Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An Réamhrá

Is ionann ríomheolaíocht agus an staidéar ar ríomhaireacht agus ar phróisis algartamacha. Áirítear le Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta an chaoi ar féidir ríomhchlárúchán agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil a chur i bhfeidhm chun fadhbanna a réiteach, agus an tionchar a bhíonn ag teicneolaíocht ríomhaireachta ar an saol mórthimpeall orainn.

Tá 3 shnáithe sa tsonraíocht, agus tá a gcuid torthaí foghlama fite fuaite ina chéile. Is iad na 3 shnáithe:

  1. Cleachtais agus prionsabail
  2. Príomhchoincheapa
  3. An Ríomheolaíocht i gcleachtas

Foghlaimeoidh an scoláire an méid seo a leanas:

  • Cleachtais agus prionsabail na ríomheolaíochta, cosúil le smaointeoireacht ríomhaireachtúil, ríomhairí agus an tsochaí, agus dearadh cruthaitheach
  • Conas fadhbanna a anailísiú i dtéarmaí ríomhaireachtúla agus conas coincheapa mar theibíocht, loighic, algartaim, ríomhchórais, léiriú agus meastóireacht sonraí a thuiscint
  • Teangacha ríomhchlárúcháin agus conas ríomhchláir a léamh, a scríobh, a thástáil agus a mhodhnú
  • An próiseas a bhaineann le déantáin ríomhaireachtúla a dhearadh cosúil le leathanaigh ghréasáin, beochana digiteacha, ionsamhlúcháin, cluichí, feidhmchláir agus córais róbataice
  • Gnéithe eiticiúla, stairiúla, comhshaoil agus teicneolaíochta na ríomheolaíochta, agus an tionchar a bhíonn aici ar fhorbairt shóisialta agus eacnamaíochta na sochaí.

Tá ról an ríomhchlárúcháin sa ríomheolaíocht cosúil leis an obair phraiticiúil sna hábhair eile—tugann sé spreagadh, agus comhthéacs ina gcuirtear smaointe i gcrích laistigh de. Foghlaimíonn an scoláire ríomhchlárúchán agus fadhbanna á réiteach aige trí phróisis smaointeoireachta ríomhaireachtúla agus trí fheidhmeanna praiticiúla cosúil le tascanna foghlama feidhmí.

Ceapadh an tsonraíocht do Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta le haghaidh gach scoláire. Baineann sí le go leor gnéithe de shaol an scoláire agus tá sí ábhartha dá bhrí sin do raon leathan spéiseanna an scoláire. Tá sí suite laistigh de chomhthéacs oideachas na sraithe sinsearaí.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.