Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Stair

Trí ábhar atá san Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíoch: Eolaíocht, Tíreolaíocht agus Stair. Cuireann an OSIE ar chumas páistí tuiscint a fháil ar a dtimpeallacht áitiúil agus ar an  timpeallacht  i gcoitinne, agus taiscéalaíocht agus imscrúdú a dhéanamh ar na timpeallachtaí sin.

Múintear an stair do gach dalta ó rang na naíonán beag go rang a sé. Cuireann an curaclam ar chumas páistí bunscileanna an staraí a fhorbairt trí eolas a chur ar dhaoine, ar imeachtaí agus ar ghluaiseachtaí san am atá imithe thart. 

In dhá chuid a chuirtear an curaclam i láthair:

  • Scileanna
  • Ábhar:
  • Mé féin agus mo theaghlach
  • Scéal
  • Na daoine luatha agus seanscéalta
  • An saol, an tsochaí, an obair agus an cultúr san am atá thart
  • Tréimhsí athraithe agus coimhlinte
  • An pholaitíocht, an choimhlint agus an tsochaí
  • Leanúnachas agus athrú in imeacht ama

An curaclam atá ann i láthair na huaire, tugadh isteach é mar chuid de Churaclam na Bunscoile (1999).