Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Béarla agus Cumarsáid

Ceapadh an cúrsa seo bunaithe ar an tuiscint gur gá feasacht a mhúscailt sa scoláire ar an úsáid a bhaineann sé féin as teanga agus ar theanga daoine eile chun cumarsáid a fheabhsú. Déantar sin ach staidéar a dhéanamh ar theanga atá in úsáid i bhfíor-chomhthéacsanna cumarsáide. Mar sin moltar cur chuige téacs-bhunaithe. Tagraíonn an téarma ‘téacs’ mar a úsáidtear é ar fud na dtreoirlínte d’aon táirge cumarsáideach, bíodh cumarsáid ó bhéal, i scríbhinn nó ó amharc i gceist. Is féidir cur síos a dhéanamh ar litreacha, tuairiscí, ailt nuachtáin, óráidí, fógraí, scannáin, amhráin, dánta agus úrscéalta mar théacsanna.

Tá an tuairisceoir athbhreithnithe modúil seo a leanas ar fáil don scoláire a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain den Ardteistiméireacht Fheidhmeach i Meán Fómhair 2021.