Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réimsí gníomhaíochta coirp i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta

I gCorpoideachas na hArdteistiméireachta, tá sé réimse gníomhaíochta coirp:

  • Gníomhaíochtaí eachtraíochta
  • Gníomhaíochtaí ealaíonta agus aeistéitiúla
  • Lúthchleasaíocht
  • Uiscíocht
  • Cluichí
  • Aclaíocht agus corpacmhainn phearsanta.

Déanann an foghlaimeoir staidéar ar thrí ghníomhaíocht choirp, gach ceann roghnaithe ó réimse gníomhaíochta coirp difriúil. I ngach gníomhaíocht choirp, bíonn sé mar aidhm ag an bhfoghlaimeoir

  • caighdeán a thaispeántais a fhorbairt sna trí ghníomhaíocht choirp roghnaithe
  • a bheith cruthaitheach ina thaispeántas pearsanta mar dhuine aonair i mbun gníomhaíochta agus/nó mar bhall de fhoireann/ghrúpa
  • a bheith comhsheasmhach maidir le caighdeán a thaispeántais.

De réir mar a thagann feabhas ar thaispeántas foriomlán an fhoghlaimeora sna gníomhaíochtaí coirp roghnaithe, ba cheart go mbeadh sé in ann taispeántas ar ardchaighdeán a léiriú i raon leathan scileanna agus teicnící a bhfuil cuntas orthu do na gníomhaíochtaí difriúla. Sa mheasúnú feidhmíochta le haghaidh Corpoideachas na hArdteistiméireachta iarrfar ar gach foghlaimeoir rud éigin a dhéanamh i gceann de na trí ghníomhaíocht choirp roghnaithe.

Gníomhaíochtaí eachtraíochta arb ionann iad agus gníomhaíochtaí comhair a tharlaíonn i dtimpeallacht dhúshlánach, lasmuigh go hiondúil, ina mbíonn tionchar ag gnéithe nach bhfuil smacht iomlán orthu, ar roghnú agus úsáid scileanna agus straitéisí chun sraith spriocanna a bhaint amach. Cuirtear béim ar leith ar scileanna idirphearsanta agus ar mhachnamh ar an bhfoghlaim.
 

Féadfaidh an foghlaimeoir ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a roghnú:

  • Treodóireacht
  • Canúáil/Cadhcáil
  • Ailleadóireacht
  • Seoltóireacht
  • Rámhaíocht/Sculláil

Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir fianaise a thaispeáint dá chumas na scileanna agus teicnící seo a leanas a dhéanamh sa ghníomhaíocht eachtraíochta roghnaithe:

Treodóireacht

  • Léamh léarscáileanna
  • Scileanna luais
  • Scileanna loingseoireachta
  • Pleanáil bhealaigh
  • Ag cloí le nósanna imeachta i gcleachtas sábháilte
  • Ómós a thaispeáint don chomhshaol
     

Cadhcáil (Uisce corraitheach/bánuisce)

  • Ag lainseáil agus ag tuirlingt–ag balla íseal/bruach
  • Céaslóireacht–chun tosaigh, ar chúl, ag stopadh, buillí scuabtha agus buillí scuabtha cúil, ciumhaisiú, stiúir deiridh, dírthrasnú agus dírthrasnú cúil
  • Ag briseadh isteach agus amach as sruth: isteach sa ghuairneán–stiúir tosaigh/láinnéar slaite íseal agus gan láinnéar slaite; ón ngluairneán–láinnéar slaite íseal, stiúir tosaigh
  • Bealach a dhéanamh sna sruthanna agus iad a úsáid agus gnéithe uisce lena n-áirítear stopadóirí, seasamh, tonnta, guairneáin agus uisce uaine
  • Druil iompaithe, ceartú Eiscimeach, féintharrtháil agus ceartú
  • Dhá scil fhorbartha/ghrúpa ó iompú agus ceartú, (leat féin agus le rópa), m.sh. casadh comhraic, ardchros, tarraingt ar crochadh

Cadhcáil (Uisce intíre ina bháinté/uisce cósta)

