Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Snáitheanna Staidéir

Leagtar amach thíos na snáitheanna, na snáithaonaid agus na torthaí foghlama lena mbaineann. Cé go bhfuil uimhreacha ar na snáithaonaid, is ar mhaithe le héascaíocht é seo agus ní thugann sé ordlathas cur chuige le tuiscint. Níl uimhreacha ar na snáitheanna féin mar go n-aithnítear san Ealaín gur féidir tosú ar shaothar ó cheann ar bith díobh. Ach, tá sé tábhachtach freisin go bhfaigheann an foghlaimeoir taithí ar na trí shnáithe mar go bhfuil siad nasctha agus ag brath ar a chéile. Baineann Snáithaonaid áirithe le snáithe ar leith, mar aon leis na torthaí foghlama iontu. Anuas air sin, léirítear sna torthaí foghlama sna trí shnáithe go bhfuil an caidreamh idir déanamh praiticiúil saothair agus an t-eolas, scileanna, luachanna agus tuiscint ar shamplaí ábhartha den Amharcstaidéar siombóiseach. D’fhéadfaí, i ngach snáithe, cuid de na torthaí foghlama a chur i bhfeidhm ar dhéanamh praiticiúil na hoibre chomh maith le réimse an Amharcstaidéir.

Is bleachtairí amhairc iad ealaíontóirí atá ag ceistiú an domhain mórthimpeall orthu go síoraí trína fhiosrú agus a iniúchadh, ag déanamh grinnscrúdú ar an stair agus ar an am i láthair agus ag nochtadh féidearthachtaí don todhchaí. I rith an phróisis chun staidéar a dhéanamh ar an Ealaín, foghlaimeoidh an foghlaimeoir le taighde amhairc a dhéanamh; le bheith ina thaighdeoir coincheapúil; ina sheandálaí cultúrtha. Mar chuid den phróiseas taighde, foghlaimeoidh sé le spreagthach a roghnú, bunfhoinse a roghnú agus níos mó forbartha a dhéanamh ar a smaointe. Beidh deis ag an bhfoghlaimeoir a cheantar féin, lena n-áirítear dánlanna, iarsmalanna, ailtireacht, dealbha poiblí agus níos mó, a úsáid le haghaidh cuspóirí taighde.

Sa snáithe seo tugtar aghaidh ar mhodhanna taighde a úsáidtear taobh istigh d’ábhar amhairc. Foghlaimíonn an foghlaimeoir ach Féachaint ar bhunfhoinsí nó samplaí de mhórshaothair Amharcstaidéir; Taifeadadh agus doiciméadú a dhéanamh ar a smaointe, tuairimí, torthaí agus breithnithe ina bhloc sceitseála; Triail agus léirmhíniú ar na nithe a fheiceann sé agus an saothar agus smaointe a fhorbraíonn sé ansin; bheith feasach ar an domhan atá ag fás agus ag forbairt timpeall air trí Fhiosrúchán comhthéacsúla agus trí Phróiseas a leanúint go beacht. D’fhéadfaí cuid de na torthaí foghlama sa Snáithe Taighde a chur i bhfeidhm ar dhéanamh praiticiúil na hoibre chomh maith leis an Amharcstaidéar.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1.1 Féachaint
  1. 1.1.1
    • anailís a dhéanamh ar shaothar ealaíne
    • stíl ealaíne a aithint agus gnéithe ábhartha a shainaithint
    • teanga chriticiúil agus amhairc a úsáid le cur síos a dhéanamh ar shaothar ealaíne
    • taithí a fháil ar an timpeallacht nádúrtha agus thógtha mar fhoinse inspioráide
    • na foinsí faisnéise a thacaíonn le forbairt a shaothair a shainaithint
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1.2 Taifeadadh agus doiciméadú
  1. 1.2.1
    • faisnéis ó réimse foinsí agus meán a bhailiú le chéile
    • faisnéis amhairc a thaifeadadh trí réimse meán agus teicníochtaí
    • a léirmhíniú den domhan a ghabháil ar bhealach fisiciúil/digiteach
    • a bhunús lena rogha meán a chosaint
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1.3 Triail agus léirmhíniú
  1. 1.3.1
    • faisnéis ón taighde a idirdhealú agus a bhaint as
    • taifead amhairc anótáilte dá fhiosrúchán a tháirgeadh
    • triail a bhaint as smaointe, meáin agus teicníochtaí
    • scileanna fadhbréitigh a úsáid chun smaointe a fhorbairt
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1.4 Fiosrúcháin chomhthéacsúla
  1. 1.4.1
    • an comhthéacs níos leithne den chaoi a bhfuil an domhan ag athrú go leanúnach, go sóisialta, go polaitiúil, go heiticiúil, srl., a úsáid ina shaothar
    • dul i ngleic le healaíontóir nó saothar ealaíne aitheanta
    • an chaoi a mbíonn tionchar ag comhthéacs agus tréimhse ar smaointeoireacht ealaíonta a mhíniú
    • naisc le healaíontóirí ón am a caitheadh agus ón am i láthair inar fiosraíodh topaicí nó téamaí den chineál céanna a shainaithint
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1.5 Próiseas
  1. 1.5.1
    • a spreagadh/réimse fiosrúcháin féin a cheapadh agus a fhorbairt
    • foinsí faisnéise a shainaithint
    • rogha líníochtaí agus staidéar a thacaíonn lena smaointe agus a shaothar a dhréachtú
    • rogha freagairtí amhairc a úsáid atá ábhartha dá réimse staidéir
    • réasúnaíocht dá roghanna a fhorbairt bunaithe ar a thaighde
    • a phróiseas taighde agus cinnteoireachta a chur in iúl agus a anótáil.

