Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Read More

Curaclam

Tugtar cuntas i gCuraclam na Bunscoile (1999) ar an méid a fhoghlaimíonn páistí agus an tslí ina bhfoghlaimíonn siad sna hocht mbliana bunscoile, ó naíonáin shóisearacha go rang a sé. Seo iad aidhmeanna an churaclaim:

  • an gealladh atá faoi gach páiste a chomhlíonadh ina iomláine
  • dúil sa léinn a chothú i ngach páiste
  • cabhrú le páistí scileanna a shealbhú, a bheidh úsáideach ar feadh a saoil.

Cuirtear an curaclam i láthair i bhfoirm sheacht réimse, agus cuid acu sin roinnte arís ina n-ábhair.  Is iad sin:

  1. An Ghaeilge agus an Béarla
  2. An Mhatamaitic
  3. Oideachas sóisialta, comhshaoil agus eolaíochta (OSCE): stair, tíreolaíocht agus eolaíocht
  4. Oideachas ealaíon: na hamharcealaíona, an ceol agus an drámaíocht
  5. Corpoideachas
  6. Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)
  7. Cúram de chuid fhorais pátrúnachta na scoileanna éagsúla is ea an t-oideachas reiligúnach nó eiticiúil. 

Eolas breise.

Measúnú

Is é atá i gceist leis an measúnú pictiúr a fháil de dhul chun cinn páiste thar thréimhse ama i ngach cuid den churaclam. Bíonn slite éagsúla ag múinteoir chun fianaise leanúnach a bhailiú mar gheall ar an tslí  ina bhfoghlaimíonn daltaí agus faoin méid a fhoghlaimíonn siad.  Baintear úsáid as an bhfianaise sin chun an dalta a mholadh as an méid atá bainte amach, agus chun cinntí a dhéanamh faoi na chéad chéimeanna foghlama eile.

Gheofar tuilleadh eolais mar gheall ar mheasúnú sa bhunscoil in Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do Scoileanna