  • Ag lainseáil agus ag tuirlingt–ag balla íseal/bruach
  • Céaslóireacht–chun tosaigh, ar chúl, ag stopadh, buillí scuabtha agus buillí scuabtha cúil (statach agus ag bogadh), stiúir deiridh, stiúir tosaigh, cúrsa uimhir 8 (chun tosaigh agus ar chúl), dírthrasnú agus dírthrasnú cúil
  • Buillí tarraingthe agus buillí tacaíochta–buillí tarraingthe/tarraingt scullála, céaslóireacht i gcomhair tacaíochta
  • Druil iompaithe, ceartuithe, féintharrtháil agus ceartú
  • Tarrthálacha domhainuisce–snámhaí go dtí an bád/x-tharrtháil, raftú

Ailleadóireacht (Lasmuigh nó ag dreapadh balla laistigh: bualadh aonair)

  • Ag dreapadh rópa íochtair agus bairr (ancairí aonair agus iolracha), bainistiú an rópa, ceangal, dingeadh láimhe/méire/coise, pointí teagmhála 3-phointe agus/nó úsáid cheart as pointí teagmhála 2-phointe, crochadh siar, greim faoi, droicheadú
  • Úsáid cheart as glaonna ailleadóireachta agus cumarsáid cheart
  • Snaidhmeanna bunúsacha
  • An cumas trealamh a úsáid agus nósanna imeachta sábháilte a chur i bhfeidhm
  • Starradh dreapadóireachta agus/nó matal
  • Na cosa agus na lámha a thrasnú
  • Rópadóireacht anuas díreach ag taispeáint cumais oibriú asat féin ag bailiú trealaimh leath bealaigh síos

Seoltóireacht

  • Ag fágáil/ag filleadh ar chladach ar thaobh na gaoithe
  • Ag fágáil/ag filleadh ar chladach ar thaobh an fhoscaidh
  • Creimneáil/ag gabháil timpeall (in aghaidh gaoithe)
  • Jeidhbeáil
  • Druil iompaithe agus ceartú
  • Cúrsa seoltóireachta in aghaidh na gaoithe/le cóir

Rámhaíocht/Sculláil

  • Buillí scullála
  • Ag rámhaíocht ar thaobh an bhuille
  • Ag rámhaíocht ag an gcloigeann
  • Ag céaslóireacht le bosa cearnóige
  • Buille aonair do na lámha ar shiúl

 

Uiscíocht–gníomhaíochtaí uiscebhunaithe a úsáideann scileanna snámha agus/nó tumadóireachta agus teicnící i gcomhair taispeántais, sábháilteachta san uisce, nó chun críche caitheamh aimsire

Féadfaidh an foghlaimeoir ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a roghnú:

  • Tarrtháil
  • Snámh chun teacht slán
  • Dhá bhuille shnámha
  • Póló uisce
  • Snámh sioncronaithe 

Tarrtháil

  • Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir fianaise a thaispeáint dá chumas na scileanna agus teicnící seo a leanas a dhéanamh sa ghníomhaíocht roghnaithe in uiscíocht:
  • Ag dul isteach san uisce/ag dul isteach i ndálaí anaithnide
  • Buillí/ag gluaiseacht thar achar chomh fada le duine a gortaíodh nó leis an duine a gortaíodh
  • Cic tarrthála/taobh-bhuille
  • Ag déanamh ar an duine a gortaíodh agus ag láimhseáil duine atá gortaithe fad is atáthar ag casadh
  • Tarraingtí teagmhála/neamh-theagmhála ag úsáid áiseanna dochta/neamhdhochta/fuinneamh/anáil/teas a chaomhnú
  • Dhá chineál tarrthála difriúla
     

Ag snámh chun teacht slán

  • Ag dul isteach san uisce/ag dul isteach i ndálaí anaithnide
  • Scaradh gabhail/cumas dul faoi uisce–cosa chun tosaigh/ceann chun tosaigh/tumadh dromchla ón uisce go domhain
  • Ar snámh–an cumas snámhacht a choinneáil le h
  • áis nó dá huireasa
  • Ag snámh i do sheasamh
  • Buillí–teacht aniar sa snámh in éadaí a choinníonn a gcruth/ag gluaiseacht agus ag sculláil
  • Ag snámh faoi uisce
  • Casadh i snámh raoin
  • Fuinneamh/anáil/teas a chaomhnú–suíomh STÍL, suíomh CUACHTA le beirt eile ar a laghad

