoghlaim

  2. 1.32

    cur síos ar an gcaoi a bhfoghlaimítear scileanna go héifeachtach

  3. 1.33

    sceidil chleachtaidh a cheapadh ina gcuimseofar na prionsabail maidir le cleachtais éifeachtacha agus modhanna cleachtaidh éagsúla

Cuireann taispeántas i ngníomhaíocht choirp éilimh dhifriúla ar an gcolainn. Áirítear leo sin éileamh ar

  • corpacmhainn a bhaineann le sláinte
  • corpacmhainn a bhaineann le taispeántas
  • ullmhúchán síceolaíoch
  • aiste bia agus cothú iomchuí.

I dTopaic 2, foghlaimíonn an scoláire faoi na héilimh dhifriúla seo go ginearálta agus an bhaint shonrach atá acu le gach ceann de na trí ghníomhaíocht choirp. Foghlaimíonn an scoláire le measúnú a dhéanamh air féin i dtaca le gach éileamh agus conas pleanáil chun feabhas a chur air féin.

Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 2: Éilimh fhisiceacha agus shíceolaíocha an taispeántais.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.1 Corpacmhainn fhisiceach
  1. 2.11

    an difríocht idir corpacmhainn a bhaineann le sláinte agus taispeántas a phlé

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.2 Corpacmhainn a bhaineann le sláinte
  1. 2.21

    na codanna de chorpacmhainn a bhaineann le sláinte a shainiú: fulangacht chardairiospráide, fulangacht mhatánach, neart, solúbthacht agus comhdhéanamh an choirp

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.3 Corpacmhainn a bhaineann le taispeántas
  1. 2.31

    na codanna d’aclaíocht a bhaineann le taispeántas a shainiú: lúfaireacht, cothromaíocht, comhordú, cumhacht, luas agus aga freagartha

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.4 Na codanna de chorpacmhainn a bhaineann le sláinte agus taispeántas a chur i bhfeidhm
  1. 2.41

    scrúdú a dhéanamh ar a thábhachtaí is atá codanna difriúla de chorpacmhainn a bhaineann le sláinte agus taispeántas sna gníomhaíochtaí coirp roghnaithe 

  2. 2.42

    taighde a dhéanamh ar bhealaí inar féidir corpacmhainn a bhaineann le sláinte agus taispeántas a fhorbairt i gcomhthéacs cleachtaidh crua

  3. 2.43

    comhdhearcadh a cheapadh maidir le traenáil corpacmhainne a bhaineann le sláinte agus taispeántas

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.5 Measúnú ar chodanna de chorpacmhainn fhisiceach a bhaineann le sláinte agus taispeántas
  1. 2.51

    cadhnra tástála corpacmhainne a dhearadh le haghaidh gníomhaíochta coirp bunaithe ar anailís ar éilimh chorpacmhainne áirithe na gníomhaíochta

  2. 2.52

    na prionsabail traenála a mheas ó pheirspictíocht taispeántais de

  3. 2.53

    an fhoirmle FITT a chur i bhfeidhm maidir le gach cuid de chorpacmhainn fhisiceach

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.6 Plean corpacmhainne a dhearadh
  1. 2.61

    modhanna difriúla de thraenáil corpacmhainne fisicí a chur i gcomparáid le chéile i gcomhthéacs na dtrí ghníomhaíocht choirp roghnaithe

  2. 2.62

    cuir chuige maidir le traenáil sa ghníomhaíocht agus lasmuigh den ghníomhaíocht a phlé

  3. 2.63

    na sonraí tástála corpacmhainne a úsáid chun clár corpacmhainne a cheapadh le haghaidh gníomhaíocht choirp roghnaithe

  4. 2.64

    straitéisí a mholadh chun tacú le ceartú agus oiriúnú i ndiaidh comórtais/taispeántais agus traenála

  5. 2.65

    tuiscint a thaispeáint ar thréimhsiú nuair a bhíonn cláir thraenála á gceapadh

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.7 Ullmhúchán síceolaíoch
  1. 2.71

    na bealaí ina mbíonn tionchar ag imthosca síceolaíocha difriúla lena n-áirítear muinín, imní, spreagadh, comhdhíriú agus aiseolas ar chleachtadh agus ar thaispeántas a phlé 

  2. 2.72

    straitéisí chun muinín, spreagadh agus comhdhíriú a fheabhsú roimh seisiúin chleachtaidh agus/nó taispeána, lena linn agus ina ndiaidh a mheas

  3. 2.73

    cineálacha difriúla aiseolais agus an tábhacht atá leo i gcleachtaí agus/nó i dtaispeántais roghnaithe a phlé 

  4. 2.74

    straitéisí chun ullmhacht intinne a fheabhsú roimh cleachtadh/taispeántas i ngníomhaíocht choirp, lena linn agus ina diaidh a anailísiú

