Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Acmhainní lena n-úsáid i dTeagasc OSPS/OCG

Tá na hacmhainní seo thíos á liostú chun tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí chun teagasc agus foghlaim a phleanáil le haghaidh OSPS na sraithe sinsearaí. Ní liosta saintreorach é agus tá cead ag gach múinteoir/scoil agus ag gach rang na hacmhainní is fearr dóibh féin a roghnú bunaithe ar a gcuid riachtanas féin. Daoine óga idir 15 agus 18/19 mbliana d’aois atá i gceist leis an tsraith shinsearach, de ghnáth. Ní bheidh na scoláirí ag an gcéim chéanna ó thaobh na forbartha mothúchánaí, forbartha sóisialta ná forbartha fisiciúla de agus déanfar difear dá dtaithí foghlama in OSPS/OCG de thoradh a gcuid taithí saoil a bheidh difriúil i gcás gach scoláire.  Roghnaíodh na hacmhainní seo toisc gur fhorbair gníomhaireacht nó eagraíocht stáit, ag a bhfuil dea-chuntas teiste oideachasúil sa réimse OSPS/OCG, iad don aoisghrúpa seo. Rinneadh iad a fhorbairt de réir torthaí foghlama chreat OSPS na sraithe sinsearaí ar mhaithe le pleanáil a éascú. Tá sé de dhualgas ag múinteoirí ranga fós, áfach, ábharthacht agus oiriúnacht gach acmhainne maidir le rang faoi leith a mheas, ós iad is fearr atá ar an eolas maidir le cé an acmhainn a rachaidh chun tairbhe d’fhoghlaim a ranga féin, bunaithe ar riachtanais ar leith na scoláirí, ar a staid forbartha agus ar an gcomhthéacs scoile. 

Is féidir teacht ar critéir maidir le rogha acmhainní anseo.


Aidhm: Is é is aidhm le OSPS na sraithe sinsearaí tacaíocht a thabhairt do scoláirí chun go mbeidh siad in ann roghanna eolacha a dhéanamh maidir lena sláinte agus lena bhfolláine.

* Tá hipearnasc ar acmhainní ar fud an fhoireann uirlisí - chun acmhainn a fháil cliceáil ar an hipearnasc le do thoil. Tugann na naisc seo tú chuig láithreáin sheachtracha.

 Meabhairshláinte a shainmhíniú 

Mindout 2: Sraith 12 cheacht le haghaidh daoine óga idir 15–18 mbliana d’aois is ea Mindout 2 a d’fhorbair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun tacú le folláine shóisialta agus mhothúchánach daoine óga. Féachtar le cúig phríomhinniúlacht don fhoghlaim shóisialta agus mhothúchánach a fhorbairt sa tsraith; is iad sin an fhéinfheasacht, an fhéinbhainistíocht, an fheasacht shóisialta, an bhainistíocht caidrimh agus an chinnteoireacht fhreagrach.  Tá tuilleadh eolais agus oiliúna ar fáil ach teagmháil a dhéanamh ar [email protected]

 Féinfheasacht agus scileanna pearsanta

Little Things Campaign (HSE): Déantar cur síos san fheachtas seo ar na céimeanna is féidir linn uile a dhéanamh ó lá go lá chun ár meabhairshláinte a chosaint – rudaí beaga, simplí, cumhachtacha agus fianaise-bhunaithe..

Dove Choose Beautiful Gearrfhíseán atá áisiúil chun comhrá maidir le híomhá coirp agus féinmheas a thosú. 

Bodywise information sheet about eating disordersComhairle agus tacaíocht le haghaidh múinteoirí. 
Tá réimse acmhainní forbartha ag BodyWhys chun tacú le teagasc agus foghlaim maidir leis an méid seo a leanas: neamhoird itheacháin, saincheisteanna maidir le híomhá coirp agus litearthacht ar na meáin i measc déagóirí, rud atá ríthábhachtach. Is féidir na hacmhainní sin a fháil ach ríomhphost a chur chuig [email protected]
 

Sláinte mhothúchánach

MindYourSelfie: Tá sé seo ar cheann de na hacmhainní a d’fhorbair Seirbhísí Meabhairshláinte Naomh Pádraig chun cabhrú le daoine óga deacrachtaí an tsaoil a láimhseáil agus chun meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn ina saol.

Jigsaw online: Cuirtear eolas agus tacaíocht ar fáil ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Náisiúnta um Meabhairshláinte an Aosa Óig le haghaidh daoine óga chun cabhrú leo dul i ngleic le réimse fadhbanna.

Relaxation techniques (DE/NEPS)

Just Breath Gearrfhíseán maidir le fearg agus maidir le húsáid teicnící análaithe chun fearg a bhainistiú 

Bainistíocht struis 

Wellbeing toolkit for post primary schoolsAcmhainn a d’fhorbair an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais i gcomhthéacs COVID-19 agus atá úsáideach chomh maith le haghaidh comhthéacs níos leithne.

Study-stress: Is é Reachout príomheagraíocht ar líne na hAstráile don óige a dhíríonn ar an meabhairshláinte. I measc na ngníomhaíochtaí anseo, tugtar moltaí maidir le conas meon a ghlacadh atá dírithe ar fhás, moltaí maidir le conas strus a bhainistiú agus leideanna le haghaidh nósanna staidéir a thógáil atá éifeachtúil.

Jigsaw: Cuirtear eolas agus tacaíocht ar fáil ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Náisiúnta um Meabhairshláinte an Aosa Óig chun cabhrú le daoine óga dul i ngleic le réimse fadhbanna.

Méala agus bás 

Parenting positively: Helping teenagers to deal with death: Acmhainní a d’fhorbair TUSLA.

Headspace/Experiencing grief and loss Bileog eolais le haghaidh daoine óga a théann i ngleic le brón agus bás, a d’eisigh g foras na hAstráile um meabhairshláinte an aosa óig.

Dealing with Grief and Loss: Tá eolas le haghaidh daoine óga ar fáil ar jigsawonline.ie

Resources to support young people dealing with death Sainacmhainní a d’fhorbair ag Barnardos

Easláinte mheabhrach agus meabhairghalar 

Mental health Is é Reachout príomheagraíocht ar líne na hAstráile don óige a dhíríonn ar an meabhairshláinte. Tugtar moltaí ar an suíomh gréasáin seo maidir le conas cur leis an eolas atá ag scoláirí ó thaobh saincheisteanna meabhairshláinte de, lena n-áirítear an dúlagar, an imní agus neamhoird itheacháin.

JigsawOnline Tá eolas, gníomhaíochtaí agus uirlisí ar fáil ó Jigsaw is féidir a bheith áisiúil do dhaoine óga chun tacú lena meabhairshláinte agus chun cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí.

Living with the Black Dog Gearrfhíseán a d’eisigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chun cabhrú le cúramóirí, teaghlaigh agus leo siúd a bhfuil dúlagar orthu nó atá in ísle brí.

A bheith inniúil ar chúrsaí sláinte 

Treoir Treoir ar conas suíomhanna gréasáin atá iontaofa agus oiriúnach ó thaobh aoise de a shainaithint.

Suíomhanna gréasáin samplacha lena bhfiosrú i gcomhar le scoláirí chun scileanna litearthachta sláintiúla a thógáil:

Looking after your mental health: Suíomh gréasáin de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 

Walking in my Shoes: Suíomh gréasáin le hacmhainní le haghaidh daoine óga.

https://www.barnardos.ie/resources/young-people

BelongTo:Eagraíocht atá ag obair chun a chinntiú go gcaitear go cothrom le daoine óga LADTI+, go bhfuil siad sábháilte agus go dtugtar an meas céanna orthu beag beann ar éagsúlachtaí atá le sonrú i measc a gcuid féiniúlachtaí agus a gcuid taithí.

Reachout: Reachout is Australia’s leading online mental health organisation for young people.

Jigsaw/working with young people: Is é Reachout príomheagraíocht ar líne na hAstráile don óige a dhíríonn ar an meabhairshláinte.

 Iompar drochídeach a láimhseáil 

Senior Cycle Personal Safety Resource Pack: Sraith ceachtanna a d’fhorbair an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí ina bhfiosraítear caidrimh, an toiliú, an foréigean teaghlaigh, an foréigean inscnebhunaithe agus i bhfad níos mó.

BodyRight:Sraith ceithre cheardlann a d’fhorbair an tIonad Éigeandála um Éigniú, Baile Átha Cliath, chun eolas a scaipeadh faoin bhforéigean gnéis, faoin toiliú, faoin gcomhéigean ar líne agus faoi conas tacú le duine ar a ndearnadh mí-úsáid.

Jesy Nelson’s Odd One Outdocumentary about online bullying Spreagthach atá sa chlár faisnéise seo chun plé a dhéanamh ar an iompar drochídeach agus ar an iompar bulaíochta, ar chineálacha difriúla na n-iompar sin agus ar na hiarmhairtí a bhíonn acu ar dhaoine aonair agus ar a gcuid caidreamh. 

Faisnéis chúlra 

Jigsaw/working with parent Eolas a chruthaigh cliniceoirí Jigsaw maidir le conas is féidir le tuismitheoirí agus le caomhnóirí tacú le meabhairshláinte daoine óga.

A Mental health resource for Youth workers and Volunteers: Tugtar forléargas cuimsitheach ar mheabhairshláinte an aosa óig san acmhainn seo.

