Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ceol

Trí ábhar atá sa churaclam Oideachas Ealaíon. Ceol, Drámaíocht agus na hAmharcealaíona. Cuireann an curaclam ar chumas páistí smaointe, mothúcháin agus eispéiris a chur in iúl go healaíonta trí mheán an cheoil, na drámaíochta agus na n-amharcealaíon.

Múintear an ceol ó rang na naíonán beag go rang a sé. Tugtar túseolas do pháistí ar conas ceol a léamh agus a scríobh, amhráin a chanadh agus uirlisí ceoil ranga a sheinm.

Tá trí shnáithe idirghaolmhara sa churaclam Ceoil:

  • Éisteacht agus Freagairt
  • Seinm
  • Cumadóireacht.

An curaclam atá ann i láthair na huaire, tugadh isteach é mar chuid de Churaclam na Bunscoile (1999).