Acmhainní a ghabhann le Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil
“Tá ról an ríomhchlárúcháin sa ríomheolaíocht cosúil leis an obair phraiticiúil sna hábhair eile—
tugann sé spreagadh, agus comhthéacs ina gcuirtear smaointe i gcrích laistigh de. Foghlaimíonn an scoláire ríomhchlárúchán agus fadhbanna á réiteach aige trí phróisis smaointeoireachta ríomhaireachtúla agus trí fheidhmeanna praiticiúla cosúil le tascanna foghlama feidhmí.” Sonraíocht Ríomheolaíochta na hArdteistiméireachta (2017)
Tá trí chuid ann. Coincheapa an Ríomhchlárúcháin a thugtar ar an bpríomhchuid – naoi gcoincheap ríomhchlárúcháin a fhoghlaimítear trí Python. Is acmhainní neamhspleácha iad an dá chuid eile (Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil Bhlocbhunaithe agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil Dhíphlugáilte) ach cuimsítear iad freisin sa bpríomhchuid faoi choincheapa an ríomhchlárúcháin ag an leibhéal cuí foghlama. Fiosraítear na naoi gcoincheap i gcomhthéacsanna éagsúla.
Coincheapa an Ríomhchlárúcháin
0. Cód a Léamh agus a Mhodhnú |
1. Athróga
|
2. Ionchur/Aschur Bunúsach |
3. Teaghráin |
4. Coinníollacha |
5, Lúba (Atriallta) |
6. Liostaí agus Foclóirí |
7. Sainithe (Feidhmeanna) |
8. Tástáil Aonad |
Foghlaimítear coincheapa ag úsáid ríomhchlárúchán téacsbhunaithe (Python ar dtús, ansin Javascript níos iomláine níos deireanaí sa chúrsa) le ríomhchlárúchán blocbhunaithe freisin (m.sh. Scratch, cód microbit). Tugann tascanna spriocdhírithe, ríomhchlárúchán beirte agus dúshláin smaointeoireachta ríomhaireachtúla comhthéacs breise don fhoghlaim. Ar deireadh, réitítear fadhbanna le micreaphróiseálaí, agus foghlaimítear an coincheap trí mhicreaphróiseálaí a úsáid, a threisíonn an fhoghlaim agus a chuireann fíorchuspóir ar fáil don ábhar. Níl mórán taighde ar fáil sa réimse seo, agus níl a bhfuil ar fáil críochnúil, ach tugann Franklin et al (2016), Rubin (2016), Werner et al (2013) agus Waite (2017), i dteannta ghlacadh foriomlán na foghlama cumaisc ar an dara agus ar an tríú leibhéal, le fios gur féidir leis na cineálacha oideolaíochtaí cumaisc ilchomhthéacsúla a bheith éifeachtach agus spéisiúil. Tá nádúr agus éifeachtacht na dtascanna bunaithe ar phrionsabal simplí: céard a bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh an scoláire leis an bhfaisnéis agus leis an eolas chun a dtuiscint a neartú? Tá raon taighde ar fáil sa réimse seo ó An exploration of internal factors influencing student learning of programming le Carbone et al (2009) go leabhair oideachais ar nós The Magenta Principles.
Tugtar liosta thíos de na cineálacha acmhainní a sholáthraítear
Tugtar liosta thíos de na cineálacha acmhainní a sholáthraítear
Braitheann soláthar na n-acmhainní ar an gcoincheap atá i gceist. Mar shampla, beidh suas le trí dhúshlán smaointeoireachta ríomhaireachtúla i roinnt, ceann amháin i roinnt agus ní bheidh ceann ar bith i roinnt eile.
- Ceachtanna agus Tascanna chun Python a fhoghlaim, is féidir a chur in eagar le Microsoft PP agus Google Slides.
- Pleananna Ceachta leabaithe i sleamhnáin, agus tugtar aghaidh ar Thorthaí Foghlama.
- Coincheapa an ríomhchlárúcháin a fhorbairt trí Ghrafaicí Turtair. (Tascanna agus ceachtanna Turtair i gcoincheapa 2, 5 agus 7)
- Ceachtanna físeáin 5–15 nóiméad ag gabháil le gach coincheap, chun an fhoghlaim bunaithe ar thasc a chomhdhlúthú agus a leathnú.
- Dúshlá(i)n smaointeoireachta ríomhaireachtúla ar ardán html, oiriúnach don fhoghlaim agus don fhorbairt a rinneadh roimhe sin, agus is féidir a chur in eagar chun úsáid i ríomhphunann.
- Ceacht físeáin ar mhicreaphróiseálaí (microbit) a úsáid, agus baint chomh dlúth agus is féidir aige leis na coincheapa.
- Ríomhthascanna agus dúshláin i pdf is féidir a chur in eagar, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar na príomhthorthaí foghlama agus machnamh ar an bhfoghlaim.
- Ríomhchlárú comhuaineach blocbhunaithe agus téacsbhunaithe, nuair a chuirtear tasc ó cheacht Python i gcrích i Scratch.
- An chaoi leis an leibhéal Smaointeoireachta Ríomhaireachtúla a mheasúnú agus a thaifeadadh laistigh de chláir Scratch. Acmhainn html freisin, is féidir a chur in eagar chun obair an scoláire a stóráil agus d’úsáid ríomhphunainne.
Na Torthaí Foghlama a dtugtar aghaidh orthu
Sonraítear na Torthaí Foghlama a dtugtar aghaidh orthu, nó an chuid den tsonraíocht ina luaitear na Torthaí Foghlama, i bhformhór na n-acmhainní. Tugann acmhainní Choincheapa an Ríomhchlárúcháin aghaidh ar fhormhór na dTorthaí Foghlama sna codanna seo a leanas den tsonraíocht go príomha:
- Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil agus Dearadh agus Forbairt
(Snáithe 1)
- Teibíocht, Algartaim, Sonraí agus Measúnú
(Snáithe 2)
- Tasc foghlama feidhmí 4 agus roinnt de na Torthaí Foghlama i dtascanna foghlama feidhmí eile.
(Snáithe 3)