Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna na sraithe sinsearaí

Bhí forbairtí le déanaí i dtaobh curaclaim agus measúnaithe sa tsraith shinsearach dírithe ar phríomhscileanna a leabú laistigh de thorthaí foghlama. Bíonn cur chuige difriúil maidir le measúnú ag gabháil leis sin inar féidir leis an scoláire freagairtí a chumadh ina léirítear doimhneacht a chuid tuisceana. Ní mór breithniú cúramach a dhéanamh ar an gcothromaíocht idir eolas agus scileanna sa churaclam agus san fhoghlaim nuair a bhíonn príomhscileanna á leabú, agus nuair a bhítear ag aimsiú bealaí cuí lena measúnú.

key skills diagram

Cuimsítear i gCreat Príomhscileanna CNCM príomhscileanna na próiseála faisnéise; a bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta; cumarsáid; smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach agus obair le daoine eile, agus na torthaí foghlama a bhaineann leo. Forbraíodh an Creat Príomhscileanna chun cur chuige coiteann, aontaithe a sholáthar ar mhaithe le príomhscileanna a leabú thar gach sonraíocht Ardteistiméireachta amach anseo. Sainaithnítear na scileanna sin mar chinn atá tábhachtach do gach scoláire chun an scoth a bhaint amach, i rith a chuid ama ar scoil agus sa todhchaí, agus a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí, i saol an teaghlaigh agus sa phobal, i saol na hoibre agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Forbraíonn an ríomheolaíocht na scileanna sin ar na bealaí seo a leanas:

Tarlaíonn an fhoghlaim sa ríomheolaíocht i dtimpeallacht dlúthfhaisnéise; cuirtear gníomhaíochtaí neamhspleácha taighde chun cinn léi ina n-iarrtar ar an scoláire éagsúlacht leathan ábhar seachtrach a rochtain chun dul i ngleic le ceisteanna. Tugann tascanna sa ríomheolaíocht aghaidh ar roghnú, measúnú agus taifeadadh faisnéise; de réir mar a thugann an scoláire faoi fhadhbanna a réiteach, déanann sé cinntí agus breithiúnais atá bunaithe ar shonraí agus ar fhaisnéis cháilíochtúil agus faisnéis chainníochtúil. Sa timpeallacht dlúthfhaisnéise sin, faigheann an scoláire léirthuiscint ar na difríochtaí idir faisnéis agus eolas agus ar na róil atá acu araon maidir le cinntí agus breithiúnais a dhéanamh. Múineann ríomhchlárúchán do dhuine le meas a bheith aige ar chruinneas agus ar phointeáilteacht agus tugann sé ardán chun foirmeacha teibí faisnéise a ionramháil agus a phróiseáil. Teipeann ar an ríomhchlár nó tugann sé torthaí míchruinne nó torthaí atá ar neamhréir i gcomhair ionchur difriúil nuair nach mbítear sách cruinn. Ar an gcaoi chéanna, is rud an-nithiúil sa ríomheolaíocht—inar féidir córais faisnéise a rochtain trí chomhéadain atá sainithe go stuama—é fadhb a mhiondealú ina fo-fhadhbanna is féidir a réiteach astu féin.

Ní mór anailís chúramach a dhéanamh ar phatrúin agus ar ghaoil nuair a bhítear ag dearadh, ag samhaltú, agus i mbun ríomhchlárúcháin, agus leis sin forbraítear scileanna ardréasúnaíochta agus scileanna maidir le fadhbanna a réiteach. Gné den smaointeoireacht ríomhaireachtúil is ea an cumas fadhbanna a shainaithint, iad a anailísiú agus iad a mhiondealú, roghanna agus malairtí a fhiosrú, agus fadhbanna a réiteach dá réir sin. Tá tabhairt hipitéisí, déanamh tuartha, scrúdú fianaise, agus teacht ar chonclúidí i gcroílár na ngníomhaíochtaí go léir a dhéanfaidh an scoláire mar chuid den ríomheolaíocht. De réir mar a fhorbróidh sé na scileanna sin, déanfaidh an scoláire dian-mhachnamh ar na cineálacha smaointeoireachta agus luachanna a mhúnlaíonn a thuairimí agus a chuid eolais féin agus an tuiscint atá aige. Leis sin, forbraítear an ghné mheiteachognaíoch d’eolas atá riachtanach chun dea-nósanna smaointeoireachta a chur chun cinn. Sa ríomheolaíocht, is é an scoláire dearthóir agus cruthaitheoir na teicneolaíochta seachas a bheith díreach ina úsáideoir teicneolaíochta. Ní mór don scoláire a bheith cruthaitheach agus léiritheach chun déantáin a réitíonn fadhbanna sonracha a dhearadh.