Dhá bhuille shnámha

  • Deasú coirp
  • Túsphointe láimhe/deasú snite láimhe/deasú amach láimhe
  • Cic
  • Comhordú buillí
  • Gníomh ceannbhuille
  • Ag tosú, ag casadh, ag críochnú
  • Snámh ráibe agus raoin

Póló uisce

  • Scileanna(éagsúla) seachadta/glactha
  • Scileanna (éagsúla) caithimh
  • Ag bogadh leis an liathróid
  • Saorghluaiseacht
  • Scileanna marcála/teacht roimhe

Snámh sioncronaithe

  • Luí díreach ar do dhroim, craptha
  • Luí díreach ar do bholg, píce tosaigh
  • Píce cúil, cos bhailé
  • Eireaball éisc, lasairéan agus glún cuartha go hingearach
  • Stua deilfe, stua dromchla, rothal siúil scoilte, chun tosaigh
  • Taispeántas beirte nó triúir lena n-áirítear meascán díobh sin agus gluaiseachtaí snámha eile sioncronaithe

Tugann gníomhaíochtaí ealaíonta deis don fhoghlaimeoir taithí a fháil ar cheardaíocht chruthaitheach agus ar ghníomhaíochtaí a dhéanamh lena mbaineann meascán scileanna samhlaíocha, teicnící agus/nó gluaiseachtaí i stíl iomchuí an imeachta. Tugann gníomhaíochtaí aeistéitiúla deis don fhoghlaimeoir a léirthuiscint ar cháilíochtaí na gluaiseachta a thaispeáint agus cumais léiritheacha an dream atá ina bun. Taispeánann an foghlaimeoir é sin trí chritéir aeistéitiúla a ghlacadh agus é ag pleanáil don ghníomhaíocht, á déanamh agus á meas.

Féadfaidh an foghlaimeoir gníomhaíocht amháin a roghnú as roghanna gleacaíochta nó damhsa.

Gleacaíocht Damhsa
  • Ealaíonta
  • Rithimeach
  • Damhsa comhaimseartha
  • Damhsa tíre
  • Nua-aimseartha
  • Bailé
  • Snagcheol
  • Cniogdhamhsa
  • Eitneach
  • Traidisiúnta
Gleacaíocht
Iarrfar ar an bhfoghlaimeoir fianaise a thaispeáint dá chumas na scileanna agus teicnící seo a leanas a dhéanamh sa ghníomhaíocht gleacaíochta roghnaithe:

Gleacaíocht ealaíonta

  • Léimeanna (íosmhéid 2)–crap/píce/scaradh gabhail/casadh 180 céim
  • Casadh (íosmhéid 2)–chun tosaigh/siar/eile
  • Cothromaíocht (íosmhéid 2)–seasamh lámh/seasamh cinn/arabesque/eile
  • Aistriú meáchain choirp (íosmhéid 2)–cleas an rotha/rothalchleas cosa le chéile/lámhléim/aer-rothlú cúil

Bítear ag súil go gcuimseoidh an foghlaimeoir ceithre cinn den lúfaireacht seo a leanas sa tsraith ghearr urláir:

  • Cúlrolladh go seasamh lámh
  • Lámhléim
  • Aer-rothlú cúil
  • Aer-rothlú tosaigh
  • ½ chasadh seasamh lámh
  • Cleas an rotha le lámh amháin
  • Aer-rothlú ar gcúl
  • Stuaghluaiseacht siar/tosaigh.

Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir inniúlacht a thaispeáint in dhá cheann de na lámhléimeanna seo a leanas ar a laghad:

  • Lámhléim
  • Starrluascadh gearrghéige
  • Lámhléim roghnaithe le taraif den chineál céanna (ní ghabhann tríd nó scaradh).