  5. 2.75

    plean gníomhaíochta pearsanta a cheapadh, lena n-áirítear bunús, chun tacú le meon dearfach síceolaíoch roimh thaispeántas, lena linn agus ina dhiaidh

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.8 Aiste bia agus cothú
  1. 2.81

    na comaoineacha cothaithe sula dtugtar faoi thaispeántas i ngníomhaíocht choirp, lena linn agus ina diaidh a scrúdú

  2. 2.82

    an tábhacht atá le hiodráitiú i ngníomhaíochtaí coirp agus i socruithe difriúla a phlé

  3. 2.83

    an ról agus na dúshláin a bhaineann le húsáid forbhianna spóirt a phlé, lena n-áirítear deochanna spóirt, i ngníomhaíocht choirp  

  4. 2.84

    an ról agus rannchuidiú coibhneasta na gcóras fuinnimh maidir le fad, déine agus cineál gníomhaíochta a anailísiú

  5. 2.85

    míniú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir le tuiscint ar na córais fuinnimh difriúla treoir a thabhairt maidir le hullmhú i gcomhair cleachtaidh, taispeántais agus ceartaithe

  6. 2.86

    plean cothaithe a cheapadh, lena n-áirítear bunús, le haghaidh gníomhaíocht choirp amháin roghnaithe

Caithfidh tuiscint a bheith ag na himreoirí agus/nó an lucht spóirt ar na struchtúir, straitéisí agus/nó gnéithe comhdhéanaimh atá lárnach sna gníomhaíochtaí coirp difriúla. I gcluichí foirne, mar shampla, caithfidh tuiscint a bheith ag gach imreoir ar a ról aonair agus ar an mbealach ar féidir leis an ról sin rannchuidiú le taispeántas iomlán na foirne. Tá roinnt struchtúr agus straitéisí is féidir a úsáid chun láidreachtaí an duine aonair/na foirne a uasmhéadú i gcásanna iomaíocha éagsúla.

I gcomhthéacs damhsa agus gleacaíochta, foghlaimíonn an scoláire conas gnéithe deartha taispeántais difriúla a chur i bhfeidhm ar a chomhdhéanamh/gnáthaimh aonair agus grúpa. Foghlaimíonn sé faoi na cuir chuige cóiréagrafacha difriúla agus an chaoi ar féidir leo sin caighdeán iomlán an taispeántais a fheabhsú.

Foghlaimíonn an scoláire faoi na rialacha, róil, traidisiúin agus an cleachtas sábháilte a bhaineann leis na gníomhaíochtaí coirp a roghnaíonn sé. Foghlaimíonn sé faoin tábhacht atá le cleamhnú, tógáil foirne agus ceannaireacht fhreagrach agus é ag obair i dtreo spriocanna feidhmíochta comhroinnte.

Foghlaimíonn an scoláire freisin conas róil neamh-imeartha a chur i gcrích, lena n-áirítear ról an chóitseálaí/chóiréagrafaí agus an oifigigh, a fhágann go mbeidh a thaithí ar na gníomhaíochtaí coirp difriúla níos iomláine agus níos údaraí. De réir mar a thugann an foghlaimeoir faoi na róil neamh-imeartha sin, foghlaimíonn sé le freagracht a ghlacadh as reáchtáil na gníomhaíochta agus as a chinntiú go ndéanfar eagrú na gníomhaíochta a chleachtadh go sábháilte.


Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 3: Struchtúir, straitéisí, róil agus gnásanna.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3.1 Struchtúir, straitéisí agus/nó gnéithe comhdhéanaimh
  1. 3.11

    tuiscint a thaispeáint ar na príomhstruchtúir, straitéisí agus/nó gnéithe comhdhéanaimh agus é i mbun na ngníomhaíochtaí coirp roghnaithe

  2. 3.12

    measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann sé féin agus daoine eile as struchtúir, straitéisí agus/nó gnéithe comhdhéanaimh iomchuí ag úsáid modhanna anailíse iomchuí  

  3. 3.13

    an cumas a thaispeáint chun struchtúir agus/nó straitéisí roghnaithe a mhodhnú mar fhreagairt ar chásanna taispeántais difriúla

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3.2 Róil agus caidrimh
  1. 3.21

    Na héilimh a bhaineann le róil dhifriúla a iniúchadh i dtéarmaí na gcáilíochtaí fisiceacha, pearsanta agus teicniúla a theastaíonn i gcomhair taispeántais rathúil

  2. 3.22

    laigí an fhreasúra a shainaithint d’fhonn tairbhe a bhaint astu

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3.3 Cleachtas sábháilte
  1. 3.31

    cleachtas sábháilte a thaispeáint i gcuir chuige maidir le traenáil, taispeántas agus eagrú imeachtaí gníomhaíochta coirp

  2. 3.32

    cleachtais téamh suas agus fuaraithe a mholadh atá deartha chun gortú a chosc agus rannpháirtithe a ullmhú i gcomhair rannpháirtíochta agus taispeántais  

  3. 3.33

    an tábhacht atá le héadaí, trealamh agus saoráidí oiriúnacha a roghnú agus a chothabháil i gcomhair gníomhaíochtaí coirp roghnaithe a phlé

  4. 3.34

    cur síos a dhéanamh ar ghortuithe coitianta a bhaineann d’imreoirí sna gníomhaíochtaí roghnaithe, na cúiseanna a bhíonn leo agus cóireáil gharchabhrach.