San Ealaín, beidh an foghlaimeoir ag gabháil do phróiseas chun ealaín a chruthú, idir é a cheapadh go gcuirtear i gcrích é. Cruthóidh an foghlaimeoir saothar bunaithe ar spreagthach ag úsáid réimse scileanna agus na hábhair is rogha leis. De réir mar a fhorbraíonn sé a shaothar féin, tabharfar deis dó freisin freagairt dó de réir mar a théann sé chun cinn. Tabharfaidh sé seo deis dó na rudaí a oibríonn a thuiscint agus cabhróidh sé leis muinín a fháil chun treo a athrú más gá. I rith machnaimh ar an bpróiseas cruthaitheach, féadfaidh an foghlaimeoir scrúdú a dhéanamh ar a shaothar atá ag forbairt agus déanfaidh sé cinneadh chun é a chur i gcrích ina iomláine nó socróidh sé go bhfuil gá le tuilleadh taighde. Cuid thábhachtach den chruthú is ea go n-aithníonn sé freisin an nóiméad atá saothar críochnaithe agus cén uair is fearr stopadh.

Agus é ag foghlaim le saothar a chruthú, déantar cur síos agus léirítear an Déanamh atá bainteach sna torthaí foghlama; úsáid as na Fiosrúcháin Chomhthéacsúla, go háirithe san fhoghlaim chun tuiscint agus úsáid a bhaint as na gnéithe ealaíne agus na prionsabail deartha; an Próiseas atá bainteach sna línte fiosrúcháin seo a leanas agus cinneadh a dhéanamh ar an saothar críochnaithe; an t-eolas, scileanna agus tuiscint a theastaíonn chun cumarsáid a dhéanamh trína shaothar a Chur i gcrích/Chur i láthair. D’fhéadfaí cuid de na torthaí foghlama sa Snáithe Cruthaithe a chur i bhfeidhm ar dhéanamh praiticiúil na hoibre chomh maith leis an Amharcstaidéar.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.1 Déanamh
  1. 2.1.1
    • coincheapa a fhorbairt ar bhealaí samhlaíocha agus cruthaitheacha
    • bunfhoinsí a léirmhíniú lena n-áirítear an timpeallacht nádúrtha agus thógtha, agus cruth an duine mar fhoinse inspioráide
    • scileanna, eolas agus teicnící cuí a chur i bhfeidhm
    • saothar críochnaithe a chruthú bunaithe ar a thaighde
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.2 Fiosrúcháin chomhthéacsúla
  1. 2.2.1
    • na gnéithe ealaíne agus na prionsabail deartha a chur i bhfeidhm agus a shaothar á chruthú agus á mheas
    • critíc a dhéanamh ar a shaothar féin agus saothar daoine eile
    • a thaithí ar an Amharcstaidéar a aistriú chuig a shaothar praiticiúil
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.3 Próiseas
  1. 2.3.1
    • cur síos a dhéanamh ar a spreagthach/réimse fiosrúcháin
    • foinsí faisnéise a léiriú
    • rogha líníochtaí, staidéar agus saothar críochnaithe a chruthú
    • triail a bhaint as a shaothar agus é a chur in eagar
    • a rogha freagairtí amhairc ábhartha a chosaint
    • airíonna an mheáin a thuiscint agus iad a chur i bhfeidhm go cuí
    • an réasúnaíocht lena roghanna a mhíniú
    • a thaighde, a phróisis agus a chinntí ba chúis lena saothar críochnaithe a cheangal
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2.4 Cur i gcrích/Cur i láthair
  1. 2.4.1
    • a shaothar a choimeád agus a chur i láthair ar bhealach measta
    • measúnú a dhéanamh ar bhrí agus ar chomhthéacs an tsaothair roghnaithe
    • brí agus chomhthéacs an tsaothair roghnaithe a chur in iúl
    • réasúnaíocht a chur i láthair chun a roghanna a mhíniú

