Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Damhsa

Don chúrsa Oideachas Ealaíon, caithfear dhá mhodúl a chur i gcrích idir Dhamhsa, Dhrámaíocht, Cheol nó Amharc-ealaín nó aon mheascán díobh sin. Tá sé mar aidhm ag na modúil Damhsa an damhsa a nascadh le réimsí eile de clár na hArdteistiméireachta Feidhmí. Tá sé seo níos éasca le Damhsa ná le cúrsaí eile, mar gur féidir an spreagthach do phíosa damhsa a fháil ó aon réimse eile sa chlár.

Trí Chúrsa Damhsa na hArdteistiméireachta Feidhmí faigheann an scoláire taithí ar chruthú agus ar léiriú damhsa agus ar léirthuiscint a bheith aige don damhsa. Forbróidh sé foclóir bunúsach damhsa, roinnt scileanna tobchumadóireachta, taithí cóiréagrafaíochta agus léirthuiscint bhunúsach don damhsa.