Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

An tSean-Ghréigis

An tSean-Ghréigis

I Sean-Ghréigis na hArdteistiméireachta déantar staidéar ar theanga, litríocht, stair, ealaíne agus ailtireacht na Sean-Ghréige.  Cuirtear an bhéim ar shaothair na scríbhneoirí móra, leithéidí Homer, Plato, Sophocles agus Euripedes, a léamh. Ní mór do scoláirí Ardleibhéal ceapadóireacht a dhéanamh ón teanga choiteann go Gréigis agus níos mó den litríocht Ghréigise a léamh ná mar a iarrtar ar scoláirí Gnáthleibhéal.

I scrúdú scríofa a dhéantar an tSean-Ghréigis a mheasúnú. Cuirtear páipéir dhifriúla Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal ar fáil.