Ní mór don fhoghlaimeoir a thuiscint go mbíonn an deis aige freagairt, agus go dtabharfaidh sé freagairt, ar shaothar, cibé ar leis féin nó le scoláire eile é. Tabharfar deis dó machnamh a dhéanamh faoi agus freagairt dá shaothar féin go hoibiachtúil agus go criticiúil. Agus é ag giniúint freagartha ar shaothar, féadfaidh an foghlaimeoir sin a dhéanamh go mothúchánach, go criticiúil, go haeistéitiúil nó go comhthéacsúil, nó fiú freagairt trí mheascán díobh sin. Foghlaimeoidh sé chun luach a thabhairt ar a chinntí agus a phróisis agus a bheith sásta a smaointe agus a shaothar a chur in eagar agus roghnú astu ionas go mbeidh sé in ann a roghanna agus a chinntí a mhíniú. Ar deireadh, téann an foghlaimeoir níos gaire don tuiscint ar smaointeoireacht agus ar phróisis an ealaíontóra.

Baineann torthaí foghlama na Freagartha le húsáid a bhaint as Anailís; Fiosrúcháin Chomhthéacsúla a dhéanamh chun tuiscint agus eolas a bhreisiú; breathnú ar bhealaí chun breith a thabhairt ar Thionchar agus luach; Machnamh criticiúil agus pearsanta a úsáid; agus foghlaim le smaoineamh faoina Phróiseas agus réasúnaíocht a thabhairt ina leith. D’fhéadfaí cuid de na torthaí foghlama sa Snáithe Freagartha a chur i bhfeidhm ar dhéanamh praiticiúil na hoibre chomh maith leis an Amharcstaidéar.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3.1 Anailís
  1. 3.1.1
    • plé a dhéanamh ar shamplaí ón Amharcstaidéar
    • an smaointeoireacht agus na gnéithe ealaíonta a aithint ina obair féin agus in obair daoine eile
    • smaointe agus saothar bunaithe agus nua a cheistiú
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3.2 Fiosrúcháin chomhthéacsúla
  1. 3.2.1
    • a shaothar féin a shuíomh i ndáil le saothar ealaíne eile i gcomhthéacs(anna) áirithe (go stíleach, go sóisialta, go polaitiúil, go heiticiúil, srl.)
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3.3 Tionchar agus luach
  1. 3.3.1
    • luach a chur ar a shaothar féin agus saothar daoine eile
    • argóint nó cás a dhéanamh d’fhiúntas saothair leis an bhfaisnéis chomhthéacsúil chuí
    • taithí a fháil ar ealaín trí fhreagairtí céadfacha agus/nó mothúchánacha
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3.4 Machnamh criticiúil agus pearsanta
  1. 3.4.1
    • plé a dhéanamh ar fhorbairt smaointe agus saothar ón gcoincheap go cur i gcrích
    • fianaise a chur i láthair d’iniúchadh marthanach agus athraitheach ar spreagthach
    • luach a chur ar iniúchadh marthanach agus athraitheach ar spreagthach
Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3.5 Próiseas
  1. 3.5.1
    • cur síos a dhéanamh ar a spreagthach/réimse fiosrúcháin
    • foinsí faisnéise a léirmhíniú
    • reagairt do rogha líníochtaí, staidéar agus saothar críochnaithe
    • a rogha freagairtí amhairc a shintéisiú
    • réasúnaíocht éifeachtach lena roghanna a chur in iúl
    • a thaighde, a phróisis, a chinnteoireacht agus a shaothar críochnaithe a chosaint
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.