Gleacaíocht rithimeach
Ba cheart go mbeadh an foghlaimeoir in ann inniúlacht a thaispeáint sna scileanna agus teicnící seo a leanas i sraith ghearr urláir:

  • Cothromaíocht
  • Casadh/rolladh
  • Scaradh
  • Preaba/léimeanna/coiscéimeanna
  • Tonnta coirp/lúbadh/ciorcail/luascadh/casadh.

Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir dreasa a chur le ceol agus gléasanna difriúla a úsáid idir liathróid, fáinne, ribín, rópa nó cleitheog. 

Damhsa

Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir damhsa aonair nó grúpa a dhéanamh ina dtaispeánfaidh sé gur chuir sé na gnéithe seo a leanas san áireamh:

  • Cumas teicniúil: staidiúir, ailíniú, comhordú, cothromaíocht, neart, solúbthacht, soghluaisteacht agus smacht.
  • Áirítear le dearadh cóiréagrafach foriomlán na nithe seo a leanas a chur san áireamh: ábhar cóiréagrafach – úsáid as spás, m.sh. leibhéil agus conairí, uainiú agus caidreamh le damhsóirí eile, déanamh cóiréagrafach – móitíf agus éagsúlú, foirm chóiréagrafach – m.sh. canóin, comhréir, dénártha, rondo.
  • Stíl damhsa, m.sh. comhaimseartha, tíre, nua-aimseartha, snagcheol, cniog, eitneach, traidisiúnta.
  • Úsáid as frapaí agus ceol.
  • Braistint taispeántais tríd is tríd lena n-áirítear an cumas tú féin a chur in iúl go healaíonta agus go haeistéitiúil le lucht féachana.

Lúthchleasaíocht–imeachtaí ina mbítear ag rith, ag léim, ag caitheamh agus ag siúl taobh istigh nó taobh amuigh atá intomhaiste i dtéarmaí chumas an té atá ina mbun ach freisin i gcoinne caighdeán arna leagan síos ag éachtaí daoine eile. Agus lúthchleasaíocht á roghnú mar cheann de na réimsí gníomhaíochta coirp, iarrtar ar an bhfoghlaimeoir ceann de na trí chatagóir a roghnú:

  • Ag rith
  • Ag caitheamh
  • Ag léim.

Díreofar sa mheasúnú ar an taispeántas ar ghníomhaíocht amháin laistigh den chatagóir roghnaithe. Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir fianaise a thaispeáint dá chumas na scileanna agus teicnící a dhéanamh sa ghníomhaíocht roghnaithe, m.sh. caitheamh na teisce ón gcatagóir ag caitheamh.

Féadfaidh an foghlaimeoir gníomhaíocht amháin a roghnú as ceann de na catagóirí seo a leanas:

Ag rith
  •  Ráibrásaí
  • Meánraoin
  • Fadraoin
  • Cliatha

 

  • Ag tosú agus ag críochnú
  • Gníomh uachtair an choirp (ceann agus géaga)
  • Gníomh íochtair an choirp (cosa)
  • Éifeachtúlacht foriomlán
Ag caitheamh

 

  • Caitheamh meáchain
  • Caitheamh na teisce
  • Caitheamh na sleá
  • Caitheamh an oird

 

  • Greim, seasamh agus ullmhú
    Gluaiseacht sa ghníomh caithimh
  • Ag tosú agus ag críochnú
  • Gníomh uachtair an choirp (ceann agus géaga)
  • Gníomh íochtair an choirp (cosa)
    Éifeachtúlacht foriomlán
Ag léim
  • Léim ard
  • Léim fada
  • Na trí léim.

 

  • Ruthag
  • Imeacht
  • Eitilt
  • Tuirlingt
  • Éifeachtúlacht foriomlán

Cluichí–cluichí aonair, beirteanna nó i bhfoireann ina gcaitear scileanna a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht a úsáid, léirthuiscint ar chluiche, cinnteoireacht, eolas beartach agus smaointeoireacht straitéiseach in iarracht sprioc shainithe a bhaint amach. Agus cluichí á roghnú mar cheann de na réimsí gníomhaíochta coirp, iarrtar ar an bhfoghlaimeoir staidéar a dhéanamh ar cheann de thrí chatagóir:

  • Ionradh
  • Bualadh/Gabháil
  • Eangach/Balla.