  5. 3.35

    sceidil traenála/chleachtaidh a mheas atá ceaptha chun na fadhbanna a bhaineann le róthraenáil lena n-áirítear tuirse imreoirí/rannpháirtithe a sheachaint

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3.4 Rialacha, gnásanna agus nósanna
  1. 3.41

    imeacht/taispeántas a eagrú ina dtugtar ómós do rialacha, róil, gnásanna agus nósanna ar leith na gníomhaíochta

  2. 3.42

    cumas a thaispeáint chun cumarsáid ómósach a dhéanamh le lucht spóirt/imreoirí agus oifigigh

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3.5 Ról an chóitseálaí/chóiréagrafaí
  1. 3.51

    na héilimh a bhaineann le róil neamh-imeartha lena n-áirítear scileanna idirphearsanta inmhianaithe a phlé

  2. 3.52

    an t-imreoir a threorú chun na spriocanna gearr agus fadtéarmacha a shainaithint agus a phleanáil agus é ag iarraidh taispeántas barrmhaith a bhaint amach 

  3. 3.53

    clár corpacmhainne agus scileanna fisicí a dhearadh le haghaidh duine sonrach chun é a ullmhú do thaispeántas barrmhaith i gceann de na gníomhaíochtaí roghnaithe

  4. 3.54

    scileanna cumarsáide éifeachtacha a thaispeáint a thacaíonn le hidirghníomhú dearfach idir an cóitseálaí/cóiréagrafaí agus an té atá i mbun an taispeántais spóirt

  5. 3.55

    athruithe a mholadh ar chleachtas/thaispeántas an té atá i mbun an spóirt de réir mar is gá

  6. 3.56

    straitéisí a úsáid atá deartha chun tacú le spreagadh leanúnach lucht spóirt tabhairt faoi thraenáil agus/nó cleachtadh

  7. 3.57

    an úsáid éifeachtach a bhaineann an té atá i mbun an spóirt as machnamh leanúnach maidir lena chleachtadh/thaispeántas a threorú

  8. 3.58

    an cumas a thaispeáint pleanáil i gcomhair cleachtaidh/am traenála agus é a bhainistiú go héifeachtach  

  9. 3.59

    a thaispeántas féin i ról cóitseálaí/cóiréagrafaí a anailísiú ag úsáid cóitseálaí/cóiréagrafaí a bhfuil ardmheas aige air mar phointe tagartha

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3.6 Ról an oifigigh
  1. 3.61

    na rialacha agus rialacháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí coirp roghnaithe a mhíniú

  2. 3.62

    cur síos a dhéanamh ar na rialacháin agus ar na nósanna imeachta sábháilteachta sna gníomhaíochtaí coirp roghnaithe

  3. 3.63

    seiceálacha sábháilteachta iomchuí a chur i bhfeidhm ar threalamh, saoráidí agus éadaí imreoirí

  4. 3.64

    na córais scórála/thaifeadta iomchuí a úsáid le haghaidh na ngníomhaíochtaí roghnaithe

  5. 3.65

    cur síos a dhéanamh ar éilimh fheidhmithe i dtéarmaí corpacmhainn phearsanta, ullmhacht shíceolaíoch, éadaí pearsanta agus trealamh oiriúnach

  6. 3.66

    cumas a thaispeáint chun cumarsáid threallúsach a dhéanamh le rannpháirtithe

  7. 3.67

    straitéisí a shainaithint chun coimhlint a bhainistiú i gcásanna éagsúla; idir an t-oifigeach agus na rannpháirtithe, agus/nó idir rannpháirtithe

  8. 3.68

    an ról atá aige mar oifigeach a mheas ag úsáid oifigigh a bhfuil ardmheas acu air mar phointe tagartha

