Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Grafaic Dheartha agus Chumarsáide

Is éard atá i gceist le Grafaic Dheartha agus Chumarsáide san Ardteistiméireacht tuiscint a fháil ar fhaisnéis a chuirtear i láthair i bhfocail nó go grafach, an fhaisnéis sin a anailísiú agus í a chur in iúl. Forbraítear scileanna fadhbréitigh agus smaointeoireacht chriticiúil trí anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus iad a réiteach i ngrafaic dhá thoise nó trí thoise. Cuirtear grafaic agus dearadh in iúl i meáin éagsúla, lena n-áirítear dearadh ríomhchuidithe (CAD).  Seo a leanas na príomhréimsí staidéir: Geoiméadracht Phlánach agus Geoiméadracht Thuairisciúil, Cur in Iúl Ghrafaic Dheartha agus Ríomhaire, agus Grafaic Fheidhmeach.

Déantar Grafaic Dheartha agus Chumarsáide a mheasúnú ar dhá leibhéal – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, in dhá chomhpháirt mheasúnachta: tasc scoláire, a mbíonn an CAD ina eilimint shuntasach éigeantach, agus páipéar scrúdaithe.