Forbraítear scileanna láidre cumarsáide in obair thionscadail chomhoibritheach. Úsáideann an scoláire teicneolaíocht chun cumarsáid a dhéanamh duine ar dhuine agus trí mheáin dhigiteacha. Cé nach ndírítear go díreach ar scileanna litearthachta, bítear in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán sa taithí foghlama leo. Teastaíonn scileanna anailíse agus léirmhínithe nuair a bhítear i mbun taighde ar an idirlíon agus nuair a úsáidtear foinsí seachtracha, agus cothaítear na scileanna sin. Teastóidh raon leathan foinsí faisnéise ón scoláire. Mar chuid den chúrsa iarrfar ar an scoláire a chuid tuairimí a chur in iúl agus a roinnt trí phlé agus argóint. Spreagann sé sin plé, éisteacht chúramach agus tuairimí agus mothúcháin a mhealladh. Foghlaimeoidh sé freisin le faisnéis theicniúil a chur ar fáil ar bhealaí atá ábhartha agus intuigthe do dhaoine a bhfuil leibhéil éagsúla eolais agus tuisceana teicniúla acu. Tá deis ann tuilleadh forbartha a dhéanamh ar scileanna cumarsáide de réir mar a chumann agus mar a dhéanann an scoláire cur i láthair ag úsáid meáin éagsúla.

Mar bhonn is mar thaca ag Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta tá comhoibriú agus obair le daoine eile. Ina obair thionscadail, gheobhaidh an scoláire léirthuiscint ar dinimicí grúpaí agus ar na scileanna sóisialta a theastaíonn le bheith ag gabháil d’obair chomhoibritheach. Cuireann an ríomheolaíocht le léirthuiscint ar obair i gcomhar mar rud a chuidíonn chun duine a spreagadh, fuinneamh a scaoileadh agus teacht i dtír ar na buanna go léir i ngrúpa. Ceann de na gnéithe ríthábhachtacha ó thaobh oibriú le daoine eile is ea spriocanna coiteanna a leagan síos, a mheas agus a bhaint amach. Foghlaimíonn na scoláirí le hidirbheartaíocht a dhéanamh maidir le coimhlintí agus iad a réiteach de réir mar a phléann siad na straitéisí difriúla agus de réir mar a bhaineann siad comhaontú amach.

Cuireann féinfheasacht agus diongbháilteacht os comhair dúshlán ar chumas an scoláire fás agus forbairt. Sa ríomheolaíocht, oibríonn an scoláire ar fhadhbanna éiginnte agus foghlaimíonn sé le leanúint air trí éiginnteacht agus fios aige go bhfuil an baol ann go dteipfidh air. De réir mar a oibríonn sé trí dhúshláin agus tríd an mbaol go dteipfidh air, éiríonn sé diongbháilte agus láidir ann féin agus seasann na rudaí sin dó i ngach réimse dá shaol. Níl aon bhealach ceart ann fadhb a fhreagairt nó straitéis a bhunú maidir le fadhbanna a réiteach; de réir mar a éiríonn an scoláire muiníneach á threorú féin forbraíonn sé diongbháilteacht agus déine. Trí scil a fhorbairt le bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta, forbraíonn an scoláire straitéisí chun fadhbanna a réiteach agus cinn i gcomhair na foghlama tríd is tríd.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.