Nuair atáthar ag pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith ní mór don fhoghlaimeoir a bheith ag gabháil do roinnt gníomhaíochtaí atá riachtanach dó chun a spriocanna feidhmíochta pearsanta a bhaint amach. Ag an tús ar fad, is féidir anailís a dhéanamh ar thaispeántas i ngníomhaíochtaí difriúla ag úsáid uirlisí éagsúla atá deartha chun díriú ar ghnéithe áirithe den taispeántas. Foghlaimíonn an scoláire lena thaispeántas foriomlán nó gnéithe sonracha de a anailísiú ag úsáid modhanna anailíse iomchuí. Ag úsáid na faisnéise sin, foghlaimíonn sé le spriocanna feidhmíochta réadúla a leagan síos bunaithe ar dhea-phrionsabail teoiriciúla. Ceapann an foghlaimeoir clár traenála/cleachtaidh chun na spriocanna sin a bhaint amach, chun a dhul chun cinn a fhaire agus an clár a chur in oiriúint de réir mar is gá. Ar deireadh, déanann an foghlaimeoir measúnú ar a dhul chun cinn i dtaispeántas deiridh ag úsáid na modhanna céanna anailíse leo siúd a úsáideadh ag an tús. Faigheann an foghlaimeoir taithí ar an bpróiseas sin i dtaca le gach ceann de na trí ghníomhaíocht choirp a roghnaítear.

Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 4: Ag pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4.1 Anailís a dhéanamh ar thaispeántas pearsanta
  1. 4.11

    scrúdú a dhéanamh ar na himthosca difriúla a mbíonn tionchar acu ar thaispeántas pearsanta i ngníomhaíocht choirp agus i spórt

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4.2 Modhanna anailíse
  1. 4.21

    modhanna iomchuí a shainaithint chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe difriúla taispeántais

    • scil agus teicníc
    • struchtúir agus straitéisí
    • cóiréagrafaíocht
    • corpacmhainn a bhaineann le taispeántas
    • ullmhacht shíceolaíoch
  2. 4.22

    úsáid a bhaint as rogha uirlisí, lena n-áirítear bogearraí físe agus anailíse chun anailís a dhéanamh ar a thaispeántas féin agus ar thaispeántas daoine eile

  3. 4.23

    a thaispeántas pearsanta féin a chur i gcomparáid le taispeántas duine atá níos oilte/mar eiseamláir aige féin

  4. 4.24

    ceithre réimse a shainaithint óna thaispeántas a dteastaíonn forbairt bhreise uathu

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4.3 Ceisteanna aeistéitiúla agus ealaíne
  1. 4.31

    na critéir ealaíonta agus/nó aeistéitiúla a bhaineann le taispeántas a shainaithint

  2. 4.32

    gníomhaíochtaí coirp difriúla a chur i gcomparáid lena chéile ó thaobh na gcritéar aeistéitiúla agus/nó ealaíonta 

  3. 4.33

    taispeántas pearsanta agus/nó grúpa a mheas ó pheirspictíochtaí ealaíonta agus/nó aeistéitiúla

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4.4 Ag pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith
  1. 4.41

    míniú conas ar úsáideadh faisnéis ón anailís a rinne sé ar a thaispeántas chun treoir a thabhairt don phleanáil chun na spriocanna feidhmíochta a bhaint amach

  2. 4.42

    spriocanna feidhmíochta a chur i láthair chun dul i ngleic le réimsí feabhsúcháin 

  3. 4.43

    plean cleachtaidh/traenála a dhearadh chun taispeántas pearsanta i dtaca le spriocanna feidhmíochta a fheabhsú

  4. 4.44

    fianaise a thabhairt ar éifeachtacht dhearadh an chláir chun na spriocanna feidhmíochta a bhaint amach

Topaicí

5. Gníomhaíocht choirp a chur chun cinn
6. Eitic agus cothrom na féinne
7. Gníomhaíocht choirp agus ionchuimsiú
8. Teicneolaíocht, na meáin agus spórt
9. Inscne agus gníomhaíocht choirp
10. Gnó agus fiontraíocht i ngníomhaíocht choirp agus spórt.
Is éard is aidhm leis an snáithe seo, Ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp, ná an foghlaimeoir a fhorbairt ina rannpháirtí oilte criticiúil sa ghníomhaíocht choirp agus sa spórt de réir mar a scrúdaíonn sé an iliomad tosca a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht agus ar thaispeántas sa ghníomhaíocht choirp agus sa spórt. Foghlaimíonn an scoláire faoi na srianta pearsanta, sóisialta agus comhthéacsúla agus na tacaíochtaí do rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp agus i dtaispeántas tríd is tríd. Foghlaimíonn sé le ceisteanna a chur, léirmheas agus dúshlán a thabhairt faoina dtarlóidh sa todhchaí i ngníomhaíocht choirp agus i spórt ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Beidh deis ag an bhfoghlaimeoir freisin athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtas eiticiúil i ngníomhaíocht choirp agus i spórt. Déanann sé iniúchadh ar an tionchar a bhíonn ag cleachtas míchothrom ar an duine aonair, ar an ngrúpa agus ar an ngníomhaíocht. Déanann sé athbhreithniú ar rialacha ‘cothrom na féinne’ mar a fheiceann sé féin agus daoine eile é ina rannpháirtíocht agus san eagrú a dhéanann sé ar ghníomhaíochtaí coirp difriúla.