Díreofar sa mheasúnú ar an taispeántas ar ghníomhaíocht amháin laistigh den chatagóir roghnaithe, mar shampla, Peil Ghaelach i gcluichí ionraidh.

Féadfaidh an foghlaimeoir gníomhaíocht amháin a roghnú as ceann de na catagóirí seo a leanas:   
Cluichí ionraidh Peil Ghaelach
Iománaíocht/Camógaíocht
Rugbaí
Sacar
Cispheil
Haca
Líonpheil
Liathróid láimhe Oilimpeach
Cluichí eangaí/balla Badmantan
Leadóg
Eitpheil
Leadóg bhoird
Liathróid láimhe
Scuais
Cluichí Buailte/Gabhála

Cruicéad
Bogliathróid
Cluiche corr

Cluichí ionraidh

 

Peil Ghaelach 

  • Láimhseáil (scaoileadh/fáil, gabháil, pas láimhe, piocadh suas)
  • Tabhairt faoi dhuine/teacht roimhe (tabhairt dúshláin, chun tosaigh, gualainn, cur duine as áit, blocáil)
  • Ag rith/ag bogadh leis an liathróid (dreapadh aonair, ó bhróg go lámh, bualadh bob, druibleáil, céim leataoibh, claonadh coirp, athrú luais)
  • Ciceáil (lámh, talamh, droim bróige/titim, tiomáinte, glanadh, filleadh ar an imirt)
  • Caitheamh (fada, gearr, cic 45)

Iománaíocht/Camógaíocht

  • Láimhseáil (scaoileadh/fáil, gabháil, pas láimhe, piocadh suas)
  • Tabhairt faoi dhuine/teacht roimhe (tabhairt dúshláin, chun tosaigh, gualainn, cur duine as áit, blocáil)
  • Ag rith/ag bogadh leis an liathróid (dreapadh aonair, piocadh suas, bualadh bob, druibleáil, céim leataoibh, claonadh coirp, athrú luais)
  • Ag bualadh (lámh, talamh, san aer, titim, glanadh)
  • Caitheamh (fada, gearr, poc 65)

Rugbaí

  • Láimhseáil (scaoileadh/fáil, fad/gearr, ina stad/ag rith, ard/íseal, piocadh suas ón talamh, casadh tapa, tumadh, aistriú)
  • Tabhairt faoi dhuine/teacht roimhe (chun tosaigh, ar gcúl, taobh, bá)
  • Crágáil (liathróid a choinneáil)
  • Seilbh a choinneáil ar an talamh i gcrágáil
  • Ag rith leis an liathróid (claonadh coirp, bualadh bob, athrú luais)

Cispheil

  • Scaoileadh/fáil (láimhseáil, ucht, preabadh, taobh, thar an gceann, rith, ina stad)
  • Druibleáil/ag bogadh leis an liathróid (an dá lámh, athrú luais, ar gcúl)
  • Ag caitheamh (C/D, preabscór, tiomáint)
  • Ag caitheamh (socrú, preab, 3 phointe)
  • Marcáil/teacht roimhe (1v1, in aghaidh an té atá ag láimhseáil na liathróide, preabadh ar ais)
  • Coisíocht

Sacar

Páirc amuigh 

  • Scaoileadh/fáil/smacht (gearr, fada, talamh, crochta, smiotaíl, an dá chos)
  • Druibleáil/ag bogadh leis an liathróid (an dá chos)
  • Ag caitheamh (gearr, fada, eitleog a bhualadh, leath-eitleog)
  • Ag tabhairt an chloiginn – cosaint agus ionsaí
  • Tabhairt faoi dhuine/ionramháil/an bhearna a dhúnadh/teacht roimhe

Cosaint báire

  • Ag glacadh/ag tabhairt amach
  • Ciceáil–ón lámh/liathróid as imirt
  • Sábháil báire (ard/íseal)
  • An liathróid a thógáil ar an gcos
  • Bualadh go hard/dorn don liathróid