An difríocht idir gnéas agus inscne 

Gender identity and gender expression e-resources for second level schools: Ceapadh na ríomhacmhainní Gender identity and gender expression e-resources for second level schools chun cabhrú le múinteoirí na héagsúlachtaí i measc na bhféiniúlachtaí inscne a thuiscint agus chun tacú leo 

Through the Looking Glass: Acmhainní teagaisc agus foghlama a d’fhorbair Comhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn.

Inscne agus difríochtaí cultúrtha

Féinfheasacht

A bheith inniúil ar chúrsaí sláinte

Taithí na n-inscní difriúla ó thaobh sláinte agus folláine de

Inscne, cumhacht agus údarás

Úsáid agus mí-úsáid substaintí 

Know the score: Rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an tsraith chuimsitheach ceachtanna seo a fhorbairt chun tacú le múinteoirí an fhoghlaim a éascú do scoláirí na sraithe sinsearaí maidir le húsáid agus mí-úsáid substaintí.  Tá na trí fhíseán a ghabhann leis an acmhainn seo agus eolas maidir le hoiliúint le fáil anseo.

 

Faisnéis chúlra:

Eolas maidir le húsáid substaintí agus acmhainní le haghaidh múinteoirí a d’fhorbair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 

Ask about alcohol:Suíomh gréasáin de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar a bhfuil eolas faoin difear a dhéantar don tsláinte agus don fholláine mar gheall ar an alcól.

Drugs and Alcohol Information: Treoir don mhúinteoir ar shubstaintí agus ar úsáid substaintí a thuiscint.

Alcohol and drugs: A parent’s guide

Straight talk: A guide for parents on teenage drinking  

Féinfheasacht agus scileanna pearsanta

Scileanna caidrimh

Bainistíocht struis

Mindout 2: Sraith 12 cheacht le haghaidh daoine óga idir 15–18 mbliana d’aois is ea Mindout 2 a d’fhorbair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun tacú le folláine shóisialta agus mhothúchánach daoine óga. Féachtar le cúig phríomhinniúlacht don fhoghlaim shóisialta agus mhothúchánach a fhorbairt sa tsraith; is iad sin an fhéinfheasacht, an fhéinbhainistíocht, an fheasacht shóisialta, an bhainistíocht caidrimh agus an chinnteoireacht fhreagrach.  Tá tuilleadh eolais agus oiliúna ar fáil ach teagmháil a dhéanamh ar [email protected]

Féinfheasacht agus scileanna pearsanta

Yes Project: Tionscadal a d’fhorbair Obair d’Ógra Éireann chun tacú le OCG i suíomhanna oideachais neamhfhoirmiúla.

Section 1, Activity three Comfort Stretch Panic

 

B4udecide: Forbraíodh B4udecide le haghaidh na sraithe sóisearaí agus tá seans go mbeidh na ceachtanna a liostaítear thíos úsáideach don teagasc agus don fhoghlaim i gcomhthéacs na sraithe sinsearaí chomh maith.

Session 5: Influence of the media  

Session 6:  The Influence of friends

Session 7: Values

Session 8: Making decisions

Session 9: Self-esteem

Caidrimh

TRUST:  Forbraíodh an Acmhainn TRUST mar fhreagairt ar iarratais ó mhúinteoirí agus ó mhic léinn ar ábhair acmhainní Éireannacha nuashonraithe do OCG Rothaíochta Sinsearach.

Section 1: Relationships

 

B4udecide: Forbraíodh B4udecide le haghaidh na sraithe sóisearaí agus tá seans go mbeidh na ceachtanna a liostaítear thíos úsáideach don teagasc agus don fhoghlaim i gcomhthéacs na sraithe sinsearaí chomh maith.

Session 3: Friendships 

Session 4: Healthy friendships

Session 10: Building a relationship

Session 11: Rights and responsibilities in a relationship.

Session 12: Age of consent

Session 13: Relationships Pressures

 

BodyRight: Sraith ceithre cheardlann a d’fhorbair an tIonad Éigeandála um Éigniú, Baile Átha Cliath, chun eolas a scaipeadh faoin bhforéigean gnéis, faoin toiliú, faoin gcomhéigean ar líne agus faoi conas tacú le duine ar a ndearnadh mí-úsáid.

Let’s Get Real: Clár a d’fhorbair an tIonad Éigeandála um Éigniú, Baile Átha Cliath, lena gcuirtear oideachas ar dhaoine óga maidir le hiarmhairtí na meán, an chultúir agus na pornagrafaíochta ar chaidrimh.

Consent – What do I need to know?: Bileog eolais a d’fhorbair an tIonad Éigeandála um Éigniú, Baile Átha Cliath.