Iarrtar ar gach foghlaimeoir staidéar a dhéanamh ar Topaicí 5 agus 6 – Gníomhaíocht choirp a chur chun cinn agus Eitic agus cothrom na féinne. Gach dhá bhliain, ainmneofar dhá cheann de na topaicí seo a leanas le haghaidh gach cohórt nua de scoláirí na hArdteistiméireachta. Is iad na topaicí sin:

7. Gníomhaíocht choirp agus ionchuimsiú
8. Teicneolaíocht, na meáin agus spórt
9. Inscne agus gníomhaíocht choirp
10. Gnó agus fiontraíocht i ngníomhaíocht choirp agus spórt.

Tá saol an spóirt agus na gníomhaíochta coirp ag athrú de shíor, agus tionchar aige sin ar an taithí a fhaighimid ar spórt agus ar ghníomhaíocht choirp agus freisin ar an gcaoi a n-eagraítear agus a dtaispeántar iad. Tá an tábhacht atá le gníomhaíocht choirp don tsláinte agus don fholláine ar eolas ag cách ach is scéal iomlán difriúil é taithí an duine ar ghníomhaíocht choirp agus go deimhin tiomantas an duine dó. Sna topaicí seo bíonn deis ag an bhfoghlaimeoir scrúdú a dhéanamh ar roinnt de na ceisteanna sin ar bhealach níos doimhne ionas go mbeidh tuiscint níos fearr aige ar cad atá ag tarlú agus cad is gá a dhéanamh ar mhaithe le gníomhaíocht choirp agus spórt.

Samhlaítear go bhféadfadh na ceithre thopaic seo athrú sa todhchaí lena chinntiú go leanann Corpoideachas na hArdteistiméireachta ag léiriú cad atá úr agus spéisiúil i saol na gníomhaíochta coirp agus spóirt. Gach dhá bhliain, ainmneofar dhá cheann de na topaicí sin le haghaidh gach cohórt nua de scoláirí na hArdteistiméireachta.

In Gníomhaíocht choirp a chur chun cinn, foghlaimíonn an scoláire faoi na buntáistí atá le gníomhaíocht choirp agus na bealaí difriúla ina n-eagraítear gníomhaíocht choirp chun daoine aonair a shásamh ag céimeanna difriúla dá saol. Déanann an foghlaimeoir scrúdú ar na himthosca a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht agus ar sholáthar gníomhaíochta coirp agus spóirt. Dé réir mar a dhéanann an foghlaimeoir iarracht a thaispeántas pearsanta féin a fheabhsú sna gníomhaíochtaí roghnaithe, foghlaimíonn sé faoi na comhlachtaí rialaithe náisiúnta ar spórt agus gníomhaíocht choirp agus na bealaí difriúla chun barrfeabhais a d’fhéadfadh na comhlachtaí sin a thairiscint do lucht spóirt.

Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 5: Gníomhaíocht choirp a chur chun cinn.
 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5.1 Na buntáistí atá le rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp
  1. 5.11

    na buntáistí pearsanta, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le gníomhaíocht choirp don tsláinte agus d’fholláine ag céimeanna difriúla den saol

  2. 5.12

    coincheapa difriúla na gníomhaíochta coirp a mhíniú

    • súgradh
    • fóillíocht agus caitheamh aimsire
    • corpoideachas
    • spórt ina mbíonn rannpháirtíocht ar scála mór
    • gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta spórt
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5.2 Rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp
  1. 5.21

    beathaisnéis gníomhaíochta coirp a chur i láthair dó féin agus do dhaoine eile le próifíl gníomhaíochta atá difriúil óna cheann féin

  2. 5.22

    na tacaíochtaí agus na srianta ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp ar scoil agus sa phobal a phlé

  3. 5.23

    modhanna difriúla a úsáid chun sonraí a bhailiú faoi rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp, m.sh. peidiméadair, dialanna gníomhaíochta

  4. 5.24

    patrúin rannpháirtíochta i ngníomhaíocht choirp a anailísiú i ngrúpa sonrach ina phobal scoile 

  5. 5.25

    cuir chuige difriúla maidir le cur chun cinn gníomhaíochta coirp a mheas 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5.3 Cur chun cinn na gníomhaíochta coirp
  1. 5.31

    anailís a dhéanamh ar ról na mbeartas náisiúnta agus áitiúil maidir le cur chun cinn na gníomhaíochta coirp

  2. 5.32

    scrúdú a dhéanamh ar ról na gcomhlachtaí náisiúnta rialaithe a chuid gníomhaíochtaí coirp roghnaithe, lena n-áirítear an chaoi a soláthraítear an ghníomhaíocht ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta  