Haca

Páirc amuigh

  • Scaoileadh/glacadh/smacht (brú, stopadh, gearr, fada, plab, ag bualadh, ag dul siar, C/D)
  • Druibleáil/ag bogadh leis an liathróid oscailte/ag dul siar/athrú luais
  • Sciorrbhualadh – gearr/fada, ard/íseal, pionóis
  • Bualadh (ciorcal C/D, gar, fad)
  • Tabhairt faoi dhuine/ionramháil/an bhearna a dhúnadh/teacht roimhe

Cosaint báire

  • Ag glacadh/ag cur thart (leis an dá chos)
  • Cúinní gearra a chosaint
  • Sciorrbhualadh pionóis a shábháil
  • Sábháil báire (ard/íseal, imeall ciorcail)
  • Gleic shleamhnach ar an imreoir atá ar an ionsaí

Líonpheil

  • Scaoileadh/glacadh/smacht (lámh amháin/dhá lámh, gualainn, labáil, preab, rith, pas uchta)
  • Coisíocht (tuirlingt coise amháin/dhá chos, casadh)
  • Bualadh- gar/achar/rith (lámh amháin/dhá lámh, chun tosaigh/siar, ciceanna céime)
  • Saorghluaiseacht (seachain/athrú luais)
  • Marcáil/teacht roimhe/aisphreabadh
Liathróid láimhe Oilimpeach
  • Passing/receiving/control (one/two-handed catch at Scaoileadh/glacadh/smacht (beir le lámh amháin/dhá lámh ag airdí éagsúla–ina stad agus ag bogadh)
  • Coisíocht (tuirlingt coise amháin/dhá chos, casadh)
  • Bualadh- gar/achar/rith (lámh amháin, léim, pionós)
  • Ag bogadh leis an liathróid
  • Marcáil/ionramháil/teacht roimhe
  • Saorghluaiseacht (seachain/athrú luais)
Cluichí eangaí/balla  

Badmantan

  • Seirbheáil (ard/íseal)
  • Imirt ag an líon (tulbhuille/cúlbhuille)
  • Glanadh (tulbhuille/cúlbhuille)
  • Preab-bhuille
  • Smíste 

Leadóg

  • Seirbheáil (éagsúlachtaí)
  • Tiomáintí (tulbhuille/cúlbhuille)
  • Eitleoga (tulbhuille/cúlbhuille)
  • Labáil
  • Smíste

Leadóg bhoird

  • Seirbheáil (éagsúlacht tulbhuille/cúlbhuille)
  • Tiomáintí (tulbhuille/cúlbhuille)
  • Brú (tulbhuille/cúlbhuille)
  • Blocáil
  • Smíste

Eitpheil

  • Seirbheáil (faoin/os cionn na géige, tosaigh, ar foluain/taobh-fholuain
  • Ag bualadh eitleoige (seit chun tosaigh/siar)
  • Pas/sárú rí
  • Smíste/smíst
  • Blocáil

 

Scuais
  • Seirbheáil (éagsúlacht tulbhuille/cúlbhuille)
  • Tiomáintí (tulbhuille/cúlbhuille)
  • Eitleoga (tulbhuille/cúlbhuille)
  • Buille de dhroim ballaí
  • Labáil
Liathróid láimhe (60 x 30, 40 x 20)

 

  • Buille íochtarach            
  • Buille uachtarach
  • Bualadh cúlbhalla                         
  • Bualadh díreach ó líne ghearr
  • Buille ar eitilt                              
  • Taobh-bhuille (40 x 20 amháin)
  • Seirbheáil
Cluichí Buailte/Gabhála  
Cruicéad
  • Slacadh (díreach/tiomáint ann/as, chun tosaigh/siar)
  • Slacadh (scoradh/tarraingt/scinneadh)
  • Babhláil (meán nó tapa nó casadh, líne/fad)
  • Gabháil–gar
  • Gabháil–domhain

Bogliathróid/Cluiche Corr

  • Ag breith/ag glacadh/ag caitheamh (éagsúil)
  • Ag bualadh/pocáil/slacadh
  • Pitseáil/babhláil (éagsúil) (meán, tapa, claonadh coirp, casadh, líne/fad)
  • Gabháil ar dhaoradh/gar
  • Gabháil dhomhain/páirc amuigh

Aclaíocht agus corpacmhainn phearsanta–rannpháirtíocht ghníomhach agus fhiúntach i gclár aclaíochta agus corpacmhainne atá deartha go pearsanta a léiríonn spéiseanna, spriocanna agus prionsabail pearsanta traenála.