Tea and Consent video

Cycling through consent video

Teaching about consent at key stages 3 and 4: (PSHE Association UK)

Sláinte ghnéis agus atáirgthe 

TRUST: Forbraíodh an Acmhainn TRUST mar fhreagairt ar iarratais ó mhúinteoirí agus ó mhic léinn ar ábhair acmhainní Éireannacha nuashonraithe do OCG Rothaíochta Sinsearach.

Section 2: Taking time to think

Section 3: Sexual Health

 

B4udecide: Forbraíodh B4udecide le haghaidh na sraithe sóisearaí agus tá seans go mbeidh na ceachtanna a liostaítear thíos úsáideach don teagasc agus don fhoghlaim i gcomhthéacs na sraithe sinsearaí chomh maith.

Session 15: Teenage Pregnancy

Session 16: Sexually Transmitted Infections

 

Faisnéis chúlra

Talking about Sexual Health: Ceapadh an acmhainn seo chun tacú le hoibrithe óige deiseanna a shainaithint agus a thapú chun comhráite a dhéanamh le daoine óga maidir leis an tsláinte ghnéis agus maidir le conas a bheith slán. 

Sláinte ghnéis agus atáirgthe 

TRUST: Forbraíodh an Acmhainn TRUST mar fhreagairt ar iarratais ó mhúinteoirí agus ó mhic léinn ar ábhair acmhainní Éireannacha nuashonraithe do OCG Rothaíochta Sinsearach.

Lesson 10: Sexual Orientation

 

Faisnéis chúlra

Gender identity and gender expression e-resources for second level schools: Ceapadh na ríomhacmhainní Gender identity and gender expression e-resources for second level schools chun cabhrú le múinteoirí na héagsúlachtaí i measc na bhféiniúlachtaí inscne a thuiscint agus chun tacú leo.

BelongTo: Cuirtear comhairle agus tacaíocht ar fáil do dhaoine óga LADT ar an suíomh gréasáin seo

Transforming the classroom: Supporting Trans Young People in Schools (TENI)

Being LGBT in school: Acmhainn le haghaidh iar-bhunscoileanna chun bulaíocht homafóbach agus thrasfóbach a chosc agus chun tacaíocht a thabhairt do scoláirí LADT.
 

Tuismitheoireacht

Sábháilteacht phearsanta agus cearta pearsanta

Senior Cycle Personal Safety Resource: Acmhainn a d’fhorbair PDST ina bhfiosraítear réimse topaicí lena n-áirítear: Fearg agus coimhlint; Fearg agus foréigean; Teacht ar chomhréitigh agus an choimhlint a láimhseáil; Foréigean teaghlaigh; Foréigean ghnéis; Cúrsaí geandála, an fhoréigean agus an t-éigniú

BodyRight: Sraith ceithre cheardlann a d’fhorbair an tIonad Éigeandála um Éigniú, Baile Átha Cliath, chun eolas a scaipeadh faoin bhforéigean gnéis, faoin toiliú, faoin gcomhéigean ar líne agus faoi conas tacú le duine ar a ndearnadh mí-úsáid.

 

Faisnéis chúlra 

Why is Porn an issue for schools?: Smaointe le haghaidh scoileanna maidir le conas cur chuige leathan réamhghníomhach a chur chun feidhme chun na dochair a dhéantar mar gheall ar phornagrafaíocht fhorleathan agus pornagrafaíocht atá ionsaitheach go minic.

Pornography – What do you need to know?: Bileog eolais a d’fhorbair an tIonad Éigeandála um Éigniú, Baile Átha Cliath. 

It’s Time We Talked: Suíomh gréasáin Astrálach a bhfuil sé mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar an dochar a dhéantar mar gheall ar pháistí agus ar dhaoine óga a bheith in ann teacht ar phornagrafaíocht agus í a fheiceáil. 

 

A bheith inniúil ar chúrsaí sláinte 

 

Uirlis: Uirlis chun suíomhanna gréasáin atá iontaofa agus oiriúnach ó thaobh aoise de a shainaithint.

Spunout.com

BeWiser: Acmhainn gnéasoideachais Iarthar na hÉireann a d’fhorbair Sexual Health West – d’fhéadfaí an suíomh gréasáin seo a athbhreithniú agus a mheas. 

Sexual Wellbeing: Suíomh gréasáin a d’fhorbair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun comhairle agus eolas a chur ar fáil maidir le gach gné den tsláinte ghnéas.

Ós rud é go bhfuil go leor cosúlachtaí idir torthaí foghlama na coda seo den chúrsa OSPS agus torthaí foghlama an chúrsa corpoideachais, rachadh pleanáil chomhpháirteach agus comhordú idir foireann an chorpoideachais agus foireann OSPS go mór chun tairbhe don dá dhream agus iad ag iarraidh a gcuid torthaí foghlama a bhaint amach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.