  3. 5.33

    saintréithe daoine tábhachtacha a chuireann a rannpháirtíocht féin agus rannpháirtíocht daoine eile i ngníomhaíocht choirp chun cinn a phlé

  4. 5.34

    saintréithe daoine tábhachtacha a chuireann a rannpháirtíocht féin agus rannpháirtíocht daoine eile i ngníomhaíocht choirp chun cinn a phlé

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5.4 Bealaí chun na sármhaitheasa i ngníomhaíocht choirp
  1. 5.41

    bealaí a mholadh ina bhféadfaí conairí idir gníomhaíocht choirp/spórt scoilbhunaithe agus pobalbhunaithe a neartú 

  2. 5.42

    an soláthar reatha agus tacaíocht don tsármhaitheas i dtaispeántas a anailísiú sna trí ghníomhaíocht choirp roghnaithe. 

Tá eitic agus cothrom na féinne lárnach do rannpháirtíocht thaitneamhach agus rathúil an fhoghlaimeora i ngníomhaíocht choirp agus spórt. Ní hamháin go luíonn an fhreagracht leis an duine aonair atá rannpháirteach ach tá freagracht freisin ar oifigigh/cóitseálaithe, comhlachtaí náisiúnta rialaithe spóirt agus ar ghrúpaí atá freagrach as spórt agus gníomhaíocht choirp ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta. Déanann an foghlaimeoir scrúdú ar cad a thugann treoir do eitic agus cothrom na féinne sna trí ghníomhaíocht choirp roghnaithe.

Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 6: Eitic agus cothrom na féinne
 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6.1 Na prionsabail de chleachtas eiticiúil
  1. 6.11

    na prionsabail de chleachtas eiticiúil sa spórt a mhíniú; an tábhacht atá le hionracas, ómós, cothromaíocht agus comhionannas i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí roghnaithe

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6.2 Cóid eitice
  1. 6.21

    scrúdú a dhéanamh ar an gcód eitice sna gníomhaíochtaí coirp roghnaithe ó pheirspictíocht na rannpháirtithe, na dtuismitheoirí, an lucht féachana, cóitseálaithe agus/nó oifigigh clubanna 

  2. 6.22

    iniúchadh a dhéanamh ar na coincheapa a bhaineann le cothrom na féinne sa spórt agus le cleasaíocht agus an tionchar a bhíonn acu ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp agus i spórt

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6.3 Drugaí agus spórt
  1. 6.31

    cur síos a dhéanamh ar na catagóirí difriúla drugaí a chuireann le feidhmiú, ag tabhairt samplaí den chaoi a mbíonn tionchar acu ar thaispeántas

  2. 6.32

    anailís a dhéanamh ar na himpleachtaí don té atá i mbun an spóirt agus an spórt a bhaineann le húsáid drugaí a chuireann le feidhmiú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6.4 Rialacha frithdhópála
  1. 6.41

    cur síos a dhéanamh ar na rialacha frithdhópála reatha in Éirinn lena n-áirítear na bealaí ina gcuirtear i bhfeidhm iad 

  2. 6.42

    eisceacht i gcomhair úsáid theiripeach a mhíniú i dtaca le húsáid cógas i spórt

  3. 6.43

    na himpleachtaí a bhíonn ag drugaí a chuireann leis an bhfeidhmiú don té atá i mbun an spóirt agus don ghníomhaíocht féin

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
6.5 Dea-chleachtas maidir le húsáid forlíontaí
  1. 6.51

    iniúchadh a dhéanamh ar na húsáidí a bhíonn ag forlíontaí cothaithe chun taispeántas a bharrfheabhsú i gceann dá chuid gníomhaíochtaí coirp roghnaithe

De réir mar a thosaíonn an foghlaimeoir ag scrúdú a thaithí féin agus taithí daoine eile ar ghníomhaíocht choirp agus spórt, faigheann sé amach nach bhfuil an taithí chéanna ag gach duine, nó go deimhin rochtain ag gach duine, ar dheiseanna i gcomhair gníomhaíochta coirp. Sa topaic seo déanann an foghlaimeoir scrúdú ar thaithí grúpaí difriúla i ngníomhaíocht choirp. Déanann sé scrúdú ar chomh cuimsitheach atá a ngníomhaíochtaí coirp roghnaithe nó nithe eile a bhaineann leo agus féachann sé ar na bealaí a bhféadfaí ionchuimsiú a fheabhsú.

Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 7: Gníomhaíocht choirp agus ionchuimsiú.
 