Féadfaidh an foghlaimeoir modh amháin de thraenáil aeróbach agus gníomhaíocht chleachtaidh agus friotaíochta amháin eile a roghnú.

Traenáil aeróbach    
Traenáil leanúnach
  • Déine leanúnach
  • Cuspóir
  • Foirmle FITT
  • Raon mall idirmheánach (20-60 nóim)
  • Raon mall fada (>60 nóim)
Traenáil eatramhach
  • Ullmhacht
  • Obair: cóimheasa athshlánaithe
  • Fad eatramhach
    • Foirmle FITT
Traenáil Fartlek
  • Ullmhacht
  • Tír-raon
  • Fad eatramhach
  • Foirmle FITT
Aeróbaic/Aeróbaic chéime
  • Cur síos teicniúil ar scileanna
  • Gnáthamh aclaíochta
  • Idirthréimhse
  • Tráthúlacht agus rithim
  • Criosanna traenála
  • Foirmle FITT
Casadh
  • Teicnící spineála
  • Déine an bhabhta aclaíochta
  • Dearadh an tseisiúin
  • Criosanna traenála
  • Foirmle FITT
Rámhaíocht laistigh
  • Am
  • Fad
  • Spriocanna
  • Friotaíocht
  • Dearadh an tseisiúin
Ceann de na gníomhaíochtaí cleachtaidh agus friotaíochta seo a leanas:    
Traenáil le meáchain

Brú guaisbheartaíochta uachtair

  • Brú
  • Síneadh

Tarraingt guaisbheartaíochta uachtair

  • Rámhaíocht
  • Cuachadh

Aclaíocht guaisbheartaíochta íochtair

  • Suíomh fogha
  • Gróigeadh
Cobhsaíocht chabhlach
  • Scíth agus análú
  • Smacht
  • Gnáthamh aclaíochta
  • Ailíniú
  • Sreabhadh
Cleachtadh cuarda
Aclaíocht sonrach do:
  • Téamaí
  • Trealamh
  • Eatraimh oibre-ceartaithe

Táthar ag súil go dtaispeánfaidh an foghlaimeoir an cumas na gnéithe seo a leanas a chur i bhfeidhm ar gach modh traenála:

  • Prionsabail na traenála
    • Scíth/ceartú
    • Rólódáil
    • Dul chun cinn
    • Sainiúlacht
    • Ullmhacht
  • Criosanna traenála
  • Tairseacha
  • Eatraimh oibre-ceartaithe
  • Téamh suas/Fuarú.

Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir fianaise a thaispeáint ar a chumas gnéithe de chlár aclaíochta agus corpacmhainne pearsanta a dhéanamh atá deartha chun taispeántas a fheabhsú i ngníomhaíocht choirp nó corpacmhainn fhisiceach a bhaineann le sláinte. Ba cheart go n-áireofaí sa taispeántas:

  • Téamh suas ar feadh cúig nóiméad lena n-áirítear na gnéithe riachtanacha de théamh suas.
  • Píosa forbartha cúig nóiméad déag: d’áireofaí leis an bpíosa seo píosa cardashoithíoch agus píosa ar neart matánach agus fulangacht. D’fhéadfaí formáid ciorcaid a áireamh sa phíosa forbartha.
  • Fuarú ar feadh cúig nóiméad lena n-áirítear na gnéithe riachtanacha den fhuarú.

Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir eolas agus tuiscint a thaispeáint ar fhorchéimniú agus ar oiriúnuithe ábhartha agus ar chleachtas sábháilte sna gníomhaíochtaí roghnaithe.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.