Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Staidéar Fóillíochta Gníomhaí

Tá Staidéar Fóillíochta Gníomhaí áirithe anois mar Speisialtóireacht Ghairme san Ardteistiméireacht Fheidhmeach mar thoradh ar an mbéim atá anois á cur ar sholáthar agus ar sheirbhísí fóillíochta sa pobal agus ar an bhfás atá tagtha ar earnáil na fóillíochta mar earnáil seirbhísí. Léiríonn sé freisin an tsuim atá ag óige na hÉireann i gcúrsaí spóirt agus caitheamh aimsire. Déanfaidh an cúrsa seo daoine óga a ullmhú do na deiseanna leathana gairme in earnáil na fóillíochta, m.sh. saoire ghníomhaíochta agus conair oidhreachta. Cuirfidh an cúrsa béim ar luach an spóirt agus na fóillíochta i dtéarmaí sláinte fisiciúla, freagracht as sláinte phearsanta agus mar bhealach le muinín a thógáil.

Is é príomhaidhm an chúrsa na deiseanna fostaíochta nó deiseanna staidéir i dtionscal na fóillíochta atá ag fás a léiriú do dhaoine óga agus saol gníomhach folláin a chur chun cinn trí chúrsa dúshlánach, taitneamhach agus praiticiúil.