 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
7.1 Na tacaíochtaí agus na srianta ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp do ghrúpaí roghnaithe
  1. 7.11

    anailís a dhéanamh ar na tacaíochtaí agus na srianta ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp do dhá cheann de na grúpaí seo a leanas ar a laghad:

    • mná
    • daoine fásta níos sine
    • daoine faoi mhíchumas fisiceach
    • daoine faoi mhíchumas intleachtúil
    • grúpaí eitneacha difriúla
    • grúpaí socheacnamaíocha difriúla
  2. 7.12

    samplaí d’idirdhealú, steiréitíopáil, ionchuimsiú agus/nó claontacht sa soláthar gníomhaíochta coirp do na grúpaí sin

  3. 7.13

    an cumhdach spóirt sna meáin a iniúchadh ó pheirspictíocht na ngrúpaí sin

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
7.2 Ag dul i ngleic le srianta ar ghníomhaíocht choirp
  1. 7.21

    bealaí a phlé ina bhféadfaí dul i ngleic/ina ndeachaigh na daoine iad féin, a gcuid grúpaí ionadaíocha agus/nó eagraíochtaí deonacha 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
7.3 Forbairtí i ndeiseanna gníomhaíochta coirp agus spóirt le scór bliain anuas
  1. 7.31

    forbairt i ngníomhaíocht choirp agus i spórt le scór bliain anuas a phlé ó pheirspictíocht an ghrúpa féin

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
7.4 Gníomhaíocht choirp oiriúnaithe
  1. 7.41

    scrúdú ar cibé an bhféadfadh rannpháirtithe faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach sna trí ghníomhaíocht choirp roghnaithe agus cén chaoi a bhféadfaidís a bheith rannpháirteach 

  2. 7.42

    an soláthar le haghaidh deiseanna gníomhaíochta coirp oiriúnaithe ina scoil agus/nó sa phobal a mheas 

  3. 7.43

    scrúdú ar sholáthar conairí i dtreo na sármhaitheasa do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí coirp oiriúnaithe

Tá íomhánna spóirt agus gníomhaíochta coirp á gcur os comhair daoine óga an t-am ar fad trí raon meán lena n-áirítear an teilifís, an t-idirlíon, páipéir nuachta agus meáin dhigiteacha. Tá na meáin dhifriúla sin ag athrú de shíor agus iad ag éirí níos sofaisticiúla. Mar gheall ar na bealaí ina ndéantar athbhreithniú, anailísiú agus léirmheas ar spórt sna meáin éagsúla sin bíonn deis ag an lucht féachana a bheith ag gabháil de scrúdú níos géire ar thaispeántas i gcuid mhaith gníomhaíochtaí coirp difriúla. Tá níos mó fáil anois ar na modhanna sin freisin d’imreoirí agus do rannpháirtithe seachas do scoth na n-imreoirí amháin. Sa Teicneolaíocht, na meáin agus spórt, bíonn deis ag an bhfoghlaimeoir léirmheas a thabhairt ar úsáidí agus ar thionchar meáin agus teicneolaíocht difriúil i spórt.

Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 8: Teicneolaíocht, na meáin agus spórt.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
8.1 Tionchar na teicneolaíochta ar spórt agus ar ghníomhaíocht choirp
  1. 8.11

    scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag forbairt sa teicneolaíocht ar an té a bhíonn ina bhun, ar an gcóitseálaí/gcóiréagrafaí, oifigeach agus lucht féachana sna gníomhaíochtaí coirp roghnaithe 

  2. 8.12

    an úsáid a bhaineann sé féin as teicneolaíocht chun pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith sna gníomhaíochtaí coirp roghnaithe a phlé

  3. 8.13

    ról na teicneolaíochta san anailís ar thraenáil agus measúnú ar thaispeántas spóirt a mheas

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
8.2 Na meáin sa spórt
  1. 8.21

    iniúchadh a dhéanamh ar chumhdach na meán ar scoth-thaispeántas agus ar rannpháirtíocht ar scála mór i ngníomhaíocht choirp agus i spórt

  2. 8.22

    scrúdú ar ról na meán ó thaobh steiréitíopaí inscne fear agus ban i spórt a chothú

  3. 8.23

    saintréithe a gcuid gníomhaíochtaí coirp a thugann mealladh na meán agus/nó lucht féachana dóibh a shainaithint

  4. 8.24

    anailís a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag cumhdach na meán ar iompar lucht féachana

Tá corpas mór litríochta agus taighde ann ina ndéantar scrúdú ar an ngaol idir inscne, rannpháirtíocht agus taispeántas i ngníomhaíocht choirp agus spórt. Is é ár gcolainn féin is fearr a mhúnlaíonn féiniúlacht inscneach agus múnlaítear an cholainn ansin, trí bhíthin na smaointe is láidre faoi cad is brí le bheith fireann agus baineann. Bíonn tionchar mór ag féiniúlacht inscne ar chomh gníomhach is a bhímid agus an chaoi a mbímid gníomhach. Ag an leibhéal is bunúsaí ar fad, bíonn leibhéil rannpháirtíochta níos ísle ag mná óga i ngníomhaíocht choirp agus i spórt. Cén chúis atá leis sin? Tá i bhfad níos mó seans ann go mbeidh fir óga agus mná óga rannpháirteach i roinnt gníomhaíochtaí coirp ná daoine eile. Cén fáth a bhféadfadh sé sin tarlú? In Inscne agus gníomhaíocht choirp, bíonn deis ag an bhfoghlaimeoir cuimhneamh ar na ceisteanna sin agus ar cheisteanna eile i gcomhthéacs na dtrí ghníomhaíocht choirp ar a bhfuiltear ag déanamh staidéir.

Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 9: Inscne agus gníomhaíocht choirp.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
9.1 Inscne, spórt agus gníomhaíocht choirp
  1. 9.11

    scrúdú a dhéanamh ar na príomhrudaí a mbíonn tionchar acu ar phatrúin rannpháirtíochta buachaillí agus cailíní i ngníomhaíocht choirp agus i spórt

  2. 9.12

    bealaí a mholadh ina bhféadfaí dul i ngleic leis an éagothroime idir leibhéil rannpháirtíochta buachaillí agus cailíní i ngníomhaíocht choirp ar scoil agus sa phobal

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
9.2 Inscne, na meáin agus corpíomhá
  1. 9.21

    an chaoi a mbíonn tionchar ag corpíomhá ar rannpháirtíocht fear agus ban i ngníomhaíocht choirp agus an tionchar a bhíonn ag gníomhaíocht choirp ar chorpíomhá

  2. 9.22

    cur is cúiteamh ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag léirithe den chorp sna meáin ar rannpháirtíocht fear óg agus ban óg i ngníomhaíocht choirp agus i spórt

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
9.3 Sóisialú inscne agus a thionchar ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp
  1. 9.31

    scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a raibh tionchar ag rialú sóisialta an choirp agus an tionchar a leanann ar rannpháirtíocht fear agus ban i ngníomhaíocht choirp agus spórt

  2. 9.32

    míniú a thabhairt ar cén fáth a bhféadfadh tionchar a bheith ag na saintréithe a bhaineann le fireannacht heigeamaineach agus ag banúlacht heigeamaineach ar rannpháirtíocht buachaillí agus cailíní i spórt agus i ngníomhaíocht choirp

Is foinsí móra airgid iad gníomhaíocht choirp agus spórt. I measc na leasanna gnó agus fiontar tá grúpaí cumhachtacha a bhíonn in iomaíocht chun lucht féachana ollmhór a bhaint amach agus an cumas chun saibhreas a bhaint as cúrsaí spóirt. Tá smacht ag na grúpaí sin ar cad a fheicimid ar ár scáileáin agus cathain agus cé mhéad de a fheicimid. Is ar urraíocht a mhaireann go leor imeachtaí spóirt agus imeachtaí ina mbíonn rannpháirtíocht ar scála mór, agus is ceist chonspóideach i gcónaí an plé ar urraíocht oiriúnach i gcoinne an ghá a bhíonn ann ioncam a thabhairt isteach. Sa topaic seo, foghlaimíonn an scoláire faoin gcumas atá ag spórt ó thaobh deiseanna fiontraíochta agus gnó de.

Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 10: Gnó agus fiontraíocht i ngníomhaíocht choirp agus spórt.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
10.1 Urraíocht agus fógraíocht i ngníomhaíocht choirp agus spórt
  1. 10.11

    scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag urraíocht, tacuithe agus díolachán ar spórt agus ar dhream a bhíonn i mbun spóirt

  2. 10.12

    anailís a dhéanamh ar chineálacha difriúla fógraíochta a ‘bhaineann le spórt’ ó thaobh na dteachtaireachtaí a thugann siad do dhaoine óga

  3. 10.13

    na buntáistí agus na míbhuntáistí atá le hurraíocht do chomhlacht náisiúnta rialaithe an spóirt, na ndaoine a bhíonn ina bhun agus an spórt/ghníomhaíocht a phlé

  4. 10.14

    cód cleachtais a mholadh nuair a bhíonn urraíocht thráchtála á roghnú le haghaidh spóirt agus gníomhaíochta coirp ina mbíonn daoine óga rannpháirteach

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
10.2 Gníomhaíocht choirp agus spórt – an ghné spóirt
  1. 10.21

    iniúchadh a dhéanamh ar an mbaint a bhíonn ag gnó roghnaithe i spórt

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
10.3 Rannpháirtíocht ar scála mór i spórt
  1. 10.31

    scrúdú a dhéanamh ar an bhfás atá ar imeachtaí spóirt ina bhfuil rannpháirtíocht ar scála mór agus na deiseanna a thugann siad do chúrsaí gnó agus fiontraíochta

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
10.4 Turasóireacht agus spórt
  1. 10.41

    an cumas atá ag margaíocht spóirt ar fhorbairt na turasóireachta in Éirinn a phlé

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.