Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Sraith Shinsearach

Curaclam na Sraithe Sinsearaí

Féadfaidh an t-oideachas sraithe sinsearaí in Éirinn a bheith dhá bhliain nó trí bliana ar fad. Féadfaidh scoláirí clár Ardteistiméireachta dhá bhliain a dhéanamh nó bliain roghnach bhreise a dhéanamh ag tús na sraithe sóisearaí. An Idirbhliain a thugtar uirthi sin.

Déanann formhór na scoláirí an Ardteistiméireacht ag deireadh na sraithe sinsearaí. Is gnách le scoláirí idir 6 agus 8 n-ábhar a roghnú as liosta ábhar faofa.

Déanann scoláirí a roghnaíonn Gairmchlár na hArdteistiméireachta 6 nó 7 n-ábhar Ardteistiméireachta mar aon le dhá nascmhodúl: Ullmhúchán do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontraíochta.

Déanann scoláirí a roghnaíonn an Ardteistiméireacht Fheidhmeach clár réamhghairme ina bhfuil raon cúrsaí bunaithe ar thrí eilimint: Gairmullmhúchán, Gairmoideachas agus Oideachas Ginearálta.

Athbhreithniú ar Churaclam na Sraithe Sinsearaí

Tá roinnt ábhar Ardteistiméireachta faoi athbhreithniú i láthair na huaire.

Close-up of a student orienteering

Clár Idirbhliana

An chéad bhliain den tsraith shinsearach mar dhroichead idir clár an Teastais Shóisearaigh agus clár na hArdteistiméireachta.

Clár Idirbhliana
Students preparing for their next class

An Ardteistiméireacht Bhunaithe

Clár dhá bhliain atá san Ardteistiméireacht Bhunaithe a bhfuil sé mar aidhm léi oideachas leathan cothrom a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus speisialtóireacht áirithe a thairiscint ag an am céanna ar mhaithe le roghnú gairme.

An Ardteistiméireacht Bhunaithe
Students gathered to study outside on the grass

An Ardteistiméireacht Fheidhmeach

Is clár Ardteistiméireachta dhá bhliain í, a bhfuil d’aidhm léi an scoláire a ullmhú do shaol an duine fhásta agus do shaol na hoibre.

An Ardteistiméireacht Fheidhmeach
Students painting a mural in their community

Gairmchlár na hArdteistiméireachta

Cuimsíonn an clár dhá bhliain seo láidreachtaí acadúla na hArdteistiméireachta mar aon le fócas dinimiciúil ar an bhfoghlaim fhéintreoraithe, ar an bhfiontraíocht, ar an obair agus ar an bpobal.

Gairmchlár na hArdteistiméireachta

Cláir

An Idiirbhliain Gairmchláir na hArdteistméireachta An Ardteistméireacht Fheidhmeach

Ábhar Gaolmhar

Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte Iniúchadh na hIdirbhliana Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí