Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

An Tíreolaíocht

An Tíreolaíocht

Cabhróidh Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta le scoláirí tuiscint a fháil ar an ngaol athraitheach idir an domhan fisiceach agus domhan an duine. Trí staidéar a dhéanamh ar an tíreolaíocht, sealbhóidh scoláirí na scileanna tíreolaíocha a chabhróidh leo breithiúnas eolach a dhéanamh ar cheisteanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Féadfar Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta a dhéanamh ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal. Trí chuid atá sa chúrsa – croí-aonaid, aonaid toghthacha agus aonaid roghnacha. Measúnaítear an tíreolaíocht ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal. Bíonn ar scoláirí tuarascáil a scríobh ar imscrúdú tíreolaíoch agus scrúdú scríofa a dhéánamh.