Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Oiriúntais Réasúnta/Cuimsiú

Éilíonn an tsonraíocht seo d’Ealaín na hArdteistiméireachta go rachaidh an foghlaimeoir i ngleic le hobair ealaíne phraiticiúil ar bhonn leanúnach i rith an chúrsa. Lena chois sin, tá comhpháirt scríofa ina gné don mheasúnú, dá mbronntar 30% d’iomlán na marcanna. D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag an mbéim ar ghníomhaíochtaí praiticiúla don fhoghlaimeoir ag a bhfuil deacrachtaí fisiciúla/leighis/céadfacha agus/nó deacrachtaí foghlama ar leith. Chuige sin, dearadh scéim na Socruithe Réasúnta, a fheidhmíonn Coimisiún na Scrúduithe Stáit, chun cabhrú leis an bhfoghlaimeoir san Ardteistiméireacht ag a bhfuil deacrachtaí fisiciúla/leighis/céadfacha agus/nó deacrachtaí foghlama ar leith.

Deartar oiriúntais réasúnta chun tionchar míchumais ar fheidhmíocht iarrthóra a bhaint oiread agus is féidir, ionas gur féidir leis a leibhéal gnóthachtála a thaispeáint i scrúdú – ní dheartar iad chun cúiteamh a dhéanamh ar easpa gnóthachtála a eascraíonn as míchumas.

Meastar iarratais ar oiriúntais réasúnta laistigh de chreat foilsithe prionsabal (Tuarascáil ó Ghrúpa Comhairleach Saineolaithe, Eanáir 2000) agus cuireann an scoil ar a bhfreastalaíonn an t-iarrthóir isteach iad ar fhoirmeacha iarratais ainmnithe. Iarrtar iarratais bliain roimh an scrúdú atá i gceist go